Eoiginic
Iarmhairtí a fheabhsaíonn dúchas an chine dhaonna (nó a dhéanann dochar dó) is ea eoiginic, go fisiciúil is go hintleachtach, trí steiriliú, oideachas, fachtóirí sóisialta is a leithéid.
StairCuir in Eagar
Francis Galton a chum an coincheap is an téarma i 1883. Bhí sé i gceist daoine nach raibh oiriúnach a chosc ó shíolrú, agus a mhalairt maidir le daoine a bhí oiriúnach.
Tharraing gluaiseachtaí polaitiúla a raibh polasaithe mar seo acu sa Ghearmáin is na Stáit Aontaithe sa chéad chuid den 20ú céad míchlú críochnaithe uirthi.
Cur in aghaidhCuir in Eagar
Ceistíodh an modh smaointeoireachta seo go héifeachtach i leabhair cosúil le Brave New World (Domhan Nua Dána, 1932) le Aldous Huxley, agus Nineteen Eighty-Four (Míle Naoi gCéad Ochtó Ceathair, 1949) le George Orwell.
"March for Science" 2017, in Washington, DC.
Lucht tacaíochta eoiginiceCuir in Eagar
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |