Eitic
Is éard is brí leis an téarma eitic[1] ná staidéar is measúnú ar iompar daonna ó dhearcadh na moráltachta. Bíonn coincheapa cosúil le coinsias, dualgas, freagracht, caighdeán, rialacha, cuspóirí pearsanta is sóisialta, gairmiúlacht agus a lán eile i gceist. Is iomaí teoiric, cur chuige is uirlis a tairgeadh thar na blianta chun fadhbanna eitice a réiteach: an t-imfhios, an cleachtadh turgnamhach, an t-idéal meitifisiciúil, an stát polaitiúil (nó an cumann gairmiúil), an dlí, an indibhid féin. Cosúil leis an mbeatha i gcoitinne, tagann fadhbanna eitice chun cinn arís is arís eile san eolaíocht is an teicneolaíocht: an eotanáis, an eoiginic, an bochtanas, an gorta, airm núicléacha, airm fhorbartha i gcoitinne, úsáideanna an Idirlín, truailliú an aeir, an uisce is na talún, ídiú foinsí nádúrtha, idirghníomhuithe daonna le hainmhithe, agus a lán lán eile.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): eitic” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-03.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eitic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 246.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |