Éabhlóid
Is éard atá i gceist leis an éabhlóid (ar a dtugtar éabhlóid bhitheolaíoch nó orgánach) ná na hathruithe i gceann amháin nó níos mó i dtréithe oidhreachtúla na bpobal tríd na glúinte. Is tréithe idirdhealaitheacha faoi leith iad, tréithe ó oidhreacht, lena n-áirítear saintréithe anatamaíocha, bithcheimiceacha nó iompraíochta. Seans go dtarlódh éabhlóid nuair atá éagsúlacht laistigh de phobal.
Is iad príomhfhoinsí na n-éagsúlachtaí ná sóchán, athchuingir ghéiniteach agus sreabhadh géinte. D'éirigh éagsúlú gach orgánach beo ó shinsear coitianta as éabhlóid, próiseas a rinne Charles Darwin cur síos ar mar «foirmeacha éigríochta is áille agus is iontach».
Ba iad Charles Darwin agus Alfred Russel Wallace a bhunaigh teoiric an roghnaithe nádúrtha sa naoú haois déag. Níor thuig éinne meicníocht na héabhlóide go dtí gur bunaíodh an ghéineolaíocht. Is í an éabhlóid príomhbhunús na bitheolaíochta sa lá atá inniu ann.
Naisc
cuir in eagar- Éabhlóid an Chine Dhaonna (Gaeilge)
- Céimeanna san Éabhlóid - Dúnta i gcomhair Athchóirithe Curtha i gcartlann 2012-11-12 ar an Wayback Machine (Gaeilge)
- An Introduction To Evolution (Béarla)
- Understanding Evolution (Béarla)
- Modern Theories of Evolution Curtha i gcartlann 2009-08-06 ar an Wayback Machine (Béarla)
- Évolution. De l'origine de la vie aux origines de l'homme (Fraincis)