Is í an Zó-eolaíocht (nó an mhíoleolaíocht) (ón Ghréigis: ζῴον, zoion, "ainmhí"; agus λόγος, logos, "eolas") an brainse den bhitheolaíocht ina ndéantar staidéar ar bheatha ainmhithe. Rangaítear na hainmhithe ó aimsir Arastatail de réir cosúlachtaí seachtracha is timpeallachta. Chuir Linnaeus go mór leis an rangú, ionas go n-ainmítear gach ainmhí (is planda) le dhá ainm Laidineacha, ceann don ghné is ceann don speiceas. Leath réimse na míoleolaíochta go mór le cur i bhfeidhm modhanna oibre is tuiscintí as sutheolaíocht, fiseolaíocht, cíteolaíocht, bithcheimic, géineolaíocht is éiceolaíocht. Ba mhór an chabhair modhanna turgnamhacha nua freisin, agus forbairtí in ionstraimí de shaghas micreascóp leictreonach.

Staidéar ainmhithe