Osclóidh seo an príomhroghchlár

I Miotaseolaíocht na nGael, cine osnádúrtha ab ea na Tuatha Dé Danann (sliocht den dia Danu), aitheanta chomh mar ainm níos luaite, na Tuath Dé.[1] Meastar gur phríomhdéithe na hÉireann réamhChríostaí iad.[1][2]

Na Tuatha Dé Danann i léaráíd "Riders of the Sidhe" le John Duncan's (1911)

Insítear a scéal go príomha i Leabhar Gabhála na hÉireann. Scríobhadh cuid mhaith de mhiotaseolaíocht na nGael ag manaigh Chríostaí, a d'athraigh í ábhairín. Léiríodar go minic na Tuath Dé mar ríthe, banríona agus laochra a raibh cumhachtaí osnádúrtha acu,[3] nó míníodar iad scaití mar aingil an uabhair a raibh ní maith ná olc.[4] D'aithin roinnt scríbhneoirí na meánaoise ámh gur dhéithe iad. Óir go bhfaightear iad i scéalta na céadta bliain eatarthu, is amhlaidh go bhfuil siad neamhbhásmhar.

I measc bhaill suntasacha na dTuath Dé tá Daghdha, a bhí is amhlaidh ina phríomhdhia; Mór-Ríoghain; Lugh; Nuadu Airgeadlámh; Aonghas; Brigit; Manannán, dia na mara; Dian Cécht, dia an leighis; agus Gaibhne, dia na miotalóireachta agus ar cheann de na Trí Dé Dána.[5] Tá gaolmhara ann le déithe eile an chine Cheiltigh: mar shampla, tá Lugh gaolmhar leis an dia Ceilteach Lugus, Nuada le dia na Breataine Nodens, Brigit le Brigantia; Tuireann le Taranis; Oghma le Ogmios; agus Badhbh le Cathubodua.

Tá gaol ar leith ag gach ball na dTuath Dé le gné áirithe an tsaoil nó an nádúir, agus níos mó ná ceann amháin ag roinnt dóibh. Tá bua-ainmneacha ag go leor acu, cuid dóibh a léiríonn tréithe éagsúla an dé, agus cuid eile ainmneacha áitiúla nó buafhocail.[6] Bhain siad clú agus cáil amach mar gheall ar a gcuid draíochta, ceardaíochta, ealaíne, agus foghlama.

Is iad na Fomhóraigh a gcéilí comhraic de ghnáth.[7] Léiríonn na Fómháraigh cumhachtaí díobhálacha agus millteacha an nádúir,[8][9] agus a chloíonn na Tuath Dé iad sa Chath Maighe Tuireadh.

Ó theacht na nGael féin, bíonn na Tuath Dé ina gcónaí san Alltar, ach interact le daoine daonna. Tá siad gaolta le tuamaí pasáiste ársa, amhail is Brú na Bóinne, agus leis na sidhe (liosanna), a chreidtí gur thairsigh an Alltair iad. D'éirigh na Tuath Dé i ndeireadh na dála ina nAos Sí an bhéaloidis.[10][11][12][13]

Clár ábhair

SanasaíochtCuir in Eagar

Sna seanscéalta is luaite, Tuatha Dé is ainm don chine miotasach.[1] Thosaigh manaigh Gaelacha ámh an téarma Tuatha Dé a úsáid i gcomhair na nhIosraeilíteach.[1] [14] Um mearbhall a chosc, is amhlaidh gur luadh an cine miotasacha as sin amach mar na Tuatha Dé Danann.[1][15]

Creidtear gurb é Danann an tuiseal ginideach d'ainm baineann, nach bhfuil fraincise ann don tuiseal ainmneach. Athchruthaíodh an t-ainm mar Danu (Nua-Ghaeilge Dana), arbh fhéidir Anu (ginideach Anann) bheith ina fhoirm eile dó.[1] D'fhéadadh go bhfuil nasc an idir Dána agus Dôn i Miotaseolaíocht na mBreatnach.[1] I miotaseolaíocht na Hiondúch, tá bandia ann darb ainm Danu, who may be an Prótai-Ind-Eorpach parallel. Ní ghlacann cách leis an mbrí seo áfach.[16] Moladh chomh maith gur cónaidhmiú é Danann den fhocal conflation of dán (le brí ceard) agus an t-ainm Anu (.i. Dán Anann).[1]

Faightear an t-ainm mar Donann agus Domnann,[17] rud a thugann le fios go mb'fhéidir é gurbh é a bhunús ná an prótai-Ceiltis *don, domhain.[1] Más fíor, b'fhéidir go bhfuil gaol ann leis an muintir mhiotasach, na Fir Domnann[18] agus na Dumnonii sa Bhreatain.[19]

Stair seanscéalachCuir in Eagar

Ba de shilocht Neimhidh, ceannaire an rabharta imirceach roimh ré de lonnaitheoirí na hÉireann, iad na The Tuatha Dé Danann. Tháinig siad ó cheithre chathair ó thuaidh na hÉireann — Falias, Gorias, Murias agus Finias — áit a teagascadh iad i gceird na n-eolaíochtaí, ina measc ailtireacht, na healaíona agus an draíocht.[20][21] De réir an Leabhar Gabhála, tháinig siad go hÉirinn "i scamaill dorcha" agus "thángadar i dtír ar Conmaicne Rein i gConnachta", nó Sliabh an Iarainn, "agus thugadar dorchadas thar a ngréin ar feadh trí lá agus trí oíche". Dhóigh siad a longa "nára chuimhní siad ar chúlú iontu; agus líon an deatach agus an ceo a tháínig ó na longa an t-aer agus an tír ina dtimpeall. Dá bharr, creideadh gur tháinig siad faoi bhrat ceo".

Tá dán san Leabhar Gabhála a insíonn faoina dteacht:

Sean-Ghaeilge[22] Nua-Ghaeilge[23]

Dia do dáim ced dosrimrit[24]
gabsat co ngrain co nglanalt.
na neol olcoichthe[25]
for sleib Conmaicne Connacht.

Cen dechla[26] Herend derend ergnaid.
cen ethra hérim angbaid[27]
ni fessa fir for nim
in do nim no do thalmain.

Dia a raibh dáimh leo, cé gur choisc sé iad,
ghabhadar le gráin, le glanalt,
ina néil ollchomhraic [arrachtaí]
ar sliabh Conmaicne na gConnacht.

Gan dealú d'Éirinn éargnaí,[28]
gan eathair,[29] éirim angaidh[30]
níorbh fhios an fhíor faoi neimh,
an do neimh nó do thalúin.

Agus a rí Nuada i gcenannas, chloígh siad na Fir Bholg sa Chéad Chath Maighe Tuireadh san iarthar. I rith an chatha, chaill Nuada lámh i gcomhrac aonair in aghaidh lacoh na bhFear Bolg, Sreang. Óir go rabibh Nuada anois "loite", níorbh fhéídir leis bheith ina rí a thuileadh, agus tháinig an leath Fhomhórach, Breas, i gcomharbacht air, ach is léir gur éirigh sé ina dhrochthíoránach. Rinne an lia Dian Céacht lámh nua do Nuada, déanta as airgead (dá bharr a bhua-ainm "Airgeadlámh") agus athcuireadh é mar rí. Ní raibh Miach mac Dhéin Chéachta sásta leis an lámh nua, áfach, d'aithris sé ortha mar sin, ault fri halt dí & féith fri féth (alt go halt di agus féith(eog) go féith), a chur feoil ag fás thar an bpróistéis airgid ar feadh naoi is oíche.[31][32] Le teann feirge éadmhara ámh, mharaigh Dian Céacht a mhac féin.

Rinne Breas gearán lena theaghlach agus lena athair, Ealadha, a chuir chuig Balar, rí na bhFomhórach, é um cabhair a lorg chun Nuada a ruaigeadh mar rí. Throid na Tuatha Dé Danann in éadan na na bhFomhórach ansin sa Dara Cath Maighe Tuireadh. I rith an chatha, mharaigh Balar Nuada lena shúil nimhneach, ach maraíodh Balar ag laoch na dTuath Dé, Lugh, a thóg an coróin.

Throid na Tuatha Dé triú cath in éadan an chéad rabharta ionróirí eile, an Chlann Mhíle a tháining ón Ghailís. Ar an mbealach go Teamhraigh, bhuail siad le triúr bandéithe na dTuatha Dé, Ériu, Banbha agus Fódhla. D'iarr siad go n-ainmneodh an tír astu. Ghéill an Chlann Mhíle dá n-iarratas, agus is í Éire í ainm na tíre inniu, agus faightear fós Banbha agus Fódhla mar ainmneacha fileata na hÉireann.

D'iarr ríthe na dTuath Dé agus fir chéile an triúr bandéithe, Mac Coill, Mac Cécht agus Mac Gréine, sos cogaidh trí lá. I rith an sosa, b'éigean don Chlann Mhíle fanacht ar fad noai dtonn i bhfarraige. Rinne an Chlann Mhíle de réir na tola seo, ach mhúscail na Tuatha Dé Danann gaoth mhór draíochta, ag iarraidh an teitheadh a chuir orthu. Chiúnaigh file Chlann Mhíle, Amhairghin an fharraige lena dhán. Tháinig na ar ais i dtír, agus chlíodar na Tuatha Dé Danann ag Tailte. Iarradh ar Amhairghin an tír a roint eatarthu, agus thóg sé go cliste an chuid thuas don Chlann Mhíle, agus and chuid fothalamh thíos dosna Tuatha Dé Danann. Chuaigh na Tuatha Dé faoin dtalamh isteach na sidhe agus Manannán mac Lir i gceannas.

Na ceithre seodaCuir in Eagar

Príomhalt: Ceithre Sheod

Thóg na Tuatha Dé Danann leo go hÉirinn ceithre sheod óna gceithre chathair:[33]

Ard-Ríthe na Tuath Dé na hÉireannCuir in Eagar

Seo á leanas cróineolaíocht Ard-Ríthe na Tuath Dé bunaithe ar dhá fhoinse: Annála na gCeithre Máistrí (ACM) agus Foras Feasa ar Éirinn (FFÉ). Níl dáta cruinn tugtha do chéad réim Nuada.

  • Nuada (chéad réim) ACM ?-1897 RC; FFÉ ?-1477 RC
  • Bres ACM 1897-1890 RC; FFÉ 1477-1470 RC
  • Nuada (réim deiridh) ACM 1890-1870 RC; FFÉ 1470-1447 RC
  • Lugh ACM 1870-1830 RC; FFÉ 1447-1407 RC
  • Eochaid Ollathair ACM 1830-1750 RC; FFÉ 1407-1337 RC
  • Delbáeth ACM 1750-1740 RC; FFÉ 1337-1327 RC
  • Fiacha ACM 1740-1730 RC; FFÉ 1327-1317 RC
  • Mac Cuill, Mac Cecht agus Mac Gréine ACM 1730-1700 RC; FFÉ 1317-1287 RC

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 1.8 Koch, John T. Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. ABC-CLIO, 2006, ll. 1693-1695
  2. M. Whittock, A brief guide to Celtic Myths & Legends, cuid 5, Constable & Robinson Ltd, 2013.
  3. Carey, John. "Tuath Dé", in The Celts: History, Life, and Culture, eag. John T. Koch. ABC-CLIO, 2012, ll. 751-753
  4. W. B. Yeats (1888). Fairy and Folk Tales of the Irish Peasantry, lch. 1
  5. MacKillop, James (2006). "Myths and Legends of the Celts". Penguin. “Three gods patronize the crafts: Goibniu, Credne and Luchta.” 
  6. Ward, Alan (2011). The Myths of the Gods: Structures in Irish Mythology, lch. 9
  7. M. Whittock, A brief guide to Celtic Myths & Legends
  8. MacCulloch, John Arnott. The Religion of the Ancient Celts. The Floating Press, 2009, ll. 80, 89, 91
  9. Smyth, Daragh. A Guide to Irish Mythology. Irish Academic Press, 1996, lch. 74
  10. Koch, Celtic Culture, ll. 729, 1490, 1696
  11. Monaghan, Patricia. The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. Infobase Publishing, 2004, lch. 167
  12. MacCulloch, John Arnott. Celtic Mythology. Dover Publications, 2004, lch. 49
  13. Black, Ronald. The Gaelic Otherworld. Birlinn, 2008, lch. xxxii
  14. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, lch. 366
  15. "Tuatha Dé Danann".
  16. James MacKillop, Myths and Legends of the Celts, Penguin, 2005, lch. 136.
  17. John T Koch & John Carey (eag.), The Celtic Heroic Age, Celtic Studies Publications, 1997, lch. 245
  18. Leabhar Gabhála na hÉireann, §49
  19. MacKillop 1998, lch. 129
  20. Frederick Lawrence Rawson, "Life Understood from a Scientific and Religious Point of View: And the Practical Method of Destroying Sin, Disease, and Death", Crystal Press, 1920, lch. 431
  21. Seathrún Céitinn, "The History of Ireland", Ex-Classics Project, 2009, lch. 82
  22. Leabhar Gabhála na hÉireann, ll. 37-38
  23. Á aistriú sách focal ar fhocal ón tSean-Ghaeilge ag Marcas
  24. do-immtha(i)s ar eDIL
  25. ? olcoicthe ar eDIL
  26. Cuardaigh deligud ar eDIL
  27. angbaid ar eDIL
  28. éargnaí ar teanglann FGB
  29. eathar ar teanglann.ie FGB
  30. angaid ar teanglann.ie FGB
  31. Elizabeth Gray, Cath Maige Tuired, Irish Texts Society, Londain 1983, ll. 32-3
  32. Quotations from early Irish Literature ar sengoidelc.com
  33. "Tuatha Dé Danann".
Roimh
Fir Bholg
Lonnaitheoirí miotasacha na hÉireann
ACM 1897 BC
FFE 1477 BC
Tar Éis
Clann Mhíle