Dùn Èideann
Is é Dún Éideann[1] (Béarla agus Albainis: Edinburgh; Gaeilge na hAlban: Dùn Èideann[2]) príomhchathair na hAlban, agus an dara cathair is mó. Tá dún ar chnoc ard os cionn an bhaile, áit a bhfuil iarsmalann míleata inniu uirthi.
Dùn Èideann | |||||
---|---|---|---|---|---|
Edinburgh (en) | |||||
Mana | «Nisi Dominus Frustra» | ||||
Leasainm | Athens of the North | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Albain | ||||
Limistéar comhairle in Albain | Comhairle Cathair Dhún Éideann | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 488,050 (2016) | ||||
• Dlús | 1,884.36 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 259 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Uisge Lìte, Abhainn Amain, Uisge For agus Linne Foirthe | ||||
Airde | 47 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 7 haois | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Frank Ross (2017–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | EH1-EH13 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 0131 | ||||
Cód ISO 3166-2 | GB-EDH | ||||
Cód NUTS | UKM25 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | edinburgh.gov.uk | ||||
Tá suíomh an rialtais arís i nDún Éideann ó athbhunaíodh Parlaimint na hAlban le féinrial teoranta a thabhairt don tír. Is é suite i gComhairle Cathair Dhún Éideann .
Stair
cuir in eagarBa é Dún Éideann a príomhchathair i bhfad roimh an Acht Aontais le Sasana i 1707, ach lean neamhspleáchas áirithe in Albain i gcúrsaí dlí agus oideachais go háirithe.
Ceantair
cuir in eagar- Aird a' Mhaolain, Àth na Sglèata
- Baile Áirneach, Baile Grain, Bonnáth Linne, Baile Cholgain, Baile Ghille Mhoire
- Creag an t-Sionnaich, Creag Lìte, Creag Longairt, Creag a' Mhuilleir, Curraich, Cnoc a' Churraich, An Ceann Siar
- Dail Mheinidh, Dail Righ, Druim Bráigh
- Drochaid an Fhuarain
- Inbhir Lìte, Lìte
- Margadh an Fheóir
- Portobello
- Taigh an Ròid, Talla na Creige Nuadh, Toll na Croise
Sráidbhailte
cuir in eagarGeilleagar
cuir in eagarNí mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is daoine gairmiúla iad 43% de mhuintir Dhùn Èideannn,[3] an céatadán is airde sa Ríocht Aontaithe. Ainmníodh Dún Éideann mar an mhórchathair is iomaíche sa Ríocht Aontaithe.[fíoras?]
Sa 19ú haois, bhí clú agus cáil ar gheilleagar Dhùn Èideann mar gheall ar bhaincéireacht, foilsitheoireacht agus grúdaireacht. Sa lá atá inniu ann, tá an geilleagar bunaithe go príomha ar sheirbhísí airgeadais, taighde eolaíoch, ardoideachas agus turasóireacht. I Mí an Mhárta 2010, ba é an leibhéal dífhostaíochta sa chathair ná 3.6%, figiúir atá measartha íseal. Bíonn an leibhéal dífhostaíochta i n Dùn Èideann níos ísle ná an meán náisiúnta i gcónaí, is é sin 4.5%. Is é Dún Éideann an chathair is mó a thugann turasóirí cuairt air sa Ríocht Aontaithe i ndiaidh Londain.
Bunchloch an gheilleagair is ea í an bhaincéireacht ar feadh os cionn 300 bliain, ó bhunaíodh Banc na hAlban (Bank of Scotland) in 1695. Is mar gheall ar an earnáil shéirbhísí airgeadais gurb é Dún Éideann an dara lárionad airgeadais is mó de chuid na Ríochta Aontaithe. D'oscail Royal Bank of Scotland ceanncheathrú idirnáisiúnta nua in iarthar na cathrach i 2005. Chomh maith leis sin, tá ceanncheathrúna eile suite i nDùn Èideann, ar nós Virgin Money, Tesco Bank, TSB Bank agus Sainsburys Bank.
Imríonn turasóireacht tionchar mór ar an gheilleagar sa chathair chomh maith. Mar Láithreán Oidhreachta Domhanda, tugann turasóirí cuairt ar áiteanna ar nós Caisleán Dhùn Èideann, an tSeanbhaile agus an Nuabhaile. Tagann borradh ar leith ar líon na dturasóirí gach bliain i Mí Lúnasa le linn fhéilte Dhùn Èideann. Meallann na féilte sin 4.4 milliún turasóir chuig an chathair agus saothraíonn siad os cionn £100 milliún don gheilleagar áitiúil.
Is é Dùn Èideann lárionad chóras rialtais na hAlban agus de bharr sin, tá ról lárnach ag an earnáil phóiblí i ngeilleagar na cathrach. Tá cuid mhór de ranna rialtais na hAlban suite sa chathair. Fostóirí suntasacha is ea iad NHS agus an rialtais áitiúil.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Dún Éideann” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-18.
- ↑ “Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-04-17.
- ↑ "Working in Edinburgh". edinburgh-inspiringcapital.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 24 Feabhra 2013. Dáta rochtana: 26 Feabhra 2022.
athraigh Cathracha na hAlban | |
---|---|
Obar Dheathain · Dún Déagh · Dún Éideann · Glaschú · Inbhear Nis · Sruighle |