Is bratach í Sailtír Naomh Pádraig (nó Cros Naomh PádraigBratach Naomh Pádraig; Saint Patrick’s Saltire i mBéarla) a sheasann do Éireannaigh sa Bhreatain. Tá an bhratach á úsáid ón mbliain 1801 i leith sa Union Jack.

Bratach Naomh Pádraig

Úsáid cuir in eagar

Is siombail í cros Naomh Pádraig ag Eaglais na hÉireann (Anglacánach).[1] Cuireann roinnt eaglaisí ar foluain í ar Lá Fhéile Pádraig, ar fhéilte eile agus ar ócáidí speisialta. Is í seo an t-aon bhratach amháin (diomaite de shiombail rós an chompáis a bhaineann leis an Chomaoin Anglacánach) atá ceadaithe go hoifigiúil ar fhoirgnimh de chuid Eaglais na hÉireann nó ar thailte na heaglaise.

 
Inis Eonáin, Eaglais na hÉireann

Conspóidí cuir in eagar

Creideann roinnt daoine nár chóir go mbeadh cros ag Naomh Pádraig cionn is, murab ionann is naoimh eile a bhfuil crosa luaite leo, nach ndearnadh mairtíreach de. Ach rinneadh mairtírigh den bheirt acu Naomh Seoirse agus Naomh Aindriú.[1]

Creideann daoine eile, áfach, go bhfuil sé de cheart ag Naomh Pádraig a chros agus a bhratach féin a bheith aige agus iad a bheith mar chuid de bhratach na Ríochta Aontaithe cionn is gurb é Pádraig an t-aon naomh acu a raibh baint aige leis an tír a bhfuil sé luaite léi: Éire. i gcodarsnacht, is lú an fhianaise go raibh baint ag Naomh Seoirse le Sasana ná ag Naomh Aindriú le hAlbain.

Tagairtí cuir in eagar