Staid ina mbaineann orgánaigh feidhm as ábhair ón timpeallacht trína bpróisis meitibileachta, chun fás, a gcórais feidhmiúcháin a choinneáil, a struchtúir a dheisiú, agus iad féin a atáirgeadh. Tá gach foirm bheatha ar Domhan bunaithe ar aigéid núicléasacha, DNA (aigéad dí-oscairibeanúicléasach) nó RNA (aigéad ribeanúicléasach), a iompraíonn an t-eolas géiniteach dúchasach. Tuigtear gur thosaigh an bheatha ar Domhan timpeall 3,500-3,800 milliún bliain ó shin i bhfoirm baictéar simplí faoi chúinsí ina raibh comhábhair bhunúsacha ábhair orgánaigh (meatán, amóinia, hidrigin is galuisce) i láthair san atmaisféar bunaidh. De réir a chéile tharla éabhlóid cheimiceach do na ceimiceáin seo le fuinneamh ó sholas na Gréine is stoirmeacha leictreacha, agus chuingrigh siad i móilíní níos casta gur tháinig aigéid núicléasacha fhéinatáirgthe chun cinn.[1]

Plandaí ina mbeatha

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Beatha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 68.