Charles Darwin

nádúraí Sasanach

Nádúraí Sasanach ba ea Charles Robert Darwin [tʃɑrlz 'dɑː.wɪn] (12 Feabhra 180919 Aibreán 1882 a thug faoi deara agus a thaispeáin gur eascair speicis uilig an tsaoil seo as sinsearach coiteann: bhunaigh sé teoiric an roghnú nádúrtha.

Infotaula de personaCharles Darwin
Charles Darwin portrait.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Charles Robert Darwin
12 Feabhra 1809
The Mount, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Aibreán 1882
73 bliana d'aois
Down House, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaAbtheach Westminster Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas agus Agnóisí
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Cambridge - diagacht (1828–)
Ollscoil Dhún Éideann - míochaine (1825–)
Shrewsbury School (en) Aistrigh (1818–1825)
University of Edinburgh Medical School (en) Aistrigh
Coláiste Chríost, Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Máistreacht sna hEalaíona
Legum Doctor (en) Aistrigh
Áit chónaitheThe Mount
Teanga dhúchaisEnglish language in England (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmgeolaí, nádúraí, fealsamh, eiteolaí, taiscéalaí, scríbhneoir ábhar taistil, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidAdam Sedgwick agus John Edmonstone (en) Aistrigh
Faoi thionchar
Teangacha a labhraíonn nó a scríobhann sé/síAn Béarla
Ghlac sé/sí páirt i
27 Nollaig 1831second voyage of HMS Beagle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
[[Índex Internacional de Noms de Plantes|Botanist author abbreviation (en) Aistrigh]] DarwinDarwin
[[Codi Internacional de Nomenclatura Zoològica|Author citation (zoology) (en) Aistrigh]] DarwinDarwin
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileEmma Darwin (1839–1882), bás Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAnne DarwinLeonard DarwinHorace DarwinCharles Waring DarwinElizabeth DarwinGeorge DarwinWilliam Erasmus DarwinHenrietta DarwinFrancis DarwinMary Eleanor Darwin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRobert Darwin  agus Susannah Darwim
SiblínErasmus Alvey Darwin, Caroline Darwin, Marianne Darwin, Emily Darwin agus Susan Darwin
Duine muintearthaUrsula Mommens (en) Aistrigh (great-granddaughter (en) Aistrigh)
Josiah Wedgwood II (uncail, athair a mhná céile)
Emma Darwin (female first cousin (en) Aistrigh)
Robin Darwin (fionnó)
Sarah Darwin (en) Aistrigh () Cuir in eagar ar Wikidata
Dámhachtain a fuarthas
Síniú
Charles Darwin Signature.svg

Charles Darwin Coat of Arms.svg

IMDB: nm6143881 iTunes: 156138118 Musicbrainz: 71b891f5-92bb-42be-9c45-98b8f56a3177 Discogs: 465460 Find a Grave: 1279
Charles Darwin sa bhliain 1854, cúig bliana sular foilsíodh The Origin of Species

Chuir sé Teoiric na hÉabhlóide chun cinn ina leabhar cáiliúil On the Origin of Species sa bhliain 1859. Rinne a smaointí athmhúnlú raidiciúil ar na heolaíochtaí nádúrtha go léir.

ÉabhlóidCuir in Eagar

Sa bhliain 1831, sheol Darwin ar an rnBeagle chun farraigí Mheiriceá Theas a thaiscéaladh, agus thaistil ar fud an Aigéin Chiúin.[1] Ag éirí as a bhreathnuithe agus saothar Alfred Russel Wallace, shaothraigh sé teoiric na héabhlóide. Leag sé amach an teoiric ina leabhar On the Origin of Species by Means of Natural Selection (Ar Bhunús na Speiceas trí Mheán an Roghnaithe Nádúrtha, 1859).

De réir na teoirice seo d'fhorbair gnéithe plandaí is ainmhithe trí roghnú nádúrtha na n-athruithe sin a chuir le cumas maireachtála is atáirgthe an orgánaigh thar na glúine. 3,500 milliún bliain ó shin, ní raibh ach orgánaigh shimplí aoncheallacha mar bhaictéir ar domhan, agus faoi seo tá orgánaigh i bhfad níos casta ann, daoine is ainmhithe eile ina measc.

I rith na n-aoiseanna d'fhorbair is d'fhorás na foirmeacha simplí ina bhfoirmeacha casta. Bhain Darwin feidhm as fianaise na n-iontaisí chun an teoiric seo a shaothrú, agus tá an eolaíocht ghéiniteach ag cur léi i láthair na huaire.

ConspóidíCuir in Eagar

Ceanglaíodh leagan amach Darwin le hiomad smaointe, teoiricí, agus idé-eolaíochtaí eile, mar shampla an náisiúnachas idé-eolaíoch, an t-impiriúlachas, an ciníochas, an caipitleachas, eoiginic, gan trácht ar ar síleadh faoi thodhchaí teangacha.[2]

Ní fios fós gach mionphointe d'fheidhmiú na héabhlóide, agus tá an-chuid taighde ar siúl an t-am ar fad chun an scéal a shoiléiriú is a iomlánú. Tá conspóid ann ó foilsíodh leabhar Darwin idir na heolaithe a ghlacann lena theoiric is daoine a chreideann i mbrí litriúil na cruthaíochta sa Bhíobla. Ach ní conspóid eolaíochta í seo, bunaithe ar fhianaisí infhíoraithe, ach conspóid reiligiúnda is/nó pholaitiúil.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. "Anuas den tSeilf". Feasta 63 (4), 19-20. 1 Aibreán 2010