San aiseipteacht, baint gach miocrorgánach chun siúil ó dhromchlaí na colainne (an craiceann, mar shampla) nó créachtaí, agus laghdú na dóchúlachta go dtabharfar miocrorgánaigh isteach ar an othar trí neamhaird nó taisme le linn cóireála. Is annamh a bhaintear an staid idéalach seo amach in obráidí máinliachta, mar shampla, ach déantar gach iarracht le steiriliú an chraicinn, caitheamh lámhainní is gúnaí steirilithe, steiriliú na ndromchlaí, na n-uirlisí, na maipíní is na mbindealán le teas nó ceimiceáin, agus baint an aeir shalaithe amach ón obrádlann.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Steiriliú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 626.