David Hume
Fealsúnaí, staraí, eacnamaí agus scríbhneoir aistí de chuid Eagnaíocht na hAlban ba ea David Hume (7 Bealtaine 1711 – 26 Lúnasa 1776).[1] Tá clú air de bharr a leagan féin den eimpíreachas, den sceipticheas agus den nádúrachas.[2] Rinne sé iarracht ar eolaíocht nádúraíoch an duine a bhunú agus í ag scrúdú bhunús síceolaíoch nádúr an duine, rud ar chuir sé síos air in A Treatise on Human Nature. D’áitigh sé nach raibh smaointe ó dhúchas ann agus go dtagann an t-eolas ón eispéireas.
(1766) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 26 Aibreán 1711 (Iúlach) Dún Éideann, Scotland |
Bás | 25 Lúnasa 1776 65 bliana d'aois Dún Éideann, Scotland |
Áit adhlactha | Old Calton Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Aindiachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Dhún Éideann |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fealsúnacht, meitifisic, eipistéimeolaíocht, fealsúnacht na hintinne, eitic, polaitíocht, aeistéitic, fealsúnacht reiligiúin, stair, aiste agus eacnamaíocht |
Suíomh oibre | Albain |
Gairm | fealsamh, staraí, scríbhneoir aistí, leabharlannaí, eacnamaí, scríbhneoir |
Fostóir | Embassy of the United Kingdom, Paris (en) (1763–1766) Advocates Library (en) (1752–1757) |
Ball de | |
Gluaiseacht | Eimpíreachas, nádúrachas, philosophical skepticism (en) agus An Eagnaíocht |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Joseph Hume agus Katherine Falconer |
Siblín | John Hume |
Fealsúnacht
cuir in eagarD’áitigh Hume nach féidir réasúnaíocht induchtaitheach agus creideamh i gcúisíocht a dheimhniú ó thaobh an réasúin de; tá siad ag brath ar nósanna agus ar thaithí. Ní fheicimid i ndáiríre gurb amhlaidh gur rud áirithe is cúis le rud eile. Ní bhraithimid ach “cónasc imeachtaí”. Chun an chúisíocht a thuiscint as ar tharla cheana, de réir fhadhb seo an induchtaithe, caithfear a shamhlú go mbeidh an t-am atá le teacht cosúil leis an am atá caite, réamhghlacan nach féidir a bhunú ar eispéireas roimh ré.[3]
Chuir sé in aghaidh réasúnaithe fealsúnacha agus barúil aige gur mothúcháin seachas réasún a théann i bhfeidhm ar iompar an duine. D’fhógair sé: "Reason is, and ought only to be the slave of the passions".[4]
Bhí sé ina mhaoithneachasaí freisin agus barúil aige go bhfuil moráltacht bunaithe ar mhothúcháin seachas ar phrionsabail theibí. Ba mhaith leis riamh míniú nádúraíoch ar fheiniméin mhorálta, agus glactar go coitianta leis gurb eisean ba thúisce a léirigh an fhadhb “tá/ba cheart” – ní leor fíoras a chur in iúl chun a chinntiú go normatach céard ba cheart a dhéanamh.
Shéan Hume freisin nach bhfuil eolas againn ar an mise. Dúirt sé nach mbraithimid ach burla mothúchán agus nach bhfuil sa mhise ach an burla sin de bhraistintí a cheanglaímid le chéile le cúisíocht. Tá teoiric comhoiriúnachta den saorthoil aige agus glacann sé leis go bhfuil an cinnteachas ag cur go hiomlán le saoirse an duine.[5] Bhí tuairimí conspóideacha aige maidir le fealsúnacht an reilgiúin, mar níor chreid sé i míorúiltí agus dhiúltaigh sé don argóint theileolaíoch i bhfabhar Dia a bheith ann (i.e. argóint ar son thoil Dé).
Bhí tionchar ag Hume ar fhóntachas, posaitíbheachas loighciúil, fealsúnacht anailíseach luath, eolaíocht chognaíoch, diagacht agus réimsí eile. Dúirt Immanuel Kant gurbh é Hume a mhúscail as “codladh an dogmatachais” é.
Nótaí
cuir in eagar- ↑ William Edward Morris, "David Hume", in The Stanford Encyclopedia of Philosophy (2014), Edward N. Zalta (eag.)
- ↑ Fumerton, Richard, "Foundationalist Theories of Epistemic Justification". Stanford Encyclopedia of Philosophy, 2000
- ↑ Berlin, Isaiah (2013). "The Roots of Romanticism". Princeton: Princeton U.P..
- ↑ Hume, David, Treatise on Human Nature
- ↑ "Hume on Free Will" (2016). Metaphysics Research Lab, Stanford University.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Hume Texts Online (davidhume.org) Saothair Hume in eagráin údarásacha inchuardaithe, le foinsí eile (ailt, liosta leabhar agus lámhscríbhinn na Dialogues)
- David Hume le leaganacha den Treatise, Abstract of the Treatise, an dá Enquiries, Dialogues Concerning Natural Religion, agus ceithre aiste