Arthur Schopenhauer
fealsamh Gearmánach (1788–1860)
Fealsamh Gearmánach ab ea Arthur Schopenhauer (Danzig 22 Feabhra 1788 - Frankfurt am Main 21 Meán Fómhair 1860). Bhí sé ar dhuine de na fealsúna sa naoú haois déag ba thúisce a chuir an tuairim i bhfocail go raibh an domhan bunaithe ar phrionsabail mhíréasúnta. Cosúil le George Berkeley, bhí Schopenhauer barúlach nach mbeadh ollchruinne ar bith ann ach gurbh é go raibh an duine ann agus é ag tabhairt na hollchruinne faoi deara. Bhí dearcadh dorcha éadóchasach aige ar an saol, nach raibh ann, go bunúsach, ach gleann na ndeor. Maidir leis an moráltacht, bhunaigh sé í ar an trua agus ar an gcomhbhrón, a cheadódh don duine bua a fháil ar a fhéinspéis.
TagairtíCuir in Eagar
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Arthur Schopenhauer. |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |