Ríocht na Breataine Móire

monarcacht in Iarthar na hEorpa idir 1707 agus 1801

Ba Stát ceannasach é Ríocht na Breataine Móire, nó An Bhreatain Mhór, in Iarthar na hEorpa ó 1 Bealtaine, 1707 go dtí 1 Eanáir 1801. Bunaíodh an stát i ndiaidh theacht i bhfeidhm Chonradh an Aontais sa bhliain 1706, agus Achtanna an Aontais 1707, a aontaíodh ríochtaí Sasana agus Albain le Ríocht aonarach a bhunú, ag cuimsiú oileán iomláin na Breataine Móire agus na hoileáin imeallacha mórthimpeall uirthi gan Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht san áireamh. Rialaigh parlaimint Westminster an stáit aonadach. Sna blianta luaidh bhí air an ríocht deileáil le Éirí Amach Seacaibíteach a chríochnaigh nuair a chaill na Stuartaigh ag Blàr Chùil Lodair sa bhliain 1746. Sa bhliain 1763, chuir lámh in uactar sa Chogadh na Seacht mBliana le smacht Impireacht na Breataine ar fud an domhain. Ó na 1750í, d'fhás cumhacht an Ríochta sa Réimeas Briotanach agus roimh Chogadh na Saoirse Meiriceá bhí smahct aici ar mhór chuid mór roinne Mheiriceá. Tháinig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Éireann ina áit ar 1 Eanáir, 1801.