An Bhreatain Bheag

tír san Eoraip

Tír atá suite ar iarthar oileáin na Breataine í an Bhreatain Bheag Cymru sa mBreatnais. Tá dhá phríomhtheanga ann: an Béarla agus an Bhreatnais (ar a dtugtar freisin an Chomraig[1]); agus sa Bhreatnais tugann muintir na tíre Cymru (fuaimnítear mar "comraí", leis an mbéim ar an gcéad siolla) ar a dtír agus Cymraeg (fuaimnítear mar "comráidhg", leis an mbéim ar an dara shiolla) ar a dteanga. Wales agus Welsh a deirtear i mBéarla. Tá Breatnais ag 20% den daonra, agus úsáideann suas le 10% an teanga ar bhonn rialta.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bhreatain Bheag
Cymru (cy) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnHen Wlad Fy Nhadau Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Cymru am byth!»
«Wales Forever!»
«Long live Wales» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 52°21′N 3°38′W / 52.35°N 3.63°W / 52.35; -3.63
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCaerdydd Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán3,113,000 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús146.72 hab./km²
Teanga oifigiúilan Bhreatnais
Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deNa náisiúin Cheilteacha Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla21,218 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeYr Wyddfa (1,085 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú5 haois
ÉarlamhNaomh Dáibhí Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Breataine Bige Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachTionól Náisiúnta na Breataine Bige Cuir in eagar ar Wikidata
• Céad-Aire na Breataine Bige Cuir in eagar ar WikidataMark Drakeford (en) Aistrigh (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrapunt steirling Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2GB-WLS Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSUKL Cuir in eagar ar Wikidata

Tá 3,125,000 duine ina gcónaí sa tír, dar le meastachán de chuid rialtais na Breataine Bige ó Mhí Iúil 2017.[2] Is é Caerdydd (Cardiff as Béarla) príomhchathair na tíre. I ndeisceart na tíre atá formhór an daonra, mar go ndeachaigh sé ar aghaidh leis an Réabhlóid Thionsclaíoch, mar gheall ar an ngual agus iarainn a fuarthas ann, agus mar gheall ar na calafoirt bhreátha atá sna bailte móra. Tá na trí chathair is mó, Caerdydd, Abertawe (Swansea) agus Casnewydd (Newport), suite i ndeisceart na tíre.

Nóta: Gaeilge na hAlban, "A' Bhreatainn Bheag" = An Bhriotáin[3]

Stair cuir in eagar

Tháinig Iúil Caesar go dtí an Bhreatain i Lúnasa 55 RC, ach níor éirigh leis na Rómhánaigh an Bhreatain a thabhairt faoi smacht go dtí timpeall céad bliain ina dhiaidh sin. Ag an am úd bhí treibheanna Ceilteacha na Breataine Bige rud beag cosúil leis na comharsana a bhí acu i ndeisceart na Breataine i dtaobh an chultúir a bhí acu. Bhí treibh na n-Ordovices ina chónaí i dtuaisceart na Breataine Bige ag an am, agus na Silures sa deisceart.

Ghabh na Rómhánaigh smacht ar dheisceart na Breataine Bige chomh fada le Caerfyrddin (Maridunum). Tá fianaise ann go ndeachaigh siad ní b'fhaide chomh maith agus gur bhain siad Éire amach. Bhí siad gníomhach i dtuaisceart na tíre freisin. De réir finscéil Bhreatnaigh, phós Macsen Wledig nó Magnus Maximus, fear d'impirí deireanacha na Róimhe, Helen, iníon thaoisigh Bhreatnaigh Segontium (Caernarfon inniu).

Níor éirigh leis na hAnglo-Sacsanaigh an Bhreatain Bheag a chur faoi smacht, cé gur bhris siad an ceangal talún a bhí idir an Bhreatain Bheag agus an tír ó thuaidh a bhí faoi smacht na mBriotanach go fóill i ndiaidh cath Chester (Caer as Breatnais) i 615 CE. Is de bharr nirt mhíleata an rí Bhreatnaigh a bhí sé sin, ach freisin de bharr crutha sléibhtiúla na tíre. Thóg Offa, rí Mhercia (ríocht a bhí suite i lár Shasana an lae inniu), port rátha mór as talamh fad an chríche idir an ríocht ab aigesean agus an mBreatain Bheag. Tá codanna de Phórt Rátha Offa le feiceáil inniu fiú.

Níor éirigh an Bhreatain Bheag as a bheith ina tír Chríostach i ndiaidh do na treibheanna Sacsanacha greim a fháil ar Shasana. Chuaigh Naomh Dáibhí ar oilithreacht chun na Róimhe sa séú haois, agus bhí sé ina easpag sa Bhreatain Bheag le fada sular tháinig Austin chun rí Kent a thiontú go Críostachais agus ceantar easpag Canterbury (Caergaint as Breatnais) a chur ar bun. Ach ní dhearna na Breatnaigh iarracht mhór Sasana a thiontú go Críostachas, b'fhéidir de bharr an naimhdis idir an dá thír. Bhí ríthe Breatnacha cosúil le Rhodri Mawr agus Llywelyn ap Gruffydd láidir agus cliste go leor neamhspleáchais na tíre a chosaint.

 
Llywelyn ap Gruffudd, 1267

Ag deireadh na 1060í, tháinig na Normannaigh chun na Breataine Bige agus d'athraigh polaitíocht na tíre. Chuir siad daingneachán teorann ar bun idir an Bhreatain Bheag agus Sasana. Beagán ar bheagán ghabh siad greim ar an Bhreatain Bheag ar fad, beagnach, ach d'éirigh le Gruffydd ap Cynan agus Owain Gwynedd é sin a sheachaint. D'éirigh le Llywelyn Fawr (Llywelyn Mór) an Bhreatain Bheag a aontú. Gairmeadh an garleanbh a bhí aige, Llywelyn ap Gruffydd, mar Phrionsa na Breataine Bige ach lean ríthe Shasana orthu ionsaithe a thabhairt ar an Bhreatain Bheag i rith an ama sin.

Maraíodh Llywelyn ap Gruffydd, prionsa neamhspleách deireanach na Breataine Bige, i gcath Cilmeri sa bhliain 1282 agus ghabh rí Eideard I Shasana greim ar an tír. Thóg Eideard sraith chaisleáin móra chun na Breatnaigh a choinneáil faoi smacht. Is iad Rhuddlan, Conwy, Caernarfon, Biwmares agus Harlech an dream is cáiliúla díobh.

Tharla roinnt éirithe amach in aghaidh rialtas na Sasanach ó dheireadh na 13ú go deireadh na 15ú haoise, le Madog ap Llywelyn (1294-96) agus Llywelyn Bren (1316) mar shampla, agus bhí dúil go bhfillfeadh Owain Lawgoch sna blianta 1370 leis an tír a shaoradh. Rinne Owain Glyndwr éirí amach i 1400 agus gairmeadh é mar Phrionsa na Breataine Bige, ach tháinig an t-éirí amach seo chun críche beagán ar bheagán, fad is a bhunaigh rí Shasana údarás sa tír arís.

 
Léarscáil den taisteal a rinne Anraí Túdar, agus Rhys ap Thomas, tríd an mBreatain Bheag

Ar feadh cuid mhór den 15ú linn tarraingíodh an Bhreatain Bheag isteach i gCogadh na Rósanna, idir Teaghlach Lancaster (Caerhirfryn as Breatnais) agus Teaghlach Eabhrac (EfrogCaerefrog as Breatnais) le haghaidh choróin Shasana. Ach in ainneoin chomh híogair is a bhí an tír, bhí ráchairt mhór ar fhilíocht Bhreatnach, agus uaisle na tíre ag cur tacaíocht leis na filí. Ceann díobh seo ab ea Anraí Tudor, mac Owain Tudur de shliocht Ednyfed Fychain, a bhí ina oifigeach de chuid Llywelyn ap Gruffydd. Tháinig sé go tír i gContae Pheambróg in éineacht le harm Fhrancach. Chuir roinnt Bhreatnach tacaíocht leis agus fuair sé an bua ar Risteard III Shasana ar an 22 Lúnasa 1485 ag Cath Bosworth.

Faoi riail Anraí Tudor, anois Anraí VII Shasana, cuireadh as do na hachtanna pionósacha a chuir rí Shasana ar na Breatnaigh ag tosú na haoise sin. Faoi riail Anraí VIII, a mhac, tugadh Acht an Aontais isteach. Chuir sé seo an córas dlí céanna sa Bhreatain Bheag isteach is bhí i Sasana, agus chuir sé cosc ar úsáid na Breatnaise i saol poiblí na tíre, cé nach raibh ach an teanga sin ag formhór an phobail ag an am. Ainneoin an achta seo, áfach, rinne an chéad aistriúchán ar an mBíobla go Breatnais i 1588, rud a chabhraigh go mór le hathbheochan liteartha a tharla sa Bhreatnais sa tréimhse seo. Ag tosú le Díscaoileadh na Mainistreacha, ar cuireadh tús leis i 1536 agus a tháinig chun deiridh cúig bliana ina dhiaidh sin, d'athraigh an Bhreatain Bheag ó thír Chaitliceach go tír Phrotastúnach i lár glúine nó dhó.

 
Tionól na Breataine Bige, a cuireadh ar bun i 1999

Chonaic an 18ú haois tosú dhá athrú a mbeadh tionchar mór acu ar an mBreatain Bheag: athbheochan Modhachais na Breataine Bige, a rinne gur éirigh an tír go seasta níos neamhaontaí i gcúrsaí creidimh le linn an chéid seo; agus an Réabhlóid Thionsclaíoch. I rith éirí Impireacht na Breataine, chonaic soir-dheisceart na Breataine Bige go háirithe tionsclú gasta agus ardú mór daonra mar thoradh ar an mborradh a tháinig ar na tionscadail guail agus iarainn. Sa 20ú haois, tháinig meath ar thionscadail na Breataine Bige, fad is a tháinig borradh ar an meon náisiúnach agus ar spéis i bhféinchinntiúchán na tíre. Fuair Páirtí an Lucht Oibre an lámh in uachtar ar an bPáirtí Liobrálach mar phríomhfhórsa polaitíochta na tíre sna 1920idí. D'imir an Bhreatain Bheag ról tábhachtach i gCogadh Domhanda I agus i gCogadh Domhanda II araon, agus buamáladh a cuid cathracha go mór i rith an dara ceann díobh sin. Fuair an páirtí náisiúnach Plaid Cymru móiminteam sna 1960idí, agus i reifreann sa bhliain 1997, vótáil an Bhreatain Bheag ar son tionól díláraithe don tír, a chruinnigh don chéad uair sa bhliain 1999.

Teangacha cuir in eagar

Is iad an Bhreatnais agus an Béarla na teangacha oifigiúla. Ar ndóigh, go háirithe ag na himircigh, tá teangacha éagsúla eile á labhairt, an Ghaeilge ina measc.

 
% a bhí ábalta Breatnais a labhairt de réir an daonáirimh sa bhliain 2011.

Forannta náisiúnta cuir in eagar

Contaetha cuir in eagar

Cuireadh ocht gcontae na Breataine Bige ar bun idir na blianta 1974 agus 1996:

Rialtas áitiúil cuir in eagar

Cuireadh na 22 réigiún ar bun sa bhliain 1996, ar mhaithe le rialtas áitiúil.

 

Cathracha cuir in eagar

Tá stádas cathrach ag cúig bhaile sa tír — Caerdydd, Casnewydd, Abertawe, Bangor agus Tyddewi (St David's).

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cadwaladr, Dilys; Jones, T. Hughes; Morgan, Huana; Powell, J. D.; Williams, J. J.; Williams, J. O. (1948). "Sgéalta ó'n gComraig" (as Gaeilge): 55. Oifig an tSoláthair. 
  2. "Statistics and research" (en). GOV.WALES. Dáta rochtana: 2019-08-27.
  3. Rannsaich an Stòr-dàta Briathrachais Gàidhlig - A' Bhreatann Bheag

Naisc sheachtracha cuir in eagar