Vitellius
Impire Rómhánach ab ea Vitellius (24 Meán Fómhair, 32 RC - 22 Nollaig, 69) nó Aulus Vitellius Germanicus Augustus. Amplóir, cearrbhach agus tíoránach ba ea é chomh maith.
Vitellius | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||
Aibreán 17, 69 - Nollaig 20, 69 ← Otho - Veaspáisian → | |||||||
Saol | |||||||
Eolas breithe | Nuceria (en) ![]() | ||||||
Náisiúntacht | An tSean-Róimh | ||||||
Bás | An Róimh, 22 Nollaig 0069 | ||||||
Cúis bháis | dúnmharú (summary execution (en) ![]() | ||||||
Muintir | |||||||
Athair | Lucius Vitellius the Elder | ||||||
Máthair | Sextilia | ||||||
Céile/Céilí | Petronia (en) ![]() Galeria Fundana (en) ![]() | ||||||
Páistí | liosta iomláin | ||||||
Siblíní | liosta iomláin | ||||||
Gairm | |||||||
Gairm | polaiteoir agus saighdiúir | ||||||
Cleamhnú | |||||||
Reiligiúin | creidimh na Sean-Róimhe |
RéimeasCuir in Eagar
CúlraCuir in Eagar
Sa bhliain 68, d'éirigh na míleataigh amach in aghaidh Nearó. Chuir an t-impire lámh ina bhás féin ansin, de rogha ar an gcur chun báis a bhí i ndán dó. Thum an Impireacht i gcogadh cathartha ar feadh bliana, a dtugtar Bliain na gCeithre Impirí air.
ComharbasCuir in Eagar
Tar éis bás tapa na n-impirí Galba (Laidin: Servius Sulpicius Galba Caesar Augustus), Otho (Laidin: Marcus Salvius Otho Caesar Augustus), a bhí i gcomharbas ar a chéile, ceapadh Vitellius (laidin: Aulus Vitellius Germanicus Augustus) ina Impire in Aibreán na bliana 69.
Coup agus anbhásCuir in Eagar
Ní raibh Vitellius i gcumhacht ach ar feadh cúpla mí. Cuireadh as oifig é le linn coup d’état i “mBliain na gCeithre Impirí”.
Tháinig Vespasian i gcomharbacht air. Ach thacaigh Vespasian le Vitellius ar dtús.[1] Tamaill ina dhiaidh, d'fhógair na hairm san Éigipt agus Iúdáia Vespasian mar impire ar an 1 Iúil.
Ina iarracht chun chumhacht a bhaint amach, nasc Vespasian a fhórsaí le Mucianus, gobharnóir na Siria, agus le Primus, ginearál i bPannonia, agus mháirseáil sé ar an Róimh.[1]
Treoraigh Primus agus Mucianus fórsaí na bhFlaiviach i gcoinne Vitellius. Ar an 20 Nollaig 69, briseadh ar Vitellius, agus an lá dár gcionn dhearbhaigh an Seanad Vespasian ina Impire Rómhánach.
Céasadh Vitellius agus fuair sé anbhás.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 examinations.ie/ (2010). "AN ARDTEISTIMÉIREACHT 2010, Laidin". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.