Mac Coill
(Athsheolta ó Mac Cuill)
I Miotaseolaíocht na nGael, ba shliocht na dTuath Dé Danann é Mac Coill (Sean-Ghaeilge Mac Cuill) mac Cermait mac Daghdha. Ba é a phríomhainm ná Éthur ach tugadh a leasainm dó as a dhia Coll. Ba í Banbha a bhean chéile.
Cineál | carachtar miotasach |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Ba iad é féin agus a dheartháireacha Mac Cecht agus Mac Gréine a mharaigh Lugh mar chúiteamh ar a n-athair. D'éirigh an triúr acu ina chomh-Ard-Ríthe na hÉireann, ag déanamh sealaíochta ar a chéile gach bliain, ar feadh fiche naoi nó tríocha bliain ag brath ar fhoinse. Na ríthe deireanacha de shliocht na dTuath Dé Danann roimh theacht na Míl Easpáine ba ea iad.
Réamhtheachtaí Fiacha |
Ard-Rí na hÉireann (le Mac Cecht agus Mac Gréine) ACM 1730–1700 BC FFE 1317–1287 BC |
Comharba Éber Finn agus Érimón |