Tacadóir luath leis an breithrialú ab ea Marie Stopes (15 Deireadh Fómhair 1880 - 2 Deireadh Fómhair 1858). Pailae-onteolaí agus sufraigéid ab ea í freisin.[1]

Marie Stopes
Marie Stopes.jpg
Saol
Eolas breithe Dùn Èideann, 15 Deireadh Fómhair 1880
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Bás Dorking, 2 Deireadh Fómhair 1958
Cúis bháis bás nádúrtha (ailse chíche)
Muintir
Athair Henry Stopes
Máthair Charlotte Carmichael Stopes
Céile/Céilí Reginald Ruggles Gates  (Márta 18, 1911 -  1916)
Humphrey Verdon Roe (en) Aistrigh  (Bealtaine 16, 1918 -
Páistí
Oideachas
Alma mater University College London
St George's School (en) Aistrigh
Ollscoil Ludwig Maximilian, München
North London Collegiate School (en) Aistrigh
Leibhéal oideachais Baitsiléir Eolaíochta
céim dochtúireachta
Dochtúir le hEolaíocht
Teangacha An Béarla
Múinteoirí Sophie Bryant
Gairm
Gairm luibheolaí, pailé-ointeolaí, coimeádaí, scríbhneoir, sufraigéid, bitheolaí, gnéaseolaí agus botanical collector (en) Aistrigh
Fostóirí University College London
Victoria University of Manchester (en) Aistrigh  (1904 -  1907)
Saothar iomráiteach Married Love
Duaiseanna
Pósadh sa bhliain 1918 le Humphrey Verdon Roe

BeathaCuir in Eagar

Rugadh Stopes i nDún Éideann ar 15 Deireadh Fómhair 1880, ach d'fhás sí suas i Londain. Bhí clú na fíneáltachta uirthi. Thuill sí céim dochtúra sa phailé-ointeolaíocht sa Choláiste Ollscoile, Londain sa bhliain 1905 agus in aois 25 di.[2] D'oibrigh sí ansin mar pailae-ointeolaí in Ollscoil Manchester.

Phós sí Reginald Ruggles Gates in 1911, agus tugadh neamhniú pósta dí sa bhliain 1914. Bhí Stopes "scafa chun gnéis", nó rómhiangasach, a dúirt Gates. Bhí Gates éagumasach, de réir Stopes.

Bhí leannán aici le linn an Chogaidh Mhóir, Aylmer Maude,[3] "Úna" an leasainm a thug sé ar Stopes.

Phós Stopes arís sa bhliain 1918, fear saibhir darbh ainm Humphrey Verdon Roe agus bhí mac acu in 1924.

Bhí Stopes scanraithe le cé chomh neamhullmhaithe a bhí mná is fir óga ag tosú ar a mbeatha phósta dóibh. Ní raibh oideachas gnéis ar bith sa chéad leath den fhichiú haois.

Foilsíodh an leabhar “Grá an Phósta” nó "Married Love" le Marie Stopes ar  26 Márta 1918. Spreag an leabhar an-chonspóid ag an am. Bhí leabhar sárdhíola aici an bhliain dár gcionn, "Wise Parenthood: a Book for Married People;.

Bhunaigh Stopes a céad chlinic chun breithrialú a chuir ar fáil i Holloway Londain ar an 17 Márta 1921.

 
Spreag Grá an Phósta (1918) an-chonspóid.

Eoiginic agus ciníochasCuir in Eagar

Bhí gnéithe eoiginic agus ciníoch ag baint len obair.[4] Ba bhean í lena linn. Bhí Stopes ag iarraidh lucht den "íseal aicme" a laghdú. Ba maith léi aimridiú éigeantach a chur i bhfeidhm. Ach ní raibh sí i bhfabhar ginmhilleadh ar chor ar bith.

Ní raibh aon cheilt ar an gciníochas ina cuid ráiteas.[5] Scríobh sí filíocht, le claonadh polaitiúil, mar shampla “Catholics, Prussians, the Jews and the Russians, all are a curse, or something worse.”[6] Bhí Stopes i dteagmháil le Adolf Hitler ar feadh tamaill.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. "The secret life of Dr Marie Stopes" (en-GB). BBC News (2010-08-23). Dáta rochtana: 2022-03-26.
  2. "Marie Stopes" (as en) (2022-01-14). Simple English Wikipedia, the free encyclopedia. 
  3. "Aylmer and Louise Maude" (as en) (2021-06-01). Wikipedia. 
  4. keatsbabe (2014-05-06). "Don’t admit weakness to Marie Stopes: Eugenicist, not Feminist" (en). No more wriggling out of writing ....... Dáta rochtana: 2022-03-26.
  5. Marie Stopes: a turbo-Darwinist ranter, but right about birth control - The Guardian 2011
  6. Peter Pugh - Headline Britons 1921-1925