Aodh Mac Cathmhaoil

Ardeaspag Ard Mhacha

Diagaire Proinsiasach ba ea Aodh Mac Cathmhaoil (c. 1571 - 22 Meán Fómhair 1626) a ceapadh mar Phríomháidh na hÉireann. Thugtaí Aodh Mac Aingil air i Lováin agus sa Laidin ba ghnách leis ‘Hugo Cavellus’ a thabhairt air féin[1].

Infotaula de personaAodh Mac Cathmhaoil

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1571
Sabhall, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Meán Fómhair 1626
54/55 bliana d'aois
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Ard-Easpag Caitliceach Ard Mhacha
7 Meitheamh 1626 – 22 Meán Fómhair 1626
← Peter Lombard (en) AistrighHugh O'Reilly (en) Aistrigh →
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach agus Caitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Salamanca Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, múinteoir ollscoile, sagart Caitliceach, diagaire Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Salamanca Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Ord crábhaidhOrd na mBráthar Mionúr
CoisreacanGabriel Trejo Paniagua Cuir in eagar ar Wikidata

‘Níl amhras ar bith ná go raibh sé ar an diagaire ba mhó a mhair in Eoraip a linne’, a scríobh Noel Ó Gallchóir[2].

I Sabhall i gContae an Dúin a saolaíodh é agus fuair sé bás ar an Mór-Roinn.

Saol cuir in eagar

Fuair sé scolaíocht i nDún Pádraig agus in Oileán Mhanann, agus bhí sé ina chomhairleoir ag Aodh Ó Néill agus ina oide ag Anraoi agus ag Aodh, mic Uí Néill. Cuireadh é chun Cúirt na Spáinne i dteannta duine acu chun cabhair a iarraidh ar son Uí Néill. I Salamanca a bhí an chúirt, agus bhain Mac Cathmhaoil céim Dhochtúir Diagachta amach san ollscoil ann. Chuaigh sé isteach in ord San Proinsias sa bhliain 1603.

 
Ollscoil Salamanca, áit a raibh Aodh Mac Cathmhaoil ina mhac léinn diagachta.

Chaith sé seal in Ollscoil Salamanca ina léachtóir, agus tháinig ardmheas air mar dhiagaire. Bhí cairde sa chúirt aige agus ba mhór an cúnamh é sin chun Coláiste Proinsiasach San Antaine a bunú i Lováin ar son na nGael. Ceapadh Mac Cathmhaoil féin mar uachtarán agus mar léachtóir sa choláiste.

Ansin thug an Pápa chun na Róimhe é chun a bheith ina léachtóir i gClochar Santa Maria in Aracoeli, agus rinne sé obair eile don Phápa. Thug sé an-lámh chúnta do Lucás Uaidín (nó Luke Wadding) chun coláistí Ludovisi agus San Iseadór a bhunú do na hÉireannaigh.

Ar 17 Márta 1625 thogh an Pápa Urban VIII thar a lán daoine eile é mar Ardeaspag Ard Mhacha. Coisriceadh é in Eaglais San Iseadór ar 7 Meitheamh 1625, in éineacht le Tomás Breatnach, Ardeaspag Chaiseal Mumhan. An Cairdinéal Gabriel de Trejo, fear a raibh bá aige le hÉirinn, a rinne an coisricean.

D'fhág diantréanas agus diansaothar Mhic Chathmhaoil in easláinte é. Ba mhinic ar a chéalacan agus ag paidreoireacht é, agus théadh sé ar cuairt chun cúigí an oird de shiúl a chos. Nuair a bhí sé ag fáil faoi réir le dul go dtí Éire, tháinig fiabhras air agus cailleadh é.

Cuireadh é in Eaglais San Iseadór, áit ar thóg Seán Ó Néill, Iarla Thír Eoghain, leacht os cionn a uaighe.

A shaothar cuir in eagar

Saothair Ghaeilge cuir in eagar

 
Coláiste na nGael, Lováin

Scríobh Mac Cathmhaoil ceithre dhán Nollag i nGaeilge, agus Scáthán Shacramuinte na hAthridhe, leabhar próis a tháinig ó chlóphreas Choláiste San Antaine i Lováin sa bhliain 1618. Ar na dánta Nollag úd tá An Naí Naomh:

Do-bhéar uisce liom go moch,
scuabfad urlár bocht Mhic Dé,
do-ghéan tine san anam fhuar
's tréigfead tré dhúthracht mo chorp chlaon.
 
Coláisde na nGaedheal, An Róimh
Nighfead a bhochtbhréide dhó,
is dá dtuga, a ógh, cead damh,
mo cheirt féin do bhainfinn díom
dá cur mar dhíon ar do mhac….

Saothair Laidine cuir in eagar

In Apologia pro Johanne Duns-Scoto chosain Mac Cathmhaoil, mar Phroinsiasach, Duns Scotus, diagaí agus fealsúnaí mór meánaoiseach, ar an ionsaí a rinne beirt Doiminiceach, agus mhaígh gurbh Éireannach é Scotus.

Ag seo liosta dá leabhair eile:

  • Scoti Commentaria in quatuor libros Sententiarum (dhá iml., fóiló, Antwerp 1620). Tá beatha Scotus mar réamhchuid leis.
  • Scoti Commentaria seu Reportata Parisiensia
  • Apologiam pro eodum vindicando ab injuriis allatis per Abrahamum Bzovium (q.d.)
  • Apologiam Apologiae supradictae pro Johanne Scoto Scriptae, in respondet Nicolao Jansenio Belgae Ord. Praedicatorum, Abrahami Bzovii partes suscipienti, no sine gravi Scoti et regni Hiberniae injuria. Prodiit Parisiis sub nomine Hugonis Magnesii discipuli Cavelli apud Michaelum Sonnium, anno 1623 (Párás 1623)
  • Quæstiones quodilibetales
  • Quæstiones in libros de anima
  • Quaestiones in Metaphysicam &c (Veinéis 1625)
 
Ollscoil Salamanca Fray Luis de Leon, áit a raibh Aodh Mac Cathmhaoil ina mhac léinn diagachta.

Féach freisin cuir in eagar

  • De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.). Nua-Dhuanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 1975
  • Ó Cléirigh, Tomás. Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaedhilge i Lobháin. Baile Átha Cliath: An Gúm 1936; 1985.
  • Ó Maonaigh, Cainneach (eag.). Scáthán Shacramuinte na hAithridhe, Institúid Ardléinn, DIAS 1952 1952.

Naisc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ainm.ie. "Aodh Mac Cathmhaoil". Dáta rochtana: 22 M.F. 2018.
  2. ainm.ie. "Aodh Mac Cathmhaoil". Dáta rochtana: 22 M.F. 2018.