Contae agus contae caomhnaithe sa Bhreatain Bheag is ea Powys. Ainmníodh an contae i ndiaidh an tiarnais Teyrnas Powys a bhí ina stát comharbais Breatnach, mion-ríocht agus ina bprionsacht a tháinig chun cinn le linn na Meánaoise tar éis mheath réimeas na Róimhe sa Bhreatain.

Infotaula de geografia políticaPowys
Sir Powys (cy) Edit the value on Wikidata
Escut Powys.png
Powis Castle - geograph.org.uk - 1063306.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
Powys in Wales.svg
 52°18′00″N 3°25′00″W / 52.3°N 3.4166666666667°W / 52.3; -3.4166666666667
Stát ceannasachAn Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAn Bhreatain Bheag Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 132,447 (2018) Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 5,180.6804 km² Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Eile

Suíomh gréasáin powys.gov.uk Edit the value on Wikidata

TíreolaíochtCuir in Eagar

Clúdaíonn Powys contaetha stairiúla Sir Drefaldwyn agus Sir Faesyfed, an chuid is mó de Sir Frycheiniog, agus cuid de Sir Ddinbych (stairiúil). Le achar de thart ar 5,200 km2), is é an príomhlimistéar is mó sa Bhreatain Bheag de réir talún agus achair. Tá sé teorantach ó thuaidh le Gwynedd, Sir Ddinbych agus Bwrdeistref Sirol Wrecsam; san iarthar le Sir Ceredigion agus Sir Gaerfyrddin; san oirthear le Swydd Amwythig agus Swydd Henffordd; agus ó dheas le Rhondda Cynon Taff, Bwrdeistref Sirol Caerffili, Bwrdeistref Sirol Merthyr Tudful, Blaenau Gwent, Sir Fynwy agus Castell-nedd Port Talbot.

Is iad na bailte is mó ná Y Drenewydd, Ystradgynlais, Aberhonddu, Y Trallwng, Llandrindod agus Tref-y-clawdd. Tá an dlús daonra is ísle ag Powys as príomhcheantair uile na Breataine Bige. Tá an chuid is mó de Phowys sléibhtiúil agus tá formhór na mbóithre agus na n-iarnród sách mall.

Tá scileanna Breatnaise ag beagán níos lú ná an tríú cuid de na cónaitheoirí: tá lucht labhartha na Breatnaise comhchruinnithe go príomha sna ceantair tuaithe i Machynlleth agus timpeall air, i Llanfyllin agus i Llanrhaeadr-ym-Mochnant (áit ar aistrigh William Morgan an Bíobla iomlán go Breatnais den chéad uair sa bhliain 1588) i Sir Drefaldwyn, agus ceantar tionsclaíochta Ystradgynlais in iardheisceart Sir Frycheiniog. Bhí Sir Faesyfed beagnach go hiomlán galldaithe faoi dheireadh an 18ú haois. Léiríonn taifid dhaonáirimh 2001 go raibh 21% de dhaonra Powys in ann Breatnais a labhairt ag an am sin, mar a bhí sa Bhreatain Bheag ar fad.[1]

BailteCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Welsh Language Board, (díscaoilte sa bhliain 2012), Archived version of the statistics page, 30 March 2012