Tomhas eolaíochta ar an gcorp daonna (méid an duine) is ea antrapaiméadracht, chun críocha comparáide .[3] Sainmhíniú eile is ea "staidéar comparáideach ar thoisí chorp an duine is a athruithe le himeacht ama".[4]

"An Irish type from Galway", 1897[1][2]

Is iad na toisí is minice a ndéantar staidéar orthu ná meáchan, airde, tiús fhilleadh craicinn, imlíne lár na géige, faid choibhneasta na ngéag, agus cóimheas idir coim is cromáin. Tá cairteacha caighdeánacha ar fáil a léiríonn gnáth-raon na dtoisí seo do ghrúpaí éagsúla (mar shampla, aoisghrúpa buachaillí ar leith). Soláthraíonn an staidéar léargas ar éabhlóid an duine, cothú, agus oiriúnú daoine do chúinsí aeráide is eile. Baintear feidhm as i ndearadh earraí mar éadaí,éadaí, suíocháin feithicil, leapacha is eile.

Stair cuir in eagar

 
"Studies in Irish Craniology"[5], 1892

Bhunaidh Francis Galton an chéad saotharlann antrapaiméadrachta i Londain sa bhliain 1884.

Bhunaigh an tOllamh Daniel J. Cunningham saotharlann antrapaiméadrachta i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath i 1891.[6][7][2]

Dearthóireacht cuir in eagar

Sa lá atá inniu ann, tá antrapaiméadracht curtha san áireamh sa dearthóireacht, mar shampla chun anailís a dhéanamh ar an tionchar ar dhearadh táirge agus an ghaol idir táirge agus úsáideoir;[8]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Popular Science Monthly/Volume 52/December 1897/The Racial Geography of Europe: The British Isles XI
  2. 2.0 2.1 David Harris, www.inetlab.co.uk & Daniel Burt, www.sunnymedia.co.uk. "Aran Island photograph" (en). web.prm.ox.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-10-30.
  3. An Roinn Sláinte. "MEÁCHAN SLÁINTIÚIL d‟ÉIRINNː Beartas agus Plean Gníomhaíochta maidir le Murtall 2016 - 2025". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-18. Dáta rochtana: 2020.
  4. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  5. "Ethnography of the Aran Islands", County Galway, ó "Proceedings", 3rd Ser., vol. II, no. 5 (1892). The Royal College of Surgeons of England.
  6. Ciarán Walsh (2020-08-11). "The head-hunter who measured Irishmen's skulls" (as en) (RTÉ Brainstorm). 
  7. "Remains of the day: Inside Trinity's Anatomical Museum" (as en) (2018-11-12). 
  8. ccea.org.uk. "Sonraíocht GCSEː Teicneolaíocht agus Dearadh". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-09-25. Dáta rochtana: 2020.