Pádraig Ó Duincín

file agus cléireach Eaglais na hÉireann

File agus ministir in Eaglais na hÉireann ba ea an tUrramach Pádraig Ó Duincín (fl. 1615–1666).[1]

Infotaula de personaPádraig Ó Duincín
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsagart Anglacánach, file Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1615 –  1666

Fuair an Duincíneach oiliúint i gColáiste na Tríonóide. Bhí sé ina chléireach i bparóiste an Chreagáin i gContae Ard Mhacha sa bhliain 1615. Bhí sé ina churáideach ann timpeall na bliana 1633, agus bhí sé ina bhiocáire ar Dhomhnach Mór i gContae an Dúin sa bhliain 1641. Ghabh na Preisbitéaraigh é agus chuir an loch amach chun Oileán Mhanann é (1649 - 1651). D'fhill sé timpeall na bliana 1666, nuair a bhí an ré Chromaileach thart.

Beanna Boirche i gContae an Dúin

Sa dán Truagh mo thuras ó mo thír chuireann sé síos le héifeacht ar a dhíbirt agus déanann tagairt don seanchas:

Truagh mo thuras ó mo thír
go crích Mhanannáin mhín mhic Lir,
idir triúr Piúratán - meabhal géar -
gearr mo shaol más buan na fir…
Dá maireadh Fearghas mac Róigh,
nó Cú Chulainn dar chóir gradh,
nó Murchadh mac Briain, ceann na sluagh,
do chiorróidís go luath mo chrádh...

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • De Brún, Pádraig, Ó Buachalla, Breandán agus Ó Concheanainn, Tomás (eag.) (1975). Nua-Dhuanaire, Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath.

Tagairtí cuir in eagar