Baile Brigín
Is sráidbhaile i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, é Baile Brigín (Balbriggan as Béarla). Tá an baile cósta seo suite 32 ciliméadar ó Bhaile Átha Cliath i gceantar riaracháin Chontae Fhine Gall.
![]() | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Baile Brigín (ga) ![]() | |||||||||||
![]() ![]() | |||||||||||
| |||||||||||
Suíomh | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
Daonra | |||||||||||
Iomlán |
21,722 (2016) ![]() | ||||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||||
Airde |
6 m ![]() | ||||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||||||||
Eile | |||||||||||
| |||||||||||
Láithreán gréasáin |
balbriggan.ie ![]() |
DaonraCuir in Eagar
Thainig fás as cuimse ar an daonra ag tús na 21ú haois mar bhí méadú tobann ar an éileamh ar thithíocht timpeall cheantar Baile Átha Cliath. Mhéadaigh an Pobal uirbeach ó 6,731 i 2006 go dtí 8,114 i 2016.[1] Mhéadaigh an Pobal na tuaithe ó 9,615 i 2006 go dtí 16,479 i 2016.[1] Tá daonra 24,611 i mBaile Brigín ach tá daonra lonnaíocht 21,722 sa daoináireamh na hÉireann 2016.[1]
Stair na háite :Cuir in Eagar
An tréimhse neoliteachCuir in Eagar
Ó shin An tréimhse Neoliteach, suíomh den scoth is ea Baile Brigin i gcomhair lonnaíocht.
Rinneadh mionstaidéar seandálaíochta roimh an tógadh eastát tithíochta in aice le Lána na Gráige.[2] Aimsigh said ar fhianaise nua ó ré Neoiliteach, Aimsigh siad fothrach ó theach Neoiliteach.[2] Seo an áit a bhféadfadh ar chéad fheirmeoirí a bheith ina gcónaí 5000 bliain ó shin.[2] Rinneadh an teach as plancanna agus bhí sé sé mhéadar ar leithead.[2]
Ré na meánaoiseCuir in Eagar
Togadh Caisleán Bhrí Mhór sa 14ú haois.[2] Bhí na teaglach Barnwell ina gconaí sa chaisléan seo sa bhliain 1567. Bhí gairdiní, ocht tionóntán, úllord agus pairc ann.[2] D’ionsaigh an caisléan le linn Cogadh na hAon-déag mBliana i rith na 1640s.[2] Rinneadh mionstaidéar seandálaíochta sa pháirc in aice leis an gcaisléan agus aimsigh said caor gunna mór is dócha a bhain san ionsaí.[2]
18ú haoisCuir in Eagar
Sa tréimhse seo, is sráidbhaile iascaireachta ab ea Baile Brigín. Chuir úinir talún George Hamilton in aithne an tionscal déantúsaíocht.[3] Thog sé monarchana agus d’fheabhsaigh sé an cuan tríd an gcé a thógáil.[3] Cuireadh críoch leis an gcé sa bhliain 1763.[3]
19ú haoisCuir in Eagar
Is baile cuain agus sráidbhaile margadh agus post é. [3] tréimhse seo bhí an daonra 3,016 i mBaile an Ridire Thoir.[3] Sa tréimhe seo, bhí margadh ar siúl gach Luan agus bhi aonach eallach ar siúl sna míonna Aibreán agus Meán Fómhair.[3] Tógadh teach margadh sa bhliain 1811.[3]
Imeachtaí staireCuir in Eagar
Tharla Cath meánaoiseach i mBaile Brigín sa bhliain 1329.[3] Chuaigh William III ag campáil i mBaile Brigín tar éis Cath na Bóinne i mhí Iúil 1690.[3] Tharla Sack of Balbriggan i mhí Mean Fomhair 1920.[3] D’ionsaigh na Dúchrónaigh an sráidbhaile Baile Brigín agus mar thoradh scriosadh caoga a ceathair na dtithe, monarcha góiséireachta agus lootadh ceithre teach tábhairne.[3]
TíreolaíochtCuir in Eagar
Is í an Aibhine a théann trí Bhaile Brígin. Is abhainn bheag í. Tá an abhainn suite taobh ó thuaidh ó Baile Brigín. Tá an aibhainn lán de breac donn.[4]
Suíomh agus taistelCuir in Eagar
Tá an baile cósta seo suite 32 ciliméadar ón gcontae Baile Átha Cliath. Tá an sraidbhaile lonnaithe díreach in aice leis an mótarbhealach, Seachród Bhaile Bhrigín.[5] Níl sé ach 23km ó Aerfort Baile Átha Cliath. Tá córas iompar poiblí an-mhaith le go leor modhanna iompair. Cuirtear seirbhísí bus ar fáil trí ‘Dublin Bus’, ‘Bus Eireann’, ‘Local Link’ agus ‘Go-Ahead Ireland Bus’. Cuirtear seirbhísí traen ar fáil i mBaile Brigín tríd an stáisiún traenach.[5]
TurasóireachtCuir in Eagar
Áiteanna turásoireachCuir in Eagar
- Teach Solais Baile Brigín - Togadh teach an tsolais sa bliain 1796.[6]
- An Bataire - Tógadh an ghné chosanta seo i 1803 le taobh an cósta Baile Brigín.[6]
- Caisleán Bhrí Mhór - Togadh Caisleán Bhrí Mhór sa 14ú haois.[6]
- Cuan Baile Brigín.[6]
- Tarbhealach Iarnród Baile Brigín - Tógadh é idir na blianta 1843-44.[6]
- Teach Cúirte Baile Brigín - Tógadh é sa bhlian 1844.[6]
- Clochar Loreto - Tógadh é sa bhliain 1909.[6]
Áiseanna poiblíCuir in Eagar
Tá go leo áiseanna a mbíonn an-tóir ag turasóirí air. Tá trá ghainimh suite i mBaile Brigín. Meallann an trá a lán turasóirí. Tá radhairc áille ann ag breathnú ar an gcósta agus ar Mhuir Éireann.[7] Tá an trá inrochtana go héasca mar tá stáisiún traenach suite cuig nóiméad ón trá. Bíonn Margadh Éisc agus Feirmeoirí ar siúl gach Aoine i mBaile Brigín. [7] Club Gailf Baile Brigín ann. Bunaíodh an club Gailf in 1945.[7] Rinneadh an cúrsa gailf in 2009 le gnéithe nua mar shampla: guaiseacha uisce dúshlánacha, crainn aibí agus bosca tee.[7] Tá Ard Giolláin suite idir Baile Brigín agus na Sceirí. Is páirc phoiblí í agus bhíonn tarraingt mhór ag turasóiri air.[7] Is ceantar coillearnaí é le móinéar, láthair phicnicí, áit súgartha agus caisléan Ard Giolláin suite ansin.[7] Tógadh an t-ionad sipadóireachta nua ‘Millfield’ in 2011.[8]
LóistínCuir in Eagar
Tá óstan amháin lonnaithe sa cheantair seo. ‘The Bracken Court Hotel’ is é an t-ainm. Is feidir páirceáil ar an láthair saor in aisce d’aíonna.[9]
OideachasCuir in Eagar
Na naíonraCuir in Eagar
Tá 'Naíonra Tigín Na Trá' suite i mBaile Brigín. Tá gach rang sa naíonra trí mheáin.[10]
Na bunscoileannaCuir in Eagar
Tá go leor bunscoileanna i mBaile Brigín.
- Scoil Naomh Treasa[11]
- Gaelscoile Bhaile Brigín – Múintear ábhair sa scoil seo trí mheáin na Gaeilge[11]
- Scoil Chormaic[11]
- Scoil náisiúnta Naomh George’s[11]
- Scoil náisiúnta Naomh Molaga’s[11]
- Scoil náisiúnta Baile an Ridire Thoir[11]
- Scoil náisiúnta Naomh Peadair agus Póil[11]
- Scoil Naoimh Benignus[11]
- Scoil Naomh Fiontán[11]Scoil Naomh Treasa [11]
Na meanscoileannaCuir in Eagar
Tá cúpla meanscoileanna i mBaile Brigín
SpórtCuir in Eagar
RugbaíCuir in Eagar
Tá Club Peile Rugbaí suite i mBaile Brigín agus imríonn an club i roinn 2B i Léig na Laighean.[12] Bunaíodh an club ar dtús i 1925.[12] Bhunaigh an club Corn na mBailte Cúige sa chomórtas Laighean do chlubanna Cúige i 1928.[12] Ní raibh móran suime sa rugbaī i rith lár na dtríochaidí. Ansin bunaíodh Club Rugbaí Dealbhana lonnaithe i mBaile Brigín i lar na gcaogaidí.[12] Athlonnaigh an club Rugbaí anin go nDroichead Átha. [12] Sa bhliain1967 bhunaigh Brendan Griffin club rugbaí do dhaoine óga sa bhaile.[12] Bunaithe foireann rugbaí do dhaoine fásta sa bhliain 1975.[12] Ba é Felim White an chéad chaptean na foirne ar an gclub.[12] Sna 1990idí, bunaithe foireann na mna ach ag an am seo ní raibh a lán foirne mná ann agus ansin tháinig deireadh leis an bhfoireann.[12] Athbhunaíodh an fhoireann sa bhliain 2014.[12]
SacarCuir in Eagar
Bunaíodh club peile Baile Brigín sa bhliain 1998.[13] Is club mhor é le os cionn tríocha foireann ann.[13]
Cumann Lúthchleas GaelCuir in Eagar
Bunaíodh Cumann Uí Dhuibhir sa bhliain 1918 agus tá sé lonnaithe i Lána na Gráige.[14]Imriodh an céad cluiche i mBaile Uí Ghormáin.[14] Tá níos mó ná 700 ball ann.[14] Imrítear cluichí i bpáirce Brí Mhór.[14]
ReiligiúinCuir in Eagar
Tá Eaglais Chaitliceach Rómhánach, Naomh Peadar agus Pól suite i mBaile Brigín. Tógadh an séipéal mor sa bhliain 1842.[6] Is sampla den ailtireacht Ghotach atá ann.[6]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 1.2 "[https://balbriggan.ie/balbriggan-today-summary-socio-economic-profile.pdf Balbriggan Today; A Summary Socio-Economic Profile]". Dáta rochtana: 2020-11-23.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 2.7 "Heritage by Area - Balbriggan". Dáta rochtana: 2020-11-23.
- ↑ 3.00 3.01 3.02 3.03 3.04 3.05 3.06 3.07 3.08 3.09 3.10 "[https://www.triposo.com/loc/Balbriggan/history/background Balbriggan, Republic of Ireland History]". Dáta rochtana: 2020-11-23.
- ↑ "Balbriggan Beach". Dáta rochtana: 2020-11-24.
- ↑ 5.0 5.1 "Balbriggan, Chamber of Commerce". Dáta rochtana: 2020-11-24.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 6.5 6.6 6.7 6.8 "Buildings and Gardens, Balbriggan". Dáta rochtana: 2020-11-24.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 "Discover Ireland: Balbriggan". Dáta rochtana: 2020-11-25.
- ↑ "The heart of shopping in Balbriggan". Dáta rochtana: 2020-11-25.
- ↑ "Bracken Court Hotel". Dáta rochtana: 2020-11-26.
- ↑ "Creches and Playschools". Dáta rochtana: 2020-11-26.
- ↑ 11.00 11.01 11.02 11.03 11.04 11.05 11.06 11.07 11.08 11.09 11.10 11.11 11.12 11.13 "Primary Schools". Dáta rochtana: 2020-11-27.
- ↑ 12.0 12.1 12.2 12.3 12.4 12.5 12.6 12.7 12.8 12.9 "Balbriggan Rugby Football Club". Dáta rochtana: 2020-11-27.
- ↑ 13.0 13.1 "Balbriggan F.C". Dáta rochtana: 2020-11-28.
- ↑ 14.0 14.1 14.2 14.3 "Club History". Dáta rochtana: 2020-11-28.
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
|
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |