Seathrún Céitinn

sagart Caitliceach, file, agus staraí Éireannach

Sagart, file agus staraí de chuid an 17ú haois ba ea Seathrún Céitinn.[1] Rugadh é i gContae Thiobraid Árann timpeall na bliana 1569 agus cailleadh timpeall na bliana 1644. Tá a uaigh le fáil i reilig na Tiobraide i bparóiste Bhéal Átha Lúbaigh. Ba de shliocht na seanghall an Céitinneach agus scríobh se Foras Feasa ar Éirinn.

Infotaula de personaSeathrún Céitinn
Beathaisnéis
Breith1569 (Féilire Ghréagóra)
Contae Thiobraid Árann Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1644
74/75 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bordeaux Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, ginealeolaí, scríbhneoir, staraí, sagart Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois
TeangachaAn Ghaeilge
Eaglais St Pierre: cuid de sheanchathair Bordeaux mar a bhí le linn an Chéitinnigh.

A shaol cuir in eagar

Síleadh go dtí le déanaí gur rugadh an Céitinneach ar an mBuirghéisigh in aice le Cathair Dhún Iascaigh i gContae Thiobraid Árann, ach de réir na taighde is nua is dócha gur i gCaisleán Bhaile na Móna i bparóiste Inis Leamhnachta a rugadh é.[2]

Is dealraitheach go ndeachaigh sé ar scoil filíochta agus seanchais agus gur tugadh scolaíocht dó sa Ghaeilge agus sa Laidin. Is dócha go ndearnadh sagart de ina dhiaidh sin de réir shean-nós na hÉireann. I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an bhFrainc faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh i mBordeaux, áit a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis coláiste Éireannach a bhunú. B'fhéidir gur thug sé tamall in Rheims freisin. Bhain sé céim Dhochtúir Diagachta amach agus d'fhill ar Éirinn timpeall na bliana 1603. Ceapadh é mar shagart paróiste i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair.

 
Cuid de Chnoc Rafann, mar a raibh an Céitinneach ina shagart paróiste.

Bhí an-chlú air mar sheanmóirí, agus deirtear gur chuir seanmóin dá chuid olc ar bhean uasal a ghearáin sin le Donncha Ó Briain, Iarla Tuamhan, rud a thug ar an gCéitinneach dul ar a choimeád tuairim na bliana 1618. Fuair sé dídean óna chairde gaoil, agus b'fhéidir gur bhogaigh an tóir timpeall na bliana 1624, nuair a cailleadh an tIarla.

Bheartaigh sé ar leabhar a scríobh a bhréagnódh rudaí a bhí ráite faoi Éirinn ag eachtrannaigh, agus shiúil sé Éire ar thóir cáipéisí agus lámhscríbhinní chun cóipeanna a dhéanamh díobh. Bhí doicheall roimhe uaireanta toisc gur de shliocht Normannach é agus gur Mhuimhneach é. Foras Feasa ar Éirinn an toradh a bhí ar an saothar sin agus tháinig éileamh air.

Bhain an Céitinneach leis na Sean-Ghaill, agus ghlac sé leis gur ag uaisle Caitliceacha na nGael agus na Sean-Ghall a bhí an t-údarás ceart in Éirinn. Ghlac sé leis na Stíobhartaigh toisc gur de shliocht leath-Ghaelach iad, tuairim a bhí coitianta i measc aos dána na tíre.

A shaothair cuir in eagar

B'fhile é an Céitinneach, ach tríd an bprós is mó a tharraing sé clú air féin. Chríochnaigh sé Foras Feasa ar Éirinn timpeall na bliana 1634. Is éard atá ann meascán saibhir de sheantraidisiúin a bhaineann le stair, le bréagstair agus le finscéalta na tíre, agus an t-iomlán scríofa go greanta ealaíonta. Ar nós a lán saothar Gaeilge eile scaipeadh é i bhfoirm lámhscríbhinne, agus b'fhada gur cuireadh i gcló é. Saothar nótáilte eile dá chuid ba ea Trí Bhior-Ghaoithe an Bháis.

Rinne sé iarracht an bhréagársaíocht a sheachaint agus stíl shoiléir shíodúil a shaothrú, cé go bhfuil lorg an léinn ar a shaothar. Ní dóichí rud ná gurb í soiléireacht úd a stíle a chuir na mílte á léamh le fonn.

Aithnítear an Céitinneach mar dhuine de na filí Gaeilge is fearr den 17ú haois. Deirtear go bhfuair sé scolaíocht sa seanléann agus tá a rian sin ar ghreantacht a cuid filíochta. Mar ba ghnách ag an am, bhain sé tairbhe as an dán díreach agus as foirmeacha níos scaoilte. Ar na dánta a luaitear leis tá Óm sceol ar ardmhagh Fáil agus A Bhean lán de Stuaim.


Féach freisin cuir in eagar

  • Cunningham, Bernadette (2000). The World of Geoffrey Keating: history, myth and religion in seventeenth century Ireland. Baile Átha Cliath.
  • De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). Nua-Dhuanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.
  • Keating, Geoffrey. Foras Feasa ar Éirinn: the history of Ireland. D. Comyn and P.S. Dinneen (eag.) 4 imleabhar. Cumann na Scríbheann nGaedhilge, Londain 1902-14.
  • Keating, Geoffrey. Trí bior-ghaoithe an bháis: The three shafts of death . Robert Atkinson (eag.), LL.D. Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath, 1890.
  • Geoffrey Keating Stories from Keating's History of Ireland edited, with introduction, notes, and vocabulary by Osborn Bergin. Royal Irish Academy (Baile Átha Cliath: 1981)
  • Keating, Geoffrey. Dánta, Amhráin is Caointe (Poems, Songs and Elegies). Rev. John C. MacErlean, S.J. (eag.), The Gaelic League, Baile Átha Cliath 1900.
  • Keating, Geoffrey. Eochairsciath an Aifrinn: An explanatory defence of the mass. Patrick O'Brien (eag.), Baile Átha Cliath: 1898.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “CÉITINN, Seathrún (c.1580–c.1644) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. "A review of some placename material from Foras Feasa ar Éirinn", Diarmuid Ó Murchadha, Éigse, A Journal of Irish Studies, Vol. XXXV, lch 81. National University of Ireland, 2005.

Naisc sheachtracha cuir in eagar