Cúige Laighean

cúige Éireannach

Is é Cúige Laighean[1]Laighin an dara cúige is lú in Éirinn, agus an cúige leis an líon is mó contaetha ann, dhá chontae déag. Is é an cúige leis an daonra is mó in Éirinn, áfach, mar gheall ar go bhfuil Baile Átha Cliath, príomhchathair na tíre, ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCúige Laighean
Bratach
Bratach

Suíomh
Map
 53°20′52″N 6°15′35″W / 53.347777777778°N 6.2597222222222°W / 53.347777777778; -6.2597222222222
Stát ceannasachÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,630,720 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús132.86 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla19,800 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2IE-L Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1165970

Agus na Normannaigh tagtha i dtír in Éirinn, thosaigh na sean-chúigí ar a thugtaí Midhe agus Laighin ag aontú de réir a chéile, agus tionchar na Páile á imirt orthu.

Contaetha cuir in eagar

Roinneadh Contae Bhaile Átha Cliath i gceithre chuid le gairid, mar a leanas:

Contae Cód Achar Daonra Príomhbhaile
  Bhaile Átha Cliath Cathair Bhaile Átha Cliath D 114.99 km2 554,554 Baile Átha Cliath
Átha Cliath Theas 222.74 km2 278,767 Tamhlacht
Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin 127.31 km2 218,018 Dún Laoghaire
Fhine Ghall 454.60 km2 296,020 Sord
  Cheatharlach CW 897 km2 56,932 Ceatharlach
  Chill Chainnigh KK 2,073 km2 99,232 Cill Chainnigh
  Chill Dara KE 1,695 km2 222,504 An Nás
  Chill Mhantáin WW 2,027 km2 142,425 Cill Mhantáin
  Na hIarmhí WH 1,840 km2 88,770 An Muileann gCearr
  Laoise LS 1,720 km2 84,697 Port Laoise
  Loch Garman WX 2,365 km2 149,722 Loch Garman
  An Longfoirt LD 1,091 km2 40,873 An Longfort
  LH 826 km2 128,884 Dún Dealgan
  Na Mí MH 2,342 km2 195,044 An Uaimh
  Uíbh Fhailí OY 2,001 km2 77,961 Tulach Mhór

Stair cuir in eagar

Roimh theacht na Normannach sa bhliain 1171, sheas Ríocht na Laighean sa chuid seo den tír, ach í i bhfad níos lú ná cúige an lae inniu, gan ann críocha amhail is an Mhí, Osraí nó na bailte Lochlannacha of Loch Garman agus Áth Cliath. Eascraíonn an chéad chuid d'ainm na ríochta ó Laighin (Laigin sa seanlitriú), treibh mhór a bhí lonnaithe sa réigiún.[2] Is éard is brí leis an chuid eile, creidtear, ná an focal Gaeilge "tír", nó an focal sean-Normannach "staðr", focail a bhfuil an brí chéanna acu.

 
Laighin, cúige Éireann (Hogg, 1784)

Aontaíodh treibheanna Laighean le chéile faoi smacht Úgaine Mór, ardrí a thóg an Dún Ailinne, gar do Chill Chuilinn, meastar. Tá seans maith ann gurb eisean an chéad rí stairiúil ar na Laighean, thiar sa 7ú chéad R.C. Idir na blianta AD 175/185, tar éis tréimhse cogadh cathartha in Éirinn, ath-bhunaíodh ríocht na Laighean ag Cathair Mór seanscéalach. Deirtear gur thóg Fionn mac Cumhaill dún ar Chnoc Alúine, ar imeall Mhóin Alúine.

Sna 4ú agus 5ú haoiseanna AD, tar éis do Magnus Maximus An Bhreatain a fhágáil sa bhliain 383 AD lena léigiúin Rómhánacha, lonnaigh coilínigh desna Laigin i dtuaisceart na Breataine Bige, go háirithe i nInis Món, Carnarvonshire agus Denbighshire.[3]Penrhyn Llŷn i nGwynedd ainmnithe astu.[4]

Sa 5ú haois, tháinig clann Uí Néill chun cinn sna Connachta agus chuireadar críocha san Iarmhí, sa Mhí agus i nUíbh Fhailí faoina smacht agus Uí Eineachghlais agus Uí Failge clóite acu.[5] Rinne ardríthe Uí Néill iarrachtaí an Bóroimhe Laighean a éileamh.

Faoin 8ú haois, bhí dhá rítheaghlach an sa chúige:[6]

Tar éis bhás Mhurchadha mhic Dhúnlainge, rí Laigean deiridh bunaithe i gCill Dara, sa bhliain 1042,[7] tháinig chun cinn as sin amach ríthe Uí Chinnsealaigh bunaithe san oirdheisceart, i gContae Loch Garman an lae inniu.[8]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cúige Laighean/Leinster | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. Sean J Connolly (2007). "The Oxford Companion to Irish History". Oxford University Press. 
  3. R F Foster (1992). "The Oxford History of Ireland". Oxford University Press. 
  4. "Kings of Laigin / Leinster (Gaels of Ireland)". HistoryFiles.co.uk. Dáta rochtana: 17ú Feabhra 2018.
  5. Mark Clinton (2000). "Settlement patterns in the early historic kingdom of Leinster (seventh-mid twelfth centuries)". Seanchas:Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis John Byrne: 275–298. Four Courts Press. 
  6. Seán Duffy (2005). "Medieval Ireland: An Encyclopedia": 426, 449. Routledge. 
  7. Alfred P. Smyth (1982). "Celtic Leinster: towards an historical geography of early Irish civilization, A.D. 500–1600". Irish Academic Press. 
  8. Edel Bhreathnach (2000). "Kings, the kingship of Leinster, and the regnal poems of "laidshenchas Laigen": a reflection of dynastic politics in Leinster, 650–1150". Seanchas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis J. Byrne: 299–312. Four Courts Press.