Is tír i seilbh Choróin na Breataine a bhfuil féinriail acu é spleáchas na corónach. Ní Críocha Briotanacha Thar Lear iad, ná baill de Chomhlathas na Náisiún. Faoi láthair, tá trí áit a bhfuil stádas mar Spleáchas na Corónach acu: Oileán Mhanann i Muir Éireann, agus Báillcheantair Gheirsí agus Gheansaí i Muir nIocht.