Immanuel Kant

fealsamh Gearmánach (1724–1804)

Fealsamh iomráiteach ó Ríocht na Prúise i Ré na hEagnaíochta ba ea Immanuel Kant (22 Aibreán 1724 - 12 Feabhra 1804).

Immanuel Kant
Kant foto.jpg
Saol
Eolas breitheKönigsberg, 22 Aibreán 1724
Náisiúntachtan Phrúis
an Phrúis
Áit chónaitheKönigsberg
Teanga dhúchaisAn Ghearmáinis
BásKönigsberg, 12 Feabhra 1804
Áit adhlacthaKönigsberg Cathedral (en) Aistrigh
Muintir
AthairJohann Georg Kant
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Oideachas
Alma materOllscoil Königsberg
Collegium Fridericianum
Mic léinn dochtúireachtaAnton Friedrich Justus Thibaut
Markus Herz
Johann Gottlieb Fichte
Karl Leonhard Reinhold
TeangachaAn Ghearmáinis
MúinteoiríMartin Knutzen
Johann Gottfried Teske (en) Aistrigh
Mic léinnJakob Sigismund Beck
Christian Jakob Kraus
Johann Gottlieb Fichte
Markus Herz
Gairm
Gairmfealsamh, antraipeolaí, fisiceoir, leabharlannaí, scríbhneoir, oideolaí, múinteoir ollscoile, matamaiticeoir agus philosopher of law (en) Aistrigh
FostóiríOllscoil Königsberg
Saothar iomráiteachCritic an Ghlan-Réasúin
Critik der practischen Vernunft
Critique of Judgment (en) Aistrigh
Prolegomena to Any Future Metaphysics (en) Aistrigh
Answering the Question: What Is Enlightenment? (en) Aistrigh
The Metaphysics of Morals (en) Aistrigh
Religion within the Bounds of Bare Reason (en) Aistrigh
Groundwork of the Metaphysic of Morals (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthiDavid Hume, George Berkeley, Christian Wolff, Jean-Jacques Rousseau, Francis Hutcheson, Isaac Newton, Platón, Johannes Nikolaus Tetens, Michel de Montaigne, René Descartes, Gottfried Leibniz, John Locke, Nicolas Malebranche agus Benedictus de Spinoza (en) Aistrigh
BallraíochtAcadamh Ríoga na Prúise um Eolaíocht
Acadamh Rúiseach na nEolaíochtaí
GluaiseachtGerman idealism (en) Aistrigh
An Eagnaíocht
Cleamhnú
ReiligiúinLiútarachas
Immanuel Kant signature.svg

SaotharCuir in Eagar

I dteagasc an Idéalachais Tharchéimniúla d’áitigh Kant nach raibh sa spás, san am agus sa chúisíocht ach céadfachtaí; tá “rudaí iontu féin” ann ach ní féidir eolas a fháil orthu.

Dúirt Kant go gcuireann an intinn cruth ar an eispéireas agus go bhfuil na hairíonna céanna ag an eispéireas daonna go léir. Tá tagairt do réabhlóid Copernicus ina thairiscint go bhféadtar réada a iomasú a priori (roimh ré) agus dá bhrí sin go bhfuil an t-iomasú neamhspleách ar an réaltacht oibiachtúil.[1] Shíl Kant gurbh é an réasún máthair na moráltachta agus gur tháinig an aeistéitic d’acmhainn bhreithiúnais neamhchlaonta. Tá tionchar ag tuairimí Kant ar fhealsúnacht ár linne fós, go háirithe i réimsí na eipistéimeolaíochta, na heitice, na teoirice polaitiúla agus na aeistéitice iar-nua-aoisí.

Scríobh Kant a mhórshaothar Critic an Fhíor-Réasúin (1781)[2] chun an gaol idir réasún agus eispéireas daonna a mhíniú. Bhí fonn air deireadh a chur le teoiricí amhantracha faoin eispéireas daonna agus cur i gcoinne sceipteachas David Hume agus a leithéidí. Shíl sé gur sháraigh sé an fál go haer a thóg réasúnaithe agus eimpírithe eatarthu féin,[3] agus meastar go forleathan gur chomhtháthaigh sé an dá thraidisiún.[4]

Ba é tuairim Kant go dtiocfadh síocháin shíoraí de dhaonlathas uilíoch agus de chomhoibriú idirnáisiúnta. Shíl sé go dtarlódh sé seo de bharr na staire uilíche cé nach mbeadh sé pleanáilte. Tá díospóireacht ar siúl go fóill faoi smaointe reiligiúnda Kant. Deir daoine éigin gurbh aindiachaí ar dtús é agus gur chum sé argóint ointeolaíoch ar son Dé i gceann tamaill, agus tá daoine eile níos déine air, go háirithe Schopenhauer, fealsamh a dúirt nach raibh i bhfoirm ordaitheach eitic Kant ach “moráltacht dhiaga” agus “Deich nAitheanta Mhaois faoi cheilt,”[5] agus Nietzsche, a mhaígh go raibh fuil diagaire in Kant[6] agus nach raibh ann ach cosantóir sofaisticiúil na Críostaíochta.

D’fhoilsigh Kant saothair thábhachtacha eile ar eitic, reiligiún, dlí, aeistéitic, réalteolaíocht agus stair. Orthu sin tá Stair Nádúrtha Uilíoch (1755), Critic an Réasúin Phraiticiúil (1788), Meitifisic na Moráltacha (1797), Critic an Bhreithiúnais (1790), leabhar ar aeistéitic agus ar theileolaíocht, and Reiligiún Laistigh de Theorainn an Lom-Réasúin (1793).

SaolCuir in Eagar

Ba in Konigsberg a saolaíodh is a cuireadh oideachas ar Kant.

NótaíCuir in Eagar

  1. "We here propose to do just what Copernicus did in attempting to explain the celestial movements. When he found that he could make no progress by assuming that all the heavenly bodies revolved round the spectator, he reversed the process, and tried the experiment of assuming that the spectator revolved.... We may make the same experiment with regard to the intuition of objects. If the intuition must conform to the nature of the objects, I do not see how we can know anything of them a priori. If, on the other hand, the object conforms to the nature of our faculty of intuition, I can then easily conceive the possibility of such an a priori knowledge." Kant, Immanuel. Aistrithe ag J.M.D. Meiklejohn, Critique of Pure Reason.
  2. "Critique of Pure Reason" (1996). Indianapolis: Hackett. 
  3. "Kant on Empiricism and Rationalism" (January 2013). History of Philosophy Quarterly 30 (1): 53–74. 
  4. Rohlf, Michael; Zalta, Edward N. (eag.): "Immanuel Kant": http://plato.stanford.edu/entries/kant/%7Cencyclopedia=Stanford[nasc briste go buan] Encyclopedia of Philosophy, Metaphysics Research Lab, Stanford University, 2018
  5. Arthur Schopenhauer, On the basis of Morals, in The Two Fundamental Problems of Ethics]] aistrithe ag Chris Janaway 2009, míreanna 4-5
  6. Friedrich Nietzsche, An Frith-Chríost (1895), para. 10.