Osclóidh seo an príomhroghchlár
United Kingdom of Great Britain
and Northern Ireland
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire
agus Thuaisceart Éireann
Bratach na Ríochta Aontaithe Armas na Ríochta Aontaithe
Bratach Armas
Mana: Ríoga: Dieu et mon droit
(Gaeilge: Dia agus mo cheart)
Amhrán náisiúnta: God Save the Queen
(neamhoifigiúil)
Suíomh na Ríochta Aontaithe
Príomhchathair Londain
51°30′ Thuaidh 0°7′ Thiar
An chathair is mó Londain
Teangacha oifigiúla Béarla (de facto / i ngníomh)1 Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban, An Bhreatnais, Albainis, Albainis Uladh, agus An Choirnis.
Rialtas Monarcacht Bhunreachtúil
(Daonlathas Parlaiminteach)
Banrion Eilís II
Boris Johnson
Comhaontú
18002
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
244,820 km² (79ú)
1.34
Daonra
 • Meas. ó 2011
 • Daonáireamh 2001
 • Dlús
 
62,435,709 (22ú)
58,789,194
243/km² (48ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2006
$2.006 trilliún ()
$35,051 (11ú)
Airgeadra Punt Steirlinn (GBP)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
GMT (UTC+0)
BST (UTC+1)
Fearann Idirlín .uk (GB de réir ISO 3166-1)
Glaochód +44
1Tá stádas oifigiúil reigiúnda ag an Bhreatnais, ag an Ghaeilge, ag Gaeilge na hAlban, ag an Choirnis agus ag an Albainis chomh maith leis sin.

2Thosaigh sí mar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Éireann. Athraíodh an t-ainm go Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i 1927.

Is éard atá i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,[1] ar a dtugtar An Ríocht Aontaithe (RA) agus An Bhreatain fosta (Béarla: United Kingdom of Great Britain and Northern IrelandUnited KingdomUK), ná stát ceannasach atá suite siar ó thuaidh ó chósta Mhór-Roinn na hEorpa. Áiríonn an tír oileán na Breataine Móire, an chuid thoir thuaidh d’oileán na hÉireann, agus go leor oileán níos lú eile. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát eile – Poblacht na hÉireann. Is é Tuaisceart Éireann é an t-aon chuid den RA a bhfuil teorainn talún aige le stát ceannasach eile nuair nach nglactar na Spleáchais (Giobráltar agus Akrotiri agus Dhekelia) san áireamh. Tá teorainn idir Giobráltar agus an Spáinn, chomh maith leis sin tá teorainn ag Akrotiri agus Dhekelia le Poblacht na Cipire agus ag Dhekelia le Poblacht Thuaisceart na Cipire (atá faoi cheannas Turcaigh an oileáin ach nach bhfuil aitheantas idirnáisiúnta aige), agus an Crios Maolánach de chuid na NA a scarann an dá thír ar an oileán. Seachas an teorainn talún seo, bíonn an tAigéan Atlantach thart timpeall na tíre ar fad siar agus ó thuaidh, bíonn an Mhuir Thuaidh ina luí soir, an Mhuir nIocht ó dheas agus Muir Éireann siar.

Is í foirm rialtais na tíre í monarcacht bhunreachtúil le córas parlaiminteach. Is í cathair Londain í an phríomhchathair. Tá 4 thír chomhdhéanaimh sa RA: Tuaisceart Éireann, Alba, An Bhreatain Bheag agus Sasana. [2] Tá fo-rialtais chineachta ag na chéad 3 chinn acu seo, a bhfuil cumhachtaí athraitheacha acu[3][4] bunaithe ina bpríomhchathracha, Béal Feirste, Dún Éideann agus Caerdydd faoi seach. Gaolmhar leis an RA gan a bheith ina gcodanna di atá 3 Spleáchas na Coróine: Geansaí, Geirsí agus Manainn.[5] Tá 14 Chríoch Thar Lear.[6] Is ionann iad seo agus píosa iarmharacha de Impireacht na Ríochta Aontaithe, ina raibh beagnach ceathrú iomlán de dhromchla an domhain ag deireadh an 19ú haois agus toiseacht an 20ú haois. Ba í an Impireacht í an ceann is mó riamh ar domhan. Tchítear tionchar na RA i leitheadúlacht an Bhéarla mar mheán cumarsáide, cultúr na nOileán Briotanach, agus córais dlí i dtíortha ar fud na cruinne.

Is tír fhorbartha í an RA, a bhfuil an cúigiú geilleagar is mó ar domhan aige de réir OTI ainmneach agus an naoú ceann is mó ar domhan de réir Paireachta Cumhacht Cheannaigh. Ba í an chéad tír thionsclaíoch ar domhan í [7] agus an neart is tábhachtaí ar domhan i rith an 19ú haois agus go luath san 20ú haois.[8] Déantar tagairt go seadh don RA mar neart ollmhór agus tá go fóill cumhachtaí ollmhóra aigi i leith na heacnamaíochta, an chultúir, an mhíleata agus na n-eolaíochtaí aici, mar aon le tionchar nach beag go hidirnáisiúnta.[9][10] Is stát núicléach aitheanta é agus caitheann sé an ceathrú caiteachas is mó ar domhan ar chúrsaí míleata. [11]

Tá tuairim is 65 milliún duine ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe: breis is 55 milliún i Sasana, cúig mhilliún in Albain, trí mhilliún sa Bhreatain Bheag agus cúpla milliún i dTuaisceart Éireann.

Rinne Sasana concas ar an mBreatain Bheag i rith na Meánaoise. Chruthaigh Acht an Aontais 1707 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire, agus chruthaigh Acht an Aontais 1800 Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Nuair a bhain Saorstát Éireann a neamhspleáchas amach san fhichiú céad, cruthaíodh Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Is stát aonadach é an Ríocht Aontaithe, rialaithe faoi monarcacht bhunreachtúil agus córas parlaiminteach, lena shuíochán rialtais sa phríomhchathair, Londain.

EacnamaíochtCuir in Eagar

Úsáidtear an punt steirling mar airgeadra sa Ríocht Aontaithe. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Ríocht Aontaithe an 9ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) chothroime cumhachta ceannaíochta (CCC), agus an 5ú ceann de réir OTI ainmniúla. De réir OTI CCC de réir chónaithigh, is an 28ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an Ríocht Aontaithe, é ar $43,620 don chónaitheach.

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an Ríocht Aontaithe an 18ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an 11ú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[12] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an Ríocht Aontaithe an 19ú tír is sona, as 156 thír.

Is í an earnáil seirbhíse (nó an tríú earnáil) an earnáil is mó i ngeilleagair na tíre, agus timpeall ar 80% de phostanna sa Ríocht Aontaithe san earnáil seo.[13] I Mí na Márta 2019, bhí ráta dífhostaithe na tíre ag 3.8%, an seachtú leibhéal is lú san Aontas Eorpach.[14]

TagairtíCuir in Eagar

  1. Sa Ríocht Aontaithe agus sna Spleáchais, aithnítear teangacha eile go dleathach mar theangacha dúchasacha régiúnacha faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. In achan cheann acu seo is é ainm na tíre:
    • Coirnis: Rywvaneth Unys Breten Veur ha Kledhbarth Iwerdhon;
    • Gaeilge: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann;
    • Albainis: Unitit Kinrick o Great Breetain an Northren Irland;
      • Ulster-Scots: Claught Kängrick o Docht Brätain an Norlin Airlann
        Unitet Kängdom o Great Brittain an Norlin Airlann;
    • Gaeilge na hAlban: Rìoghachd Aonaichte na Breatainne Mòire is Èireann a Tuath;
    • Breatnais: Teyrnas Unedig Prydain Fawr a Gogledd Iwerddon
  2. "Tíortha lastigh de thír".
  3. "Titim i líon na mac léinn sa RA". BBC News.
  4. "Foramhairc Tíortha: An Ríocht Aonraithe".
  5. "Bunfhíricí na Ríochta Aontaithe". “The full title of this country is 'the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland'. 'The UK' is made up of England, Scotland, Wales, and Northern Ireland. 'Britain' is used informally, usually meaning the United Kingdom. 'Great Britain' is made up of England, Scotland and Wales. The Channel Islands and the Isle of Man are not part of the UK.”
  6. "Ag Obair le Spleáchais Thar Lear".
  7. Mathias, P. (2001). "{{{title}}}". Londain: Routledge. 
  8. Ferguson, Niall (2004). "{{{title}}}". New York: Basic Books. 
  9. "Tá deis ag Cameron an RA a thabhairt chun bearr a fheabhais in athuair". The Australian.
  10. "Is í an RA an náisiún is cumhachtaí ar domhan". The Independent.
  11. "Na 15 Thír is mó Caithimh i 2011". Military Expenditures.
  12. "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
  13. Lorna Booth (2019-01-11). "Components of GDP: Key Economic Indicators". 
  14. "Unemployment statistics - Statistics Explained". ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2019-01-26.



Comhlathas na Náisiún
  Antigua agus Barbúda  An Astráil

  Na Bahámaí  An Bhanglaidéis  Barbadós  An Bheilís  An Bhotsuáin  Brúiné  Camarún  Ceanada  An Chipir  Doiminice  Fidsí  Gána  Grenada  an Ghuáin  India  Iamáice  An Chéinia  Cireabaití  Leosóta  An Mhaláiv  An Mhalaeisia  Oileáin Mhaildíve  Málta  Oileán Mhuirís  Mósaimbíc  An Namaib  Nárú  Nua-Shéalainn  An Nigéir  An Phacastáin  Nua-Ghuine Phapua  Ruanda  San Críostóir-Nimheas  San Lucia  San Uinseann agus na Greanáidíní  Samó  Na Séiséil  Siarra Leon  Singeapór  Oileáin Sholamón  An Afraic Theas  Srí Lanca  An tSuasalainn  An Tansáin  Tonga  Oileán na Tríonóide agus Tobága  Tuvalu  Uganda  Vanuatú  An tSaimbia