Féach freisin. Cúige Laighean

Dream agus ríocht i nÉirinn na meánaoise ba ea na Laigin, suite in oirdheisceart na tíre. Tá an ard-ríocht, Cúige Laighean (Sean-Ghaeilge Cóiced Laigen) ainmnithe astu. Meastar go síneadh a gcuid críocha ón tSionainn go dtí An Bhóinn.[1]

Ríocht na Laigean c. 900

Sanasaíocht cuir in eagar

Ainmfhocail iolra is ea 'Laigin', a chuireas le fios gur eatnainm atá ann seachas téarma tíreolais.[2] Sa chóras ainmnithe Éireannach dá gcuid críoch, ainmníodh ceantar as rinnphearsa sinsearach, fiú muna raibh nasc ar bith ag an rítheaghlach reatha leis an bpearsa úd.[3]

Níltear cinnte cad as go cruinn an t-ainm, ab de réir seannóis, fréamhaithe is ea é ón bhfocal láigen, le brí 'sleá, ga'.[1][4]

Faightear i luath-théacsanna na hainmneacha Laigin agus Gailióin úsáidte go inmhalartaithe.[5]

Bunúis cuir in eagar

Maítear gur de shliocht Labraid Loingsech iad na Laigin.[1]

Molann staraithe an lae inniu, ar bhonn nósanna Éireannacha agus logainmneacha gaolmhara, gurbh ionróirí ón Ghaill nó ón Bhreatain iad na Laigin, a tháinig sa 6ú haois RC ar a mhoille. Tugadh níos deireanaí le chéile iad sna ginealaigh mheánaoiseacha isteach, inar síolraíodh gach rítheaghlach na hÉireann ó Mhíl Espáine.

Molann logainmneacha áirithe freisin go raibh siad ann tráth i dtuaisceart na Mumhan agus i gConnacht.[6]

Dreamanna gaolmhara cuir in eagar

Insítear i ndánta ársa le fáil i nginealaigh Gaelacha na meánaoise go raibh trí dhream ann sna Laigin:

Moltar gur gaolmhar le Dumnonii na Breataine iad na Fir Domnann.[1][7]

Seo a leanas roinnt rítheaghlach na Laigean:[1]

Saothar liteartha meánaoiseacha cuir in eagar

Sna seanscéalta de chuid na Rúraíochta, deirtear gurbh fhear Laighneach é Ailill mac Máta, rí Chonnacht. Molann Byrne (2001) go gcuireann seo in iúl b'fhéidir go raibh dreamanna gaolta leis na Laighean, na Fir Domnann agus na Gamanraige, i gceannas ar na Connachta le tosach aimsire.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Connolly, lch. 308.
  2. Byrne, lch. 46.
  3. Duffy, ll. 7-8.
  4. láigen, sleá leathan, ar eDIL
  5. Koch, lch. 1079.
  6. Byrne 2001, ll. 130-164
  7. Ó Cróinín, ll. 182-234


Teimpléad:Laigin