Osclóidh seo an príomhroghchlár

I ndeoise Chlochair a rugadh an tAthair Giolla Brighde Ó hEódhasa (Bonaventura), cé nach fios go cruinn cén bhliain ná fiú cá háit. Bhí baint ag a mhuintir le Contae Fhear Manach.

Cuireadh Giolla Brighde le filíocht, rud ba dhual dó, ó ba chine le filíocht a mhuintir. Is dealraitheach go raibh gaol éigin aige le Eochaidh Ó hEódhasa (c. 1565-1612), file clúiteach. Chaith Giolla Brighde seal dá réir i scoileanna filíochta na Mumhan, go háirithe le muintir Dhálaigh. Ina dhiaidh sin chuaigh sé le sagartóireacht i nDouai, mar a raibh sé le fáil sna blianta 1604-5. Bhain sé céim MA amach ansin agus glacadh isteach in ord San Proinsias i Lobháin sa bhliain 1607. Sa bhliain 1614 fuair sé bás ann leis an ngalar breac agus é ina ghairdian ar an gcoláiste.

SaotharCuir in Eagar

D'fhág Giolla Brighde roinnt dánta ina dhiaidh, ach fuarthas a lán saothar eile uaidh freisin. Bhí léann na Gaeilge agus na Laidine air, agus scríobh sé Rudimenta grammaticae Hibernicae, graiméar Gaeilge a leagadh amach de réir rialacha gramadaí na Laidine. Cuireadh teagasc Críostaí dá chuid i gcló sa bhliain 1614. Is dócha go dtiocfadh mórán eile uaidh ach fad saoil a bheith aige. Bhí a fhios aige gur gearr raon an duine:

A dhuine chuireas an crann,
cia bhus beó ag buain a ubhall?
Ar bhfás don chraoibh ghéagaigh ghil,
ré a fhéagain daoibh an deimhin?

Léigh freisinCuir in Eagar

  • De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). Nua-Duanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.
  • Ó Cléirigh, T. (1936). Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin. Baile Átha Cliath, lgh 28-34.

Féach freisinCuir in Eagar