Fear Flatha Ó Gnímh

file Éireannach

File ba ea Fear Flatha Ó Gnímh (roimh 1602 - c. 1640) agus is dócha gur le tuaisceart Aontroma a bhain sé.[1] Fuair "Ferflatha Ogneiffe" pardún sa bhliain 1602 agus is cosúil gurb é an fear céanna atá i gceist.

Infotaula de personaFear Flatha Ó Gnímh
Beathaisnéis
Breithc. 1540
Básc. 1640
99/100 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Aontroim, áit dhúchais an fhile

Bhí Fear Flatha ina fhile ag Uí Néill Chloinne Aodha Buí agus d'fhág sé a lán dánta ina dhiaidh. Chum sé an ceann is déanaí acu uair éigin i ndiaidh na bliana 1638. Tá timpeall dhá cheann déag dá dhánta foilsithe.

Chonaic Fear Flatha an seansaol ag titim as a chéile agus a leithéidí féin ag cailleadh a seanghradaim. Sa dá cheathrú seo a leanas (cuid de dhán níos faide) luann sé muintir Dhálaigh agus muintir Uiginn, dhá dhream a chleacht ceird na filíochta riamh. (Ba ghnách do na filí a saothar a chumadh agus iad sínte ar leaba i mbothán.)

Ní clos scolaighe, scéal tinn,
d'Íbh Dhálaigh ná d'fhuil Uiginn;
ag túr lighe i leabthaibh both,
dá n-ealtain fhine eolach...
Tug fógra dhámh an domhain
is col d'fhágáil d'ealadhain
fuil chrannda dá cora i gcion
's na fola arda íseal.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). Nua-Dhuanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.
  • Ó Donnchadha, T. (1931). Leabhar Cloinne Aodha Buidhe. Baile Átha Cliath.