Ríocht na hAlban

ríocht cheannasach stairiúil na hAlban ón 9ú haois agus suas go dtí 1707

Ba stát in iarthuaisceart na hEorpa í Ríocht na hAlban (Rìoghachd na h-Alba), a bunaíodh sa bhliain 843, de réir traidisiún, agus a tháinig isteach le Ríocht Shasana chun Ríocht na Breataine Móire a chur ar bun, sa bhliain 1707.