Ba é Naomh Síomón Peadar ceannaire na n-aspal ag Íosa Críost. Rugadh é i mBeitsaide na Gailíle timpeall am Chríost. Bhí sé ina iascaire nuair a ghlaoigh Críost air agus a dheartháir Aindriais, a bhíodh ina dheisceabal Eoin Baiste roimhe. Tá pictiúr níos iomláine againn ar Pheadar ó na ceithre shoiscéal nó mar atá ar na haspail eile. Cé go suntasach gurbh eisean an ceannaire ar an dáréag, shéan sé a mháistir faoi thrí le linn na páise.

Naomh Peadar
Pope-peter pprubens.jpg
easpag Caitliceach


An Dá Aspal Déag


1. Pápa

33 - 67
← no value - Naomh Líneas
Patriarch of Antioch (en) Aistrigh

37 - 54
← no value - Evodius (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithe Bethsaida (en) Aistrigh, 1
Áit chónaithe Iarúsailéim
Aintíoch
An Róimh
Capernaum (en) Aistrigh
Bás Rome (ancient city) (en) Aistrigh, 67
Áit adhlactha Vatican Necropolis (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás pionós an bháis (céasadh)
Muintir
Céile/Céilí wife of Saint Peter (en) Aistrigh
Siblíní
Teaghlach
Múinteoirí Íosa Críost
Gairm
Gairm sagart agus iascaire
Áit oibre An Róimh
Féile
29 Meitheamh
Creideamh
Reiligiúin An Chríostaíocht

Tar éis aiséirí agus deasgabháil Íosa Críost, ghlac Peadar ceannaireacht ar an Eaglais. Dar le Caitlicigh, b'eisean an chéad Pápa a bhí ann. Úsáidtear, i measc nithe eile, an téacs ó Mhatha 16:18-19 ina dtugtar eochracha Ríocht na bhFlaitheas dó le n-é sin a chosaint. Cé go n-aontaíonn Ceartchreidmhigh leis sin, ní aontaíonn siad gur ionann sin agus an suíomh atá ag Pápa na Róimhe anois. Ní dhéanann Protastúnaigh an ceangal céanna.

D'imigh Peadar go hAntioch go luath i ndiaidh aimsir Ghníomhartha na nAspal agus b'eisean an chéad easpag ann. Ó shin, d'imigh sé chun na Róimhe, inár bhunaigh sé an Eaglais ansin. Céasadh é bun os cionn sa bhliain 67 i nGearleanúint na gCríostaithe in aimsir an Saesar Nero tar éis tine mhór na Róimhe. Insítear scéal faoin eachtra seo ar a thugtar Quo vadis? Cuireadh Naomh Pól chun bás sa Róimh ag an am céanna. Tháinig Naomh Línus i gcomharbacht air mar Phápa.