Miotaseolaíocht na nGael

Baineann an t-alt seo le miotaseolaíocht na nGael.

Bhí miotais dá gcuid féin ag na sean-Ghaeil, agus tá roinnt mhaith eolais againn faoi. Bhí éagsúlacht sna déithe agus na creidimh eile ar fud na hEorpa in airde réim na gCeilteach, ach bhí aitheantas leathan ag déithe áirithe, m.sh, Lugh, Manannán mac Lir. Bhí déithe eile a raibh baint níos láidre acu le áit áirithe, m.sh, Crom Dubh in Éirinn.

Scéalaíochtaí agus Catagóirí cuir in eagar

Tá ceithre scéalaíocht ann, de réir scoláireacht an lae inniu: na Scéalta Miotaseolaíochta, an Rúraíocht, an Fhiannaíocht agus Scéalaíocht na Ríthe.

Is féidir an cineál de chuid is mó de seanscéalta Gaelacha a aithint lena chéad fhocal, mar a leanas:

  • aided (anbhás) – bás tréan de dhuine nó ainmhí
  • aisling – fís a chodladh
  • aithed (éalú leannán)
  • baile (buile) – fís, mire, mearchial
  • cath
  • compert (coimpeart, gin)
  • echtrae (eachtra)
  • immram (iomramh) – turas thar lear go dtí oileán miotasach
  • macgnímartha, macgnímrada (macghníomhartha)
  • orgain (argain, dúnmharú)
  • scéla (scéala)
  • táin bó
  • tochmarc (tochmharc, suirí)
  • togail (toghail, léirscrios)
  • tóraíocht

Ó thaobh roinnt téacsanna de, is deacair a rá cén cineál is ea iad, mar shampala acallam (agallamh).

Leabhair agus lámhscríbhinní cuir in eagar

 
Folio 53 of the Leabhar Laighneach. Medieval manuscripts are the main source for Irish mythology and early literature.

Seo a leanas na trí príomhfhoinsí le haghaidh miotaseolaíocht na nGael:

In ainneoin dátaí na bhfoinsí, tá a gcuid ábhair i bhfad níos sine.[1]

Seo a leanas roinnt foinsí tábhachtacha eile as iarthair na hÉireann de chuid na 14ú agus 15ú haoiseanna:

Scríobhadh na saothair seo go formhór ag manaigh Críostaí, a bhí idir dhá chomhairle, idir fonn a gcultúr dúchais a chaomhnú agus naimhdeas le creidimh phagánacha, agus dá bharr, rinneadh déithe de roinnt laochra (féach Euhemeros). Is dócha gur chuid d'fheachtas bolscaireachta iad roinnt foinsí níos déanaí, chun stair Éireannach a chruthú a sheasfadh le ginealach miotasach na n-ionróirí Briotanacha, ó bhunaitheoirí na Róimhe dá mba fhíor, scaipthe ag Goffraidh Monmouth agus eile. Rinneadh iarrachtaí fosta ginealaigh Éireannacha a athdhéanamh ar nós na nGréagach nó an bhíobla.

Pléitear fós an bhfuil an seanbhéaloideas le cloisteáil i litríocht Ghaeilge na meánaoise. Dar le Kenneth Jackson, is "fuinneog ar an Iarnnaois" í an Rúraíocht, agus rinne Garret Olmsted naisc idir Táin Bó Cuailnge agus an coire Gundestrup.[2] In éadan maíomh na scoláirí "dúchasacha", molann scoláirí "athbhreithnitheacha" gur cumadh an litríocht sa ré Chríostaí, mar aithris ar an litríocht chlasaiceach a tháinig i dteannta le léann Laidine. Tarraingíonn athbhreithnitheoirí aird ar thionchar an Iliad ar Táin Bó Cuailnge, agus fosta ar Togail Troí, leagan Gaeilge den scéal De excidio Troiae historia le Dares Phrygius, le fáil sa Leabhar Laighneach. Moladar fosta go bhfuil cultúr na scéalta níos giorra don am a scríofa ná i bhfad ó shin.

Na Scéalta Miotaseolaíochta cuir in eagar

Sa scéalaíocht seo, an scéalaíocht is measa ó thaobh caomhnaithe de, cuimsítear scéalta faoi bhunús agus iar-dhéithe na nGael. Tagann an chuid is tábhachtaí den eolas ón Dinnseanchas agus Leabhar Gabhála na hÉireann. Bréag-stair atá sa Leabhar Gabhála, a leagann síos sinsearacht na nÉireannach siar ó Maois. Déantar cur síos ar na gcogaí idir na Fir Bolg agus Tuatha Dé Danann sa (chéad) Cath Maighe Tuireadh. Tá an scéal cáiliúil Oidheadh Chlainne Lir mar chuid den ghrúpa seo chomh maith. Caomhnaítear i lámhscríbhinní eile scéalta amhail is Aisling Aonghasa agus Tochmharc Éadaoine.

I measc na príomhphearsana a rinne ionraithe agus a lonnaigh ar an oileán, tá a leanas:[1]

  1. Ceasair
  2. Parthalán
  3. Fomhóraigh
  4. Neimheadh
  5. Fir Bholg
  6. Tuatha Dé Danann
  7. Míl Espáine
 
Lugh's Magic Spear, léaráid le H. R. Millar

Bréagstair is ea Lebor Gabála Érenn, ina rianaítear sinsearacht na nGael ar ais chuig Naoi. Insítear faoi theacht chun na hÉireann de shraith dreamanna, ó Cheasair go dtí na Tuatha Dé Danann, a bhí i réim roimh theacht na nGael. Bhí comhrac eatarthu agus a naimhde, na Fomhóraigh faoi cheannas Bhalair. Mharaigh Lugh Lámhfhada Balar ag Dara Cath Mhaigh Tuireadh. Le teacht na nGael, chuaigh na Tuatha Dé Danann insna síde faoin talamh isteach.

Is é an tsraith dánta Dinnseanchas Aoi an mórshaothar logainmneacha na hÉireann. Tá ann an-chuid eolais maidir le pearsana agus áiteanna sna scéalta, san áireamh Cath Tailtean, inar cloíodh na Tuatha Dé Danann ag na Gaeil.

Faoi thionchar na manach Críostaí, níor measadh gur dhéithe iad na Tuatha Dé Danann ach ina ionad sin draoithe as Ré Órga níos luaite. Tá an-chuid fianaise ann, áfach, gur dhéithe go deimhin iad tráth, as idir téacsanna agus an domhan Ceilteach níos leithne. Tar éis dóibh an ruaig a chur orthu, feictear fós pearsana amhail is Lugh, Mórrígan, Aonghas agus Manannán mac Lir i scéalta suite na céadta bliain níos deireanaí, agus iad ina neacha buana.

Tá dán le feiceáil sa Leabhar Laighneach le liosta desna Tuatha Dé, ach sa deireadh deir an t-údar:[3]

cid dos-ruirmend, nis-adrand
cé go ríomhann, ní adhrann.

Luaitear Goibniu, Creidhne agus Luchtaine mar na Trí Dé Dána, agus tugtar an sanas "dea-dhia" ar an Dagda. Tá gaoil ag Nuada le dia na Breataine Nodens; Lugh le Lugus; Tuireann le Taranis na nGallach; Oghma le hOgmios; Badhbh le Catubodua: agus Brigit le Brigantia.

An Rúraíocht cuir in eagar

Príomhalt: An Rúraíocht

Creidtear go bhfuil eachtraí na Rúraíochta suite timpeall tús ré na Críostaíochta, agus is i gCúige Uladh agus i gCúige Chonnacht atá na scéalta bunaithe. I measc na gcarachtar is mó atá ann ná Rí Uladh Conchúr mac Neasa, agus an sár-laoch Cú Chulainn, mac leis an dia, Lugh.

 
Cuchulain in Battle, léaráid le J. C. Leyendecker in Myths & Legends of the Celtic Race (1911) le T. W. Rolleston

Tá inti scéalta faoi bhreitheanna, macghníomhartha, tochmhairc, cathanna, fleánna agus básanna na laochra. Déantar cuir síos ar shochaí gaiscígh, ag troid in éadan a chéile i gcomhraic aonair, agus a gcuid saibhreas measta le heallach.

Is as prós atá na scéalta scríofa. Is é croílár na Rúraíochta ná Táin Bó Cúailnge. I meán scéalta tábhachtacha eile, tá Anbhás Aonmhic Aoife, Fleadh Bhricreann agus Toghail Brú Dá Dearga. Mar chuid fosta den scéalaíocht, tá Longes mac nUislenn, nó traigéide Dheirdre, agus foinse na ndrámaí le John Millington Synge, William Butler Yeats agus Vincent Woods.

Tá naisc ann idir an Rúraíocht agus na Scéalta Miotaseolaíochta. Feictear na pearsana chéanna iontu, chomh maith le draíocht ilchruthach in aice le réalachas gruama. Cé go raibh is dócha pearsana sábháil is MéabhCú Raoi, ina ndéithe tráth, agus go bhfuil gaisce osnádúrtha ag Cú Chulainn, is daoine daonna iad uile, nasctha le ham agus le háit ar leith.

Mar fíor é gur Ré Órga na nGael atá ann sna Scéalta Miotaseolaíochta, is Ré Laochais atá le feiceáil sa Rúraíocht.

An Fhiannaíocht cuir in eagar

Príomhalt: An Fhiannaíocht
 
Fionn fighting Aillen, léaráid le Beatrice Elvery in Heroes of the Dawn (1914) le Violet Russell

Sa tríú haois atá scéalta na Fiannaíochta suite, go formhór i gcúige Laighean agus i gcúige Mumhan.[1] Insítear faoi eachtraí Fhionn mhic Cumhaill, a mhac Oisín agus a bhuíon, na Fianna.[1]

I measc na bhFiann, tá Clann Bhaiscne, faoi cheannais Fhionn, agus Clann Mhorna, faoi cheannas a chéile comhraic, Goll, s mharaigh Cumhall, athair Fhionn, i mbun catha. Agus Fionn óg, á tógadh faoi rún, dhóigh sé de thaisme a ordóg ar bradán feasa a bhí á réiteach aige, agus fuair sé de thairbhe eolas an bhradáin ach a ordóg a dhiúl. In am trátha, d'éireodh sé ina cheannaire na bhFiann.

Is aoibhinn beatha na bhFiann, gaiscígh gairmiúla a chaitheadh a gcuid aimsire ag troid, ag seilg agus ag dul ar eachtraí go dtí trí na nÓg. Chun ballraíocht a bhaint amach, bhí sé de dhíth ag gaiscíoch nua dul faoi roinnt oirdéal fisiciúil, i dteannta le bheith eolach ar an bhfilíocht.

Tá éagsúlachtaí ann san Fhiannaíocht nach bhfeictear sna scéalaíochtaí eile. Tá nasc láidir inti leis an Albáin; insítear na scéalta go formhór i rannta; agus ó thaobh toin de, scríobhadh iad níos mó ar nós rómáns ná ar nós eipice. Luaitear formhór na ndánta le hOisín.

Is é Agallamh na Seanórach an fhoinse is tábhachtaí atá ann san Fhiannaíocht. Scéal de chuid na 12ú haoise atá ann, caomhnaithe i ndá lámhscríbhinn den 15ú haois, Leabhar Leasa Mhóir agus Laud 610, chomh maith le lámhscríbhinn den 17ú haois as Cill Iníon Léinín, Contae Bhaile Átha Cliath. Tá comhráite ann idir Caílte mac Rónáin agus Oisín, baill dheireanacha na bhFiann ar marthain, agus Naomh Pádraig, agus tá ann tuairim is 8,000 líne.

Feictear san Fhiannaíocht dhá scéal is mó le rá dá leithéid, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus Oisín i dTír na nÓg. B'fhéidir é go bhfuil an Tóraíocht, ar cheann de bheagán scéalta próis sa scéalaíocht, ina foinse ar Triostan agus Iosóid.

Scéalaíocht na Ríthe cuir in eagar

Bhíodh sé de dhualgas ar fhile cúirte na meánaoise stair agus ginealach a rítheaghlaigh a cheiliúradh. Sna dánta a cumadh, feictear meascáin de mhiotais agus stair. Tugtar Scéalaíocht na Ríthe ar an litríocht seo, nó níos fearr Scéalaíochtaí, óir go bhfuil cnuasaigh neamhspleácha ann. Ceapadh an t-ainm seo le sáchghairid sa bhliain 1946 ag an léirmheastóir Éireannach Myles Dillon.

I measc na ríthe a fheictear sna scéalaíochtaí, tá idir miotasach amhail is Labraid Loingsech, Ardrí na hÉireann a deirtear timpeall na bliana 431 RC, agus straitéisí amhail isBrian Bóramha. Is é ámh an saothar is cáiliúla b'fhéidir ná Buile Shuibhne, scéal de chuid na 12ú haoise. Chuir Naomh Rónán mallacht ar Shuibhne, rí Dhál Araí, agus d'éirigh sé ina leath-fhear, leath-éan, gan i ndán dó ach saol aonair sna coillte, gan chomhluadar daonna. Tá filí Éireannacha an lae inniu spreagtha ag an scéal agus tá aistriúcháin déanta ag Trevor Joyce agus Seamus Heaney.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Frehan-2012
  2. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Jackson-1964-oldest
  3. Leabhar Laighneach, f. 10b, 42