Ba sheanmóirí agus fear naofa mór le rá é Eoin Baiste (Eabhrais: יוחנן המטביל, Yo-hanan ha-matbil, Araibis: يحيى‎ Yaḥyá or يوحنا Yūḥannā, Aramais: ܝܘܚܢܢ Yokhanan) a fuair bás timpeall AD 28-32. Féachann Críostaithe agus Moslamaigh araon ar Eoin Baiste mar fáidh tábhachtach.

Eoin Baiste
Accademia - St John the Baptist by Titian Cat314.jpg
fáidh

Saol
Eolas breitheEin Karem (en) Aistrigh, thart ar 4 BC
Áit chónaitheJudaean Desert (en) Aistrigh
Grúpa eitneachna Giúdaigh
BásMachaerus (en) Aistrigh, thart ar 32
Áit adhlacthaNabi Yahya Mosque (en) Aistrigh
Cúis bháis (dícheannadh)
Muintir
AthairZachairias
MáthairEiliosaibeit
Oideachas
TeangachaJewish Palestinian Aramaic (en) Aistrigh
Mic léinnÍosa stairiúil
Gairm
GairmDíthreabhach
Áit oibreAn Phalaistín
Féile
24 Meitheamh
Cleamhnú
ReiligiúinAn Chríostaíocht

SaolCuir in Eagar

Máthair Eoin Baiste, bean chéile Zacairiá, ab ea Eilís nó Eiliosaibeit.[1] Ba chol ceathrair iad Muire agus Eiliosaibeit.[2]

BaisteadhCuir in Eagar

'Tháinig Eoin ag baisteadh san fhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh. Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí. Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige.'[3]

Bhaist sé Íosa Críost féin ann.

TreoraíCuir in Eagar

Ba ea é ról Eoin Baiste ná bóthar an Tiarna a dhéanamh díreach agus seasamh i leataobh ansin.[4][5]

Dhearbhaigh Eoin go raibh apacailipsis naofa ag teacht, agus mar thoradh bhí gá le gach duine a bheith ullmhaithe.

'Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.'[6]

BásúCuir in Eagar

'nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a d’iarrfadh sí a thabhairt di. Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: "Tabhair dom anseo ar mhias," ar sise, "ceann Eoin Baiste." Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d’ordaigh sé an aisce a thabhairt di, agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún. Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é. Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha'.[7]

NósannaCuir in Eagar

 
Stort bål sankthans sa Danmhairg

Ceiliúrtar breith Eoin Baiste ar an 24 Meitheamh. Is sean fhéile págánach í, le tinte cnámha in onóir na gréine.

 
Breith Eoin le Francisco Meneses Osorio (1630–1705)

Ceiliúrtar lá fhéile Eoin Baiste ar an 29 Lúnasa. Bhain draoi as Éirinn, Mogh Ruith, an ceann de, creid nó ná creid,

FoinsíCuir in Eagar

 
Bású Eoin, le Spyridon Gazis (1835-1920)

De réir Soiscéal Lúcáis 1:57-66, 80[8], rugadh Eoin do bhean a bhí aimrid agus í anonn sna blianta:

"Tháinig a hionú d'Eiliosaibeit agus rug sí mac. Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi... Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias. Ach labhair a mháthair agus dúirt: "Ní hea, ach glaofar Eoin air." .. Bogadh [Eoin] a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé. Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: "Cad is dán don leanbh seo, mar sin?"

EalaínCuir in Eagar

Léiríonn ealaíontóirí Eoin Baiste go minic le lámh amháin sínte i dtreo Íosa. Meabhraíonn an íomhá dúinn páirt Eoin sa soiscéal. Léiríonn an íomhá freisin féintuiscint Eoin.[9]

  • 'Eoin Baiste', de chuid Titian sa bhliain 1540.[10]
  • Tá ‘The Visitation’, le feiceáil san Eaglais Naomh Peadair & Phóil i mBaile Brigín, i measc na saothar is fearr a chruthaigh Harry Clarke.[11] Léirítear uirthi cuairt Mháire ar a col ceathrar Eilís, máthair Eoin Baiste.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Matha 11:7-14; Lúcás 1:5-25, 57-79; Íseáia 40:3; Malaicí 3:1
  2. education.dublindiocese.ie. "Beo go Deo 2 / Tearma 1: Ceacht 13". Dáta rochtana: 2021.
  3. "Marcas 1:4-6 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
  4. "Eoin 1:35-40 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
  5. "Eoin 1:19-28 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
  6. "Matha 3:1-12 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
  7. "Matha 14:1-12 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
  8. "Lucás 1:57-66, 80 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
  9. "Eoin 1:29-34 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-08-29.
  10. "Saint John the Baptist (Titian)" (as en) (2020-01-05). Wikipedia. 
  11. "Fuinneoga Harry Clarke" (ga). Fingal County Council. Dáta rochtana: 2021-08-29.