Piaras Feiritéar

file Éireannach

Duine uasal de bhunadh na Normannach ba ea Piaras Feiritéar nó Pierce Ferriter (1600-1653). Bhí sé ina fhile oilte agus ina thaoiseach ar a chine. Áirítear é ar dhuine de na filí Gaeilge is nótála de chuid an 17ú haois.[1][2][3]

Infotaula de personaPiaras Feiritéar
Beathaisnéis
Breith1600
Bás1653
52/53 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisCláirseach
Caisleán an Fheirtéaraigh (Ferriter's castle)
in aice le Baile an Fheirtéaraigh

Ba leis na Feiritéaraigh roinnt mhór d'iarthar Chorca Dhuibhne i gCiarraí tráth den saol, agus dá chomhartha sin tá Baile an Fheirtéaraigh fós ann.

Is é an dáta is luaithe is féidir a lua le Piaras an bhliain 1633, mar tá sé féin agus Éamann, a athair, luaite i gcáipéis ón mbliain sin. Bhí Piaras geal le huaisle Gall agus Gael araon, agus nuair a thosaigh Cogadh 1641 thug Pádraigín Mac Muiris, Tiarna Chiarraí, arm buíne dó le go dtroidfeadh sé ar thaobh na nGall. B'ansa le Piaras an taobh eile, agus é ina chaptaen ar an arm a ghabh Caisleán Thrá Lí sa bhliain 1642, comhrac a d'fhág gonta é.

Bhí Piaras in ann an fód a sheasamh i gCiarraí anuas go dtí an bhliain 1652, nuair a ghabh Gobharnóir Nelson Caisleán Rois láimh le Cill Airne. Rinne Piaras téarmaí síochána a phlé le Nelson, ach ag filleadh abhaile dó rugadh air agus sacadh i bpríosún é.

Crochadh é ar Chnocán na gCaorach sa bhliain 1653.

A shaothar

cuir in eagar

Is éard is mó a tharraing clú ar Phiaras a chuid dánta grástúla grá, baint acu le traidisiún fada Eorpach agus iad breactha i ndeibhí scaoilte:

Léig dhíot th'airm, a mhacaoimh mná,
muna fearr leat cách do lot;
muna léige th'airmse dhíot
cuirfead bannaidhe ón rí ort.
Má chuireann tú th'airm ar gcúl
folaigh feasta do chúl cas,
ná léig leis do bhráighe bhán
nach léig duine de chách as…

Chum Piaras dán fada ar Mheig Russell, bean ghaoil leis an Ridire William Russell, fear ionaid Éilíse sa bhliain 1594. Is dócha gurb é sin an dán is fearr dár maireann dá chuid, agus tugann sé léargas ar an gcaidreamh a bhí aige ar uaisle Gall.

B'fhile cairdeasa freisin é Piaras, mar is léir ón dán a chum sé do Risteard Husae, lia:

Scoth ógán caomhinise Cé
Risteard rannghusta Husae,
cneas soighealta, ré dár reacht,
doileanta é 'na intleacht.
Lán beóil tíortha, tobar fis,
doras eóil, airgtheach Husae,
ár gcuidne i bhFódán na bhFionn,
oide ógán na hÉireann…

Deirtear gur chum sé filíocht i mBéarla freisin,[4] ach tá sin caillte, ar nós cuid mhaith dá fhilíocht Ghaeilge. Is dócha go raibh "Duanaire Phiarais Feiritéir," lámhscríbhinn staire agus filíochta, ag imeacht san 18ú haois, ach níl a thuairisc sin le fáil anois.[5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "Feiritéar, Piaras (Ferriter, Pierce) | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-03-02.
  2. "FEIRITÉAR, Piaras (c.1600–1653)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-03-02.
  3. "TUAIRISC SPEISIALTA: An ‘fórsa’ ag dúiseacht i gCorca Dhuibhne agus Star Wars tagtha go dtí an Ghaeltacht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-02.
  4. De Brún etc. (1975), lch 174.
  5. De Brún etc. (1975), lch 174.
  • De Brún, Pádraig agus Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheannainn, Tomás (1975). Nua-Dhuanaire: Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.
  • Ua Dhuinnín, P. Dánta Phiarais Feiritéir. Baile Átha Cliath: eag. 1, 1903; eag. 2, 1934.