Uí Dhúnlainge
Rítheaghlach na Laigin ba ea Uí Dhúnlainge (níos sine Uí Dúnlainge) a rianaigh a sinsearacht go Dúnlaing mac Énda Niada. Dúradh é gur chol ceathrair é d'Éanna Cinnsealach, sinsear eapainmneach Uí Chinnsealaigh.
I ndiaidh bhás Aodha mhic Colgan I gCath Átha Seanaigh (738), bhí Uí Dhúnlainge ina Ríthe na Laighean gan fhreasúra. Roinneadh an rítheaghlach ansin ina thrí chlann, a rinne uainíocht ar an ríogacht idir na bliana 738-1042. Is neamhghnách é an socrú seo i luathstair na hÉireann, ach rinne na hUlaid amhlaidh.
- Ceithre rí déag Uí Mhuireadaigh, bunaithe ag Máistín
- Naoi rí Uí Fhaoláin, bunaithe An Nás/Nás na Ríogh
- Deich rí Uí Dhúnchadha, bunaithe ag Cnoc Liamhna, gar do bhaile Átha Cliath. Tá nasc idir an chlann úd agus na logainmneacha An Carnán agus Baile Formaid.[1]
Tar éis bhás an rí dhearanaigh de mhuintir Uí Dhúnlainge, Murchad mac Dúnlainge sa bhliain 1042, d'fhill an ríogacht ar Uíbh Chinnsealaigh bunaithe san oirdheisceart.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- O'Brien, Michael A., eag. (1962). Corpus Genealogiarum Hiberniae. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, ll. 12–14. Genealogies for the Uí Dúnlainge of Leinster, ISBN 0901282316.
- O'Brien, Michael A. "A Middle Irish poem on the Christian kings of Leinster." Ériu 17 (1955), ll. 35–51.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Eoghan Corry agus Jim Tancred; Annals of Ardclough (2004).