Pailé-ointeolaíocht
Is é pailé-ointeolaíocht (AIF: [pˠalʲeːˌənʲˈtʲoːl̪ˠiːə̯xt̪ˠ, -iːɑ̯xt̪ˠ]) staidéar eolaíoch ar an saol a bhí ar an chruinne roimh thús na haoise Holoicéineaigh. Bíonn staidéar iontaisí cuid an chúrsa; déantar staidéar den sórt sin chun créatúir a rangú agus a gcaidrimh le chéile a scrúdú (pailé-éiceolaíocht is ainm di sin). [1] Cláraíodh barúlacha pailé-ointeolaíochta chomh fada ó shin leis an gcúigiú céad RC. Bunaíodh an staidéar san ochtú céad déag buíochais leis na saothair Georges Cuvier ar anatamaíocht comparáideach, agus d'fhorbair an staidéar go gasta sa naoú céad déag. Déantar an téarma ón Shean-Ghréigis παλαιός ("palaiós", "sean, ársa"), ὄν ("on", (gin. "ontos"), créatúr, neach), agus λόγος ("logos", "caint, machnamh, staidéar").[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Pailé-ointeolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 503.
- ↑ "pailé-ointeolaíocht" (as en) (2022-07-08). Wiktionary, the free dictionary.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |