An Chríostaíocht
Is creideamh aondiach í an Chríostaíocht atá bunaithe ar shaol agus ráitis Íosa Chríost sa Tiomna Nua.

Na trí dreamanna sa domhan Críostaí ná an Eaglais Chaitliceach Rómhánach, na eaglaisí Ceartchreidmheachas agus na sainchreidimh éagsúla Protastúnachas.
Creidimh Cuir in Eagar
Creideann Críostaithe gurb é Íosa an Slánaitheoir. Mar thoradh air sin, tugann siad an t-ainm An Críost air. Teagasc an Chríostaíocht go raibh Íosa ina Mhac Dé le linn a bheatha dhaonna, de shliocht Dháibhí, agus ina Mhac Dé le cumhacht ag a aiséirí, agus le spiorad na naofachta.
Stair Cuir in Eagar
An Luath-Eaglais Cuir in Eagar
Thosaigh an Chríostaíocht sa chéad aois mar sheict Ghiúdach. Roinneann sí a lán téacsanna reiligiúnacha leis an Ghiúdachas, go háirithe an Sean Tiomna. Cosúil leis an Ghiúdachas agus an tIoslam, aicmítear an Chríostaíocht mar reiligiún Abrahámach ós rud é go bhfuil na trí chreideamh bunaithe ar an traidisiún faoi Abrahám.
Bhí an t-ainm "Críostaí" (Gréigis: Χριστιανός) curtha ar na deisceabail don chéad uair in Antiógh, de réir Aicteanna 11:26. Deirtear gurb é Iogna ón Antiógh a bhain úsáid as an téarma "Críostaíocht" (Gréigis Χριστιανισμός) i dtús.
Na Meánaoiseanna Cuir in Eagar
Leis an meath agus titim den Impireacht na Róimhe san iarthar, d'éirigh an phápacht sáite sa pholaitíocht, ag tosú leis an taidhleoireacht a rinne an Pápa Leo leis na Hunaigh agus na Vandail.
Scoilt an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus Ceartchreidmheachas na Oirthear as a chéile sa Siosma Mór na 1054 AD.
An Reifirméisean Cuir in Eagar
Tháinig Protastúnachas ina saol i rith an Reifirméisean Protastúnach sa 16ú haois, ag scoilteadh as an Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
Sacraimintí Cuir in Eagar
Samplaí sacraimintí ná an baisteadh, an Aifreann agus an Eocairist. Tháinig an focal as an Laidin sacramentum, cé a raibh é úsáidte a aistriú an focal Gréigis den 'rúndiamhair'.
Ballraíocht Cuir in Eagar
Tá tuairim is 2.1 billiún Críostaí timpeall an domhain, rud a fhágann gurb í an chreideamh is mó sa chruinne í. Tá sí ar an bpríomh-reiligiún sa Mheiriceá Thuaidh, sa Mheiriceá Theas, san Eoraip, sna hOileáin Fhilipíneacha, san Aigéine agus i bpáirt mhóra na hAfraice. Tá an Críostaíocht ag fás go tapa san Áise, go háirithe sa tSín, sa Chóiré Theas, agus san Afraic Thuaidh.
Tagairtí Cuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |