Cumann Gaelach na hEaglaise
grúpa Gaeilge in Eaglais na hÉireann
(Athsheolta ó Cumann Gaeilge na hEaglaise)
Is é Cumann Gaelach na hEaglaise an cumann fá choinne úsáid agus cothú na Gaeilge in Eaglais na hÉireann. Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun:
- meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile,
- úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais
- iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus
- ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise
Sonraí | |
---|---|
Cineál | eagraíocht |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1914 |
Bunaitheoir(í) | Neilí Ní Bhriain agus George Annesley Ruth |
Suíomh gréasáin | http://www.gaeleaglais.ie/ |