Is gnách Impireacht na Róimhe a thabhairt ar thréimhse an rialtais uathlathaigh i stair na sibhialtachta sean-Rómhánaí. Tháinig ré na hImpireachta i ndiaidh na Poblachta Rómhánaí, a mhair an leathmhílaois ón mbliain 510 r. Chr. go dtí an aois dheireanach r. Chr. Ba é ba chúis le deireadh na Poblachta ná an lagú a tháinig ar fhorais agus ar thraidisiúin na Poblachta de dheasca na coimhlinte idir Gaius Marius agus Lucius Cornelius Sulla, agus, ina dhiaidh sin, de dheasca an chogaidh chathartha idir Iúil Caesar agus Pompeius. Is féidir tús na hImpireachta a dhátáil go héagsúil. Deir daoine áirithe gur tháinig deireadh leis an bPoblacht nuair a bhain Iúil Caesar amach an bhuandeachtóireacht (44 r.Chr.), ach is féidir a mhaíomh freisin gurbh é an lá ceart an lá ar chloígh Octavianus, oidhre Chaesar, a chuid naimhde i gCath Actium ar an 2 Meán Fómhair 31 r.Chr., nó an lá ar bhronn Seanad na Róimhe an t-ainm úd Ágastas air.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilImpireacht na Róimhe
Imperium Romanum (la)
Βασιλεία τῶν Ῥωμαίων (grc) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósAn Róimh agus Cúige Imperia Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 41°54′N 12°30′E / 41.9°N 12.5°E / 41.9; 12.5

PríomhchathairAn Róimh, Cathair Chonstaintín, Ravenna, Milano agus Rome Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Teanga oifigiúilan Laidin
an tSean-Ghréigis Cuir in eagar ar Wikidata
Reiligiúncreidimh na Sean-Róimhe agus state church of the Roman Empire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn tSean-Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síPoblacht na Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Ágastas Cuir in eagar ar Wikidata
Díscaoileadh17 Eanáir 395
Á leanúint agImpireacht na Róimhe Thiar agus an Impireacht Bhiosántach Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisuathlathas, monarcacht, teatrarcacht agus triúracht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachSenate of the Roman Empire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtaisluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
AirgeadraRoman currency (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aimfitéatar Rómhánach in Pula, sa Chróit

Go bunúsach, is é is brí leis an nath Laidine Imperium Romanum ná "na tailte atá faoi smacht ag an Róimh" - is é sin, tá an focal úd imperium (cumhacht, údarás pearsanta) ag tagairt do na críocha féin atá i gceist. Sroicheann an impireacht a fhad is a thugtar aird ar imperium an Impire. Ó ré Ágastais go dtí an lá ar thit an leath Iartharach den Impireacht as a chéile faoi thionchar Imirce Mhór na Náisiún, Ba í an Róimh an ríocht ba mhó cumhachta, daonra agus achair in Iarthar na hEoráise agus i dTuaisceart na hAfraice. Thosaigh an Róimh ag dul i bhfairsinge i bhfad sular tháinig an mhonarcacht i leaba na poblachta, agus shroich sí barr a fairsinge i ré an Impire Traianus, nuair a cloíodh an Dáicia (i Rómáin an lae inniu) sa bhliain 106. San am sin, bhí timpeall is 5,900,000 ciliméadar cearnacha de thailte faoi smacht na Róimhe. D'fhág an Róimh a sliocht ar chultúr, ar dhlí, ar theicneolaíocht, ar ealaíne, ar theangacha, ar reiligiún, ar rialtas, ar fhórsaí armtha, agus ar ailtireacht na sibhialtachtaí a tháinig i gcomharbas uirthi, agus is féidir a rá go gcaitheann an Róimh a scáth orainn inniu féin.

Scar dhá leath na hImpireachta - leath na Róimhe agus leath Chathair Chonstaintín - as a chéile, agus an bheirt acu ag tabhairt "Impireacht na Róimhe" orthu féin. Go traidisiúnta, glactar leis gur tháinig deireadh le hImpireacht na Róimhe ar an 4 Meán Fómhair 476, nuair a cuireadh Impire deireanach Iarthar na Róimhe, Romulus Augustus nó "Augustulus", as cumhacht, gan aon duine a ghlacfadh an ríchathaoir ina dhiaidh. Mar sin, chuaigh Impireacht Iarthar na Róimhe in éag i rith na cúigiú haoise, ach mhair an leath Oirthearach - an Impireacht Bhiosántach, mar is gnách a thabhairt uirthi inniu - go dtí an bhliain 1453, nuair a chuir na Turcaigh Otamánacha de dhroim an tsaoil í. Choinnigh na Biosántaigh cultúr agus dlí na sibhialtachta Gréagaí agus Rómhánaí beo ina measc, chomh maith leis an gCríostaíocht Heilléineach agus Cheartchreidmheach, ach níor mhair an Laidin ina mbéal, nó b'fhearr leo an Ghréigis, a bhí á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta le fada.

Forbairt na hImpireachta cuir in eagar

Go traidisiúnta, aithníonn na staraithe dhá thréimhse i stair na hImpireachta, is é sin, an Phrionsacht (nó principatus, ón bhfocal princeps, is é sin, "an chéad saoránach"), a mhair ó ré Ágastais go dtí Géarchéim na Tríú hAoise, agus an Tiarnacht (bunaithe ar an bhfocal dominatus, a thagann ó dominus, tiarna), a thosaigh nuair a tháinig Diocletianus i gcumhacht agus a chuaigh in éag le hImpireacht na Róimhe Iartharaí. I mblianta na Prionsachta, coinníodh cuma na poblachta ar an impireacht, agus na forais phoblachtacha i bhfeidhm i gcónaí. Nuair a tháinig an Tiarnacht ar an bhfód, áfach, níor spáráladh ar thaispeántas feiceálach na cumhachta, ar chorónacha óir ná ar dheasghnáthaí impiriúla. Níos deireanaí, shocraigh na staraithe nach raibh an scéal chomh simplí sin: fágadh foirmeacha stairiúla áirithe ó laethanta na poblachta Rómhánaí beo thar na haoiseanna go dtí an Impireacht Bhiosántach féin, agus chuirtí an mhórgacht impiriúil ar taispeántas go galánta i dtús ré na himpireachta féin.

An Chéad Impire: Ágastas cuir in eagar

Ba é Ágastas (Gaius Julius Caesar Octavianus roimh an bhliain 27 r. Chr) an chéad Impire Rómhánach. Bhí sé i réim ó 16 Eanáir 27 RC go dtí 19 Lúnasa AC 14.

Tháinig Ágastas i gcomharbas ar Iúil Caesar. Chuir Ágastas deireadh leis na cogaí cathartha a bhí á gcur sa Róimh ó laethanta Iúil Caesar anuas, agus bhunaigh sé rítheaghlach na Séasar. Thug sé le tuiscint nach raibh sé ach ag iarraidh Poblacht na Róimhe a thabhairt ar ais agus a atógáil, ach le fírinne, is é an rud a rinne sé ná an phoblacht sin a iompú ina himpireacht oidhreachtúil. Bhí sé an-mhaith i mbun riaracháin, agus tháinig rath ar an Róimh. Bhunaigh sé an Garda Praetóireach mar ghardaí pearsanta an impire. Fuair sé bás ar 19 Lúnasa AD 14.

Rítheaghlach Iúil agus Claudius cuir in eagar

Tibir cuir in eagar

Ba é Tibir (Tiberius) an dara himpire. Tháinig Tibir i gcomharbacht ar Ágastas (leanbh uchtaithe de chuid Ágastais ab ea Tibir). Rialaigh sé ó 17 Lúnasa 14 go dtí 16 Márta 37.

Caligula cuir in eagar

Tháinig Caligula i gcomharbacht ar Tiberius ar 16 Márta 37. Nuair a bhí an chéad bhliain dá thréimhse ina Impire ag druidim chun deireanais, tháinig tinneas air, agus deir na staraithe go raibh sé as a mheabhar ina dhiaidh sin. Bhí ráflaí ann ag an am go raibh sé ag bualadh craicinn lena chuid deirfiúracha agus gaireadh bandia dá dheirfiúr Drusilla nuair a fuair sí bás go tobann sa bhliain 38. D'ordaigh Caligula go dtógfaí dealbha de ar fud na hImpireachta, rud a chuir olc ar na Giúdaigh nuair a d'ordaigh sé go dtógfaí ceann díobh i lár an teampaill in Iarúsailéim, de réir scríbhneoireacht Fhíoló Chathair Alastair. Fuair Caligula bás sula bhféadfaí an dealbh sin a thógáil, áfach. Bhí achrann ann idir é féin agus an Seanad, agus tháinig rudaí go cnámh na huillinne nuair a d'fhógair Caligula go bhfágfadh sé an Róimh agus go gcuirfeadh sé faoi go buan i gCathair Alastair san Éigipt, áit ina raibh súil aige go ndéanfaí adhradh dó mar dhia beo. Géarchéim pholaitiúil a bhí ann don Seanad, toisc go gcuirfeadh a leithéid seo a gcuid cumhachta, cumhacht an Gharda Phraetóirigh agus cumhacht pholaitiúil na Róimhe féin i mbaol lagaithe. Níor bhain Caligula Cathair Alastair amach. Cuireadh deireadh lena réimeas ar 24 Eanáir AC 41, nuair a maraíodh é ag an nGarda Praetóireach, a bhí faoi cheannas ag Cassius Chaerea.

Cláidias cuir in eagar

Ba uncail le Caligula agus garmhac dheirfiúr Ágastais é Cláidias (Claudius). Cuireadh i réim é ag an nGarda Praetóireach, seachas an Seanad, ar an 24 Eanáir 41, an lá céanna a maraíodh Caligula. Bhí sé an-mhaith i mbun riaracháin. Ba é lena linn féin mar Impire a tosaíodh gabháltas rathúil na Rómhánach ar an mBreatain. Fuair sé bás ar 13 Deireadh Fómhair 54.

Nearó cuir in eagar

Ba é Nearó, nó Nero Claudius Caesar Augustus Germanicus, a saolaíodh faoin ainm Lucius Domitius Ahenobarbus, ar a dtugtaí Nero Claudius Caesar Drusus Germanicus freisin, (15 Nollaig 37 - 9 Meitheamh 68) an cúigiú hImpire ar Impireacht na Róimhe. Tá clú air mar gheall ar an bhfinscéal gur sheinn sé ar an bhfidil agus an Róimh ag dul trí thine. Thairis sin, bhí sé ar dhuine de na hImpirí ba mhó a rinne géarleanúint ar na Críostaithe i stair na hImpireachta. Bhí sé i réim ó 13 Deireadh Fómhair 54 go dtí 9 Meitheamh 68.

Ceannaircí agus Bliain an Cheathrair Impirí cuir in eagar

Thosaigh cogadh cathartha san impireacht. Chuir Nearó lámh ina bhás féin sa bhliain 68. Sa bhliain 69, bhí an Impireacht faoi smacht ag Galba, Otho, Vitellius agus Veaspáisian i ndiaidh a chéile. Mar sin, tugtar Bliain an Cheathrair Impirí ar 69.

Rítheaghlach Flavius cuir in eagar

Veaspáisian cuir in eagar

Nuair a tháinig deireadh le Bliain an Cheathrair Impiri, bhí an Impireacht faoi smacht ag Vespasianus, agus d'éirigh leis deireadh a chur leis an gcogadh cathartha.

Titus cuir in eagar

Ba mhac le Vespasianus é Titus. Chuir sé deireadh le héirí amach na nGiúdach sa bhliain 70. Nuair a cailleadh Vespasianus sa bhliain 79, tháinig Titus i gcomharbacht air. Ar an 24 Lúnasa sa bhliain sin, bhrúcht Sliabh Vesuvius agus cailleadh a lán daoine sa cheantar máguaird. Tháinig tinneas ar Titus sa bhliain 81, agus fuair sé bás.

Domitianus cuir in eagar

Ba dheartháir le Titus é Domitianus. Ba rialtóir tiarnúil é. Feallmharaíodh Domitianus sa bhliain 96.

Rítheaghlach Antoninus cuir in eagar

Nerva cuir in eagar

Nuair a maraíodh Domitianus, gaireadh Impire de Nerva. Comhairleoir de chuid Domitianus a bhí ann. Bhí sé 65 bliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin sa bhliain 96, agus fuair sé bás i mí Eanáir 98.

Traianus cuir in eagar

Rugadh Traianus sa Spáinn. Ginearál den scoth a bhí ann, agus cheap Nerva Traianus mar chomharba sular cailleadh é. Gaireadh "Optimus Princeps" (an rialtóir is fearr) de.

Hadrianus cuir in eagar

Spáinneach ba ea Hadrianus, agus bhí gaol aige le Traianus. Phós sé Vibia Sabina, garneacht de chuid Traianus, agus tháinig sé i gcomharbacht ar Traianus. Riarthóir maith a bhí ann.

Antoninus Pius cuir in eagar

Roghnaigh Hadrianus Antoninus Pius mar chomharba, agus tháinig sé i gcoróin sa bhliain 138 Bhí an Róimh faoi shíocháin le linn a ré. Cailleadh Antoninus Pius sa bhliain 161.

Marcus Aurelius agus Lucius Verus cuir in eagar

Bhí gaol ag Marcus Aurelius agus Lucius Verus le Hadrianus agus Antoninus Pius, agus d'uchtaigh Antoninus iad. Tháinig siad i gcomharbacht air, ach tháinig tinneas ar Verus sa bhliain 169 agus fuair sé bás. Fealsamh Stóch ab ea Marcus Aurelius. Bhí cogaí á gcur ar theorainn na himpireachta le linn a ré, mar bhíodh na "barbaraigh" ag sárú teorainneacha.

Commodus cuir in eagar

Ba mhac le Marcus Aurelius é Commodus. Dar leis na staraithe, tháinig deireadh le ré órga an Pax Romana le linn a ré. Feallmharaíodh Commodus sa bhliain 192.

Rítheaghlach Severus cuir in eagar

Gaireadh impire de Septimus Severus sa bhliain 193. Bhí a lán iarrthóirí ann, agus bhí cogaí cathartha á gcur san impireacht ó 193 go 197, ach nuair a tháinig deireadh leis na cogaí, bhí an impireacht faoi smacht ag Septimus Severus. Bhunaigh sé rítheaghlach nua, a mhair ó 193 go 235, cé go raibh a lán géarchéimeanna polaitiúla ar siúl.

Géarchéim na Tríú hAoise cuir in eagar

Ar éigean nár tháinig deireadh leis an Impireacht le linn na tréimhse seo (idir 235 agus 284). Bhí cogaí, géarchéimeanna eacnamaíochta, plánna agus galair ar siúl.

Críochdheighilt na hImpireachta cuir in eagar

Dióicléitiánas cuir in eagar

D'éirigh le Dióicléitiánas (Diocletianus) deireadh a chur le Géarchéim na Tríú hAoise. Tháinig sé i gcoróin sa bhliain 284. Cheap sé go raibh an impireacht rómhór, agus mar sin chuir sé tús le críochdheighilt na himpireachta. Tharraing sé siar ó chúrsaí an rialtais sa bhliain 305, agus fuair sé bás sa bhliain 311.

Clann Chonstaintín cuir in eagar

Chuir Constaintín I (Constaintín Mór, a saolaíoch faoin ainm Flavius Valerius Constantinus) deireadh leis na cogaí cathartha a bhí á gcur san impireacht. Ba é Constaintín I an chéad impire a d'iompaigh ina Chríostaí, agus bhí líon na gCríostaithe ag dul i méid as sin amach. Bhunaigh sé príomhchathair nua in impireacht an Oirthir, Cathair Chonstaintín. As sin amach, ba í an Róimh príomhchathair an Iarthair agus ba í Cathair Chonstaintín príomhchathair an Oirthir. Cailleadh Constaintín sa bhliain 337.

Rítheaghlach Valentinianus cuir in eagar

Tháinig Valentinianus Mór i gcoróin sa bhliain 364, agus bhunaigh sé ríshliocht nua. Cailleadh Valentinianus sa bhliain 375. Tháinig meath ar an impireacht arís i ndiaidh a lae, agus brú ar theoireannacha na himpireachta. Ba é ríshliocht Valentinianus a bhí ag rialú an Iarthair ó 364 go 392 agus ag ríalú an Oirthir ó 364 go 378.

Athaontú faoi Theodosius cuir in eagar

Ba é Theodosius Mór an t-impire deireanach a bhí ag rialú na hImpireachta uile, idir oirthear agus iarthar. Fuair sé bás sa bhliain 395, agus tháinig meath ar an iarthar arís i ndiaidh a lae. Chreach Alaric, rí na nGotach, cathair na Róimhe sa bhliain 410.

Deireadh na Róimhe Iartharaí cuir in eagar

Go traidisiúnta, glactar leis gur tháinig deireadh le hImpireacht na Róimhe ar an 4 Meán Fómhair 476, nuair a cuireadh Impire deireanach Iarthar na Róimhe, Romulus Augustus nó "Augustulus", as cumhacht, gan aon duine a ghlacfadh an ríchathaoir ina dhiaidh. Gaireadh Rí na hIodáile de shaighdiúir barbarach, Odoacer.

Impireacht an Oirthir - an Impireacht Bhiosántach cuir in eagar

Chuaigh Impireacht Iarthar na Róimhe in éag i rith na cúigiú haoise, ach mhair an leath Oirthearach - an Impireacht Bhiosántach, mar is gnách a thabhairt uirthi inniu - go dtí an bhliain 1453, nuair a chuir na Turcaigh Otamánacha de dhroim an tsaoil í. Choinnigh na Biosántaigh cultúr agus dlí na sibhialtachta Gréagaí agus Rómhánaí beo ina measc, chomh maith leis an gCríostaíocht Heilléineach agus Cheartchreidmheach, ach níor mhair an Laidin ina mbéal, nó b'fhearr leo an Ghréigis, a bhí á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta le fada.

Teanga cuir in eagar

Ba í an Laidin príomhtheanga na Róimhe féin, agus ar fud an iarthair, ach bhí an Ghréigis tábhachtach san Impireacht freisin. Bhí an-mheas ag na Rómhániagh ar stair agus cultúr na nGréagach cé go raibh an Ghréig faoi chois acu, agus bhí an Ghréigis á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta. Ba í an Ghréigis príomhtheanga na mBiosántach.

Oidhreacht cuir in eagar

Bhí tionchar ollmhór ag Impireacht na Róimhe ar stair an domhain, mar shampla teanga, litríocht, rialtas, dlíthe, ailtireacht, innealtóireacht, leigheas, spórt, ealaíona, eolaíocht.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar