Brian Mac Giolla Phádraig

file Éireannach a rugadh sa 16ú haois

File agus sagart ba ea Brian Mac Giolla Phádraig (c. 1580 - c. 1652).[1] Ba de shliocht uasal é, ó ba é a sheanathair, Brian, céad Bharún Osraí.

Infotaula de personaBrian Mac Giolla Phádraig
Beathaisnéis
Breith1580í
Bás1650í
60/79 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

I gCúlchoill in aice le Darú i Laois a bhí a mhuintir ina gcónaí, b'fhéidir. Rinneadh sagart de sa bhliain 1610, agus d'fhág sé Éire i dtús na bliana 1615, ach bhí sé ar ais sa bhaile timpeall dheireadh na bliana 1617. Ceapadh é ina bhiocáire ginearálta agus ina bhiocáire aspalda timpeall na bliana 1651. Ansin, áfach, d'imir baicle de Chromailigh anbhás air, agus fágadh a cheann in airde ar chuaille.

A shaothar cuir in eagar

Tá teacht ar ocht gcinn dá dhánta go fóill. Dán fada is ea Saltair na Rann (1,276 de línte ann - Do-ghéan dán do naomhaibh Dé) agus dánta gearra an chuid eile.

Scríobh sé lámhscríbhinní nach bhfuil fáil anois orthu. Rinne sé cóip den Leabhar Branach i mBaile an Chaisleáin i Laois sa bhliain 1622, agus is cosúil gur scríobh sé lámhscríbhinn eile i gCoill an Bharda i gContae Thiobraid Árann sa bhliain 1645.

Níl friotal an fhile gan ghéire:

Ábhar deargtha leacan do mhnaoi Chuinn é
táir is tarcaisne a thabhairt dá saorchlainn féin,
grá a hanama is altram a cíoch cruinn caomh
do thál at bhastard nach feadair cé díobh puinn é...

Léigh freisin cuir in eagar

  • Mhág Craith, C.. 'Brian Mac Giolla Phádraig,' Celtica 4 (1958), lgh 103-205.
  • De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). Nua-Dhuanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar