Néaró

impire na Sean-Róimhe
(Athsheolta ó Nearó)

Ba é Néaró,[1]Nero Claudius Caesar Augustus Germanicus, a saolaíodh faoin ainm Lucius Domitius Ahenobarbus, ar a dtugtaí Nero Claudius Caesar Drusus Germanicus freisin, (15 Nollaig, 37 - 9 Meitheamh, 68) an cúigiú hImpire ar Impireacht na Róimhe.

Néaró
Nero pushkin.jpg
Consal Rómhánach


Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe


Impire Rómhánach

Deireadh Fómhair 13, 54 - Meitheamh 9, 68
Cláidias - Galba
Saol
Ainm iomlánLucius Domitius Ahenobarbus
Eolas breitheAntium, 15 Nollaig 0037
NáisiúntachtAn tSean-Róimh
Áit chónaitheDomus Aurea (en) Aistrigh
BásAn Róimh, 9 Meitheamh 0068
Áit adhlacthaQ3955643 Aistrigh
Cúis bháisconsensual homicide (en) Aistrigh (easfhuiliú)
Muintir
AthairGnaeus Domitius Ahenobarbus, Cláidias
MáthairAgrippina the Younger
Céile/CéilíPythagoras (en) Aistrigh
Sporus (en) Aistrigh
Claudia Octavia  (53 -  62)
Poppaea Sabina (en) Aistrigh  (62 -  65)
Statilia Messalina (en) Aistrigh  (66 -  Meitheamh 9, 68)
Páirtí/PáirtitheClaudia Acte (en) Aistrigh
Páistí
liosta iomláin
Teaghlach
liosta iomláin
TreibhJulio-Claudian dynasty (en) Aistrigh
Domitii Ahenobarbi (en) Aistrigh
Claudii Nerones (en) Aistrigh
Oideachas
TeangachaAn Laidin
Gairm
Gairmfile, polaiteoir agus saighdiúir
Cleamhnú
Reiligiúincreidimh na Sean-Róimhe

Tá clú ar Néaró mar gheall ar an bhfinscéal gur sheinn sé ar an bhfidil agus an Róimh ag dul trí thine. Thairis sin, bhí sé ar dhuine de na hImpirí ba mhó a rinne géarleanúint ar na Críostaithe i stair Impireacht na Róimhe.

RiailCuir in Eagar

Bhí Néaró ag rialú na Róimhe sna blianta 54-68, agus é ag díriú ar chúrsaí taidhleoireachta, trádála agus cultúir ach go háirithe.

 
Nero agus a mháthair, Agrippina (Antonio Rizzi)

Tá sé de chlú ar Néaró gur chaith sé an chuid ba mhó dá am ag útamáil le ceoltóireacht, ag marú Críostaithe agus ag bualadh craicinn le fir is le mná, gan trácht a dhéanamh ar mharú a mháthar féin (Agrippina).

Tá an tuiscint seo bunaithe ar scríbhinní Suetonius, Cassius Dio, agus Tacitus, nach raibh mórán bá ag aon duine acu le Néaró . Tá foinsí ann, áfach, a thugann le fios go raibh an-luiteamas ag cosmhuintir na Róimhe le Néaró .

 
An finscéal gur sheinn Nearó ar an bhfidil agus an Róimh ag dul trí thine. (Quo Vadis, ag M. de Lipman, Altemus 1897).

Géarleanúintí na gCríostaitheCuir in Eagar

Maidir leis na staraithe Críostaí, is é an bharúil a bhí acusan riamh gurbh é Néaró a chuir tús le géarleanúintí na gCríostaithe sa Róimh. De réir na bhfinscéalta Críostaí, cuireadh beirt Aspal, mar atá, Peadar agus Pól, chun báis nuair a bhí Néaró sa ríchathaoir. Bhain an scríbhneoir Polannach Henryk Sienkiewicz leas as an scéal seo ina mhórúrscéal Quo vadis, a thabhaigh Duais Nobel na Litríochta dó sa bhliain 1905. Úrscéal stairiúil atá ann agus é suite sa Róimh le linn Néaró.

 
Géarleanúintí na gCríostaithe: "Torches of Nero" (Henryk Siemiradzki, circa 1876)

FéinmharúCuir in Eagar

Sa bhliain 68, d'éirigh na míleataigh amach in aghaidh Néaró.

Chuir an t-impire lámh ina bhás féin ansin, de rogha ar an gcur chun báis a bhí i ndán dó.

 
Airgead

Thum an Impireacht i gcogadh cathartha ar feadh bliana, a dtugtar Bliain na gCeithre Impirí air. Tháinig Vespasian i gcomharbacht ar Néaró faoi dheireadh.

PiseogaCuir in Eagar

Chuaigh géarleanúintí Néaró go mór mór i bhfeidhm ar na Críostaithe comhaimseartha.

 
Vasiliy Smirnov, La morte di Nerone (1888)

In Apacailipsis Eoin, luaitear beithíoch agus marc an bheithígh, agus deirtear gurb é 666 uimhir an bheithígh. Cé gurb iomaí ciall is féidir le lucht an mhisteachais a bhaint as an uimhir sin, is é an tuiscint atá ag an Eaglais gur tagairt do Néaró a bhí ann.

 
Neron Kesar (666)

Is amhlaidh gur féidir úsáid na n-uimhreach a bhaint as na litreacha Eabhraise, agus má scríobhtar an t-ainm NERON síos sna litreacha sin, is féidir é a chiallú mar "666".

TagairtíCuir in Eagar

  1. “Néaró” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2022-09-21.