Osclóidh seo an príomhroghchlár

Craobh de chuid na hEaglaise Críostaí, agus cúige neamhspleách den Chumann Anglacánach is ea Eaglais na hÉireann. Ordaithe ar bonn Uile Éireann, tá sí ar an dara eaglais is mó ar an oileáin, i ndiaidh na hEaglaise Caitlicigh Románaigh. Mar an gcéanna leis na heaglaisí Anglacánacha eile, tá tréithe ón ré réamh-Reifirméisean coimeádta aici, go háirithe a polaití easpagóideach, cé go ndiúltaíonn sí príomhaíocht an Phápa. Dar le cúrsaí diagachta agus liotúirge, tá an-chuid prionsabal den Reifirméisean, ach go háírithe iad siúd ar bhain leis an Reifirméisean Sasanach. Fograítear ag an eaglais go bhfuil sí caitliceach agus Leasaithe mar an gcéanna. I measc na heaglaise, bíonn difríochta ann idir iad siúd atá níos tugtha don traidisiúin Caitliceach ("Eaglais Ard"), agus iad siúd atá níos tugtha don tradisiúin Leasaithe/Protastúnach ("Eaglais Ísil"). Ar chúiseanna traidisiúnta agus stairiúla, meastar gur eaglais Protastúnach atá in Eaglais na hÉireann.

Tá an eaglais eagraithe i 422 paróiste trí 12 deoisí. Tá 350,000 míle ball ann ar fud na hÉireann, 275,000 i dTuaisceart Éireann agus 75,000 i bPoblacht na hÉireann.

Tá dhá chúige ag an eaglais, Ard Mhacha agus Baile Átha Cliath. Tugtar "Príomhach na hÉireann" ar Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, agus "Príomhach Uile Éireann" ar Ardeaspag Ard Mhacha.

Ardeaglais Phádraig, BÁC

StairCuir in Eagar

Bhí Eaglais na hÉireann aitheanta ag rialtas na Breataine mar eaglais oifigiúil na hÉireann ó aimsir an tAthleasú Creidimh sa 16ú haois go dtí gur díbhunaíodh í sa bhliain 1869. Ar an 26 Iúil 1869, rith Parlaimint Shasana an tAcht chun Eaglais na hÉireann a dhíbhunú

GaeilgeCuir in Eagar

Cuireadh béim ó thús ar theanga na ndaoine a úsáid i searmanais agus i bpaidreacha.[1] Dá bhrí sin rinneadh aistriúchán ar Leabhar na nUrnaithe Coitianta agus ar an Tiomna Nua go Gaeilge.

Tá Leabhar na nUrnaithe Coitianta ar fáil i nGaeilge i gcónaí, agus rinne baill ghníomhacha na hEaglaise an-obair chun ábhar creidimh agus eile a sholáthar i nGaeilge ó thús. Chuir Coslett Ó Cuinn aistriúchán nua den Tiomna Nua ar fáil i 1970.

Tá cumann fá choinne na Gaeilge in Eaglais na hÉireann, Cumann Gaeilge na hEaglaise.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Eaglais na hÉireann. "An Ghaeilge agus Eaglais na hÉireann".