I Miotaseolaíocht na nGael, dream de chuid na bhFear Bolg ba ea na Fir Domnann.

Sanasaíocht

cuir in eagar

Tá ainm na bhFear Domnann bunaithe ar an bhfréamh dumno-, domhan. Feictear go minic an iarmhír -on mar chuid d'ainmneacha diaga Gallaigh agus Briotanaigh. Is léir mar sin go gciallaíonn ainm na treibhe sa Bhreatain, na Dumnonii, ‘muintir/fir dhia an domhain'. De bharr chosúlacht na n-ainmneacha, moladh go raibh chomh-bhunús acu.[1] Thug Ó Raghallaigh le fios, mar shampla, ina shamhail stairiúil gur dhream P-Ceilteach réamh-Gaelach ba ea iad a rinne ionradh ar oirdheisceart na hÉireann i dteannta leis na Galeóin.[2] Nó ghlactar go forleathan leis an smaoineamh seo inniu, ach is amhlaidh ina ainneoin sin go bhfuil nasc éigin idir an dá treibh.[3]

Logainmneacha

cuir in eagar

I luathlitríocht na hÉireann, bhí cónaí ar na Fir Domnann i gCúige Laighean. I ndán den 7ú haois, deirtear go raibh a thaoiseach, Mess-Telmann, ina rí ruireach na cúige, ag rialú o rí-chathaoir ag Dún Ailinne.

Tá ainm na treibhe caomhnaithe sa logainm Inbhear Domhnann, cé go dtugtar an t-ainm Mullach Íde air inniu. Ach is é dá a iarthuaisceart Mhaigh Eo is ea an ceantar a bhfuil an gaol is treise aige leis na Fir Domnann: Iorrais Domnann (a bhfuil an bharúntacht an lae inniu Iorras ainmnithe as) agus Magh Domnann agus Dún Domnann i ngar dó.[4]

  1. John T. Koch, Celtic Culture: a historical encyclopedia (2006), lch. 750.
  2. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology (Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946)
  3. John T. Koch, Celtic Culture: a historical encyclopedia (2006), lch. 750.
  4. J.T. Koch, Celtic Culture: a historical encyclopedia (2006), lch. 750.