Réigiún Murcia

Tá an comhphobail féinrialaithe de Murcia (Spáinnis: Comunidad Autónoma de la Región de Murcia) suite in iardheisceart na Spáinne idir Andalucía agus Comhphobal Valencia ar cósta na Meánmhara.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilRéigiún Murcia
Región de Murcia (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas
(Region of Murcia) IberianPeninsulaNASA (cropped).jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Localització de Regiòn de Murcia.svg Map
 38°00′N 1°50′W / 38°N 1.83°W / 38; -1.83
Stát ceannasachAn Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairMurcia City (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,518,486 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús134.22 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla11,313 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Airde348 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMacizo de Revolcadores (en) Aistrigh (2,014 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRegion of Murcia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1982
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinCouncil of Government of the Region of Murcia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachRegional Assembly of Murcia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• President of the Region of Murcia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataFernando López Miras (2017–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-MC Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES62 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh30 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincarm.es Cuir in eagar ar Wikidata

Níl ach cúige amháin sa réigiún rud as an ghnáth do réigiúin na Spáinne. De bharr seo oibríonn rialtas na réigiúin agus na comhphobail mar aonad amháin. Is í cathair Murcia príomhchathair na cúige.

Tá teorainn aici le Andalucía (na cúigí Almería agus Granada); Castilla-La Mancha (an cúige Albacete), a bhí ceangaillte go stairiúil le Murcia go dtí an bhliain 1833; Comhphobal Valencia (an cúige Alicante); agus an Mhéanmhuir. Is é Revolcadores (2015 m) an sliabh is mó san ait.

Tá achar 11,313 km² ag an réigiún agus daonra 1.2 million, trian acu ina gcónaí sa phríomhchathair. Tá 48 contae sa réigiún ina measc Los Alcázares, Caravaca de la Cruz, Cartagena, San Pedro del Pinatar agus ar ndóigh Murcia.

Soláthraíonn an réigiún torthaí, glasraí, agus bláthanna don tír agus chuid eile na hEorpa. Tá fíon iontach le fáil in aice na mbailte Bullas, Yecla, agus Jumilla, chomh maith le na hola olóige in aice Moratalla. Go ginearálta, ait teo is ea Murcia agus dá bharr is ait oiriúnach í don talmhaíocht. Is beagán frasaíocht atá ann áfach, agus bíonn soláthar uisce mar fhadhb mór san ait, go háirithe ó thaobh na turasóireachta de. Gan an dara rogha a bheith acu, tógtar uisce ón Río Segura (an abhainn is thruaillithe san Eoraip).

StairCuir in Eagar

Thosaigh na Cartaigh póirt trádála ar an gcósta ag Cartagena, glaodh na Rómhánaigh Carthago Nova uirthi. Cheap na Chartaigh go raibh an Spáinn mar chuid den Impireacht a bhí acu. Bhí Murcia na Rómhánaigh mar chuid den cúige Hispania Carthaginensis. Faoi na Múraigh (a thóg isteach Eolaíocht an uiscithe rud a bhfuil talmhaíocht ag brath ar) glaotar Moors Todmir ar an réigiún, i measc na cathracha a bhí ann bhí Orihuela, Lorca, Mula agus Chinchilla de réir Idrisi sa 11ú haois.

Tháinig an Ríocht neamhsplachas de Murcia i bhfeidhm mar taifa lena lár sa chathair Múrach Murcia tar éis titm Omayyad Caliphate ó Córdoba (11ú haois). Bhí Albacete agus chuid de Almería san áireamh sa Taifa Múrach seo. I ndiaidh Cath Sagrajas sa bhliain 1086 thóg an ríshliocht Almoravid nó taifas go léir nuair a athaontaíodh an Spáinn Moslamach. Ghéill an rí Múrach de Murcia sa bhliain 1243 chuig Ferdinand III Ó Castile. Mar ba gnáth díshealbhaíú na Moslamaigh óna cathair.

Roinn Alfonso X Ó Castilla, an ríocht i trí chuid chun riaracháin na réigiúna a dhéanamh níos éasca.

Gabh Alfonso an réigiún iomláin sa bhliain 1266, agus d'fhán sé mar ríocht vasáilleach go dtí na leasúcháin leis an mbunreacht liobrálach sa bhliain 1812. Leis an córas nua féinrialaithe sa bhliain 1982, rinneadh comhphobal de Murcia.

TeangaCuir in Eagar

Tá an Spáinnis a labhraítear sa réigiún beagáinín difriúil ó áiteanna eile. Faigheann Muircis (nó Panochó) réidh le focail a críochnaíonn le consain agus chuireann sé béim ar foclóireacht áitiúil, tagann a lán den foclóireacht ó sean fhocail Araibis agus Aragóinis. Tá cósúlachtaí idir an canúint i Murcia agus na canúintí eile sa cúige Almería, Andalucía.


Riaracháin agus DaonraCuir in Eagar

 
Learscáil na mBardas
Bardais de réir Daonra (2017)[1]
1.º Murcia 443,243
Cartagena 214,177
Lorca 92,229
Molina de Segura 70,344
Alcantarilla 41,331
Torre-Pacheco 35,198
Cieza 34,987
Águilas 34,758
Yecla 34,092
10º San Javier 31,695

Níl ach 45 bardais insan réigiúin sé sin an réigiúin leis an méid is lú bardais. É sin ráite tá Murcia mar an 7ú mbardas is mó sa tír, tá Cartagena mar an 23ú agus Lorca mar 69ú bardas is mó. Tá mór cheantar uirbeach Murcia mar an 10ú mórcheantar uirbeach sa tír. Tá roinnt desna bardais sách mór agus mar sin bíonn roinnt acu eagraithe mar cheantar bardais. Tá 54 ceantar nó pedaías i mbardas Murcia mar shampla.

Tá 12 chontaetha nó comarcas sa réigiúin nach bhfuil mórán cumhacht acu mar aonaid.

 
Contaetha Murcia

TagairtíCuir in Eagar

  1. Fuente: INE. (22–10–2017).



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
 

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla