Fealsamh Gearmánach ab ea Friedrich Wilhelm Nietzsche (Röcken-Lützen 15 Deireadh Fómhair 1844 - Weimar 25 Lúnasa 1900). Rinne sé staidéar ar na teangacha clasaiceacha agus ar an diagacht, ach is mar fhealsamh frith-Chríostaí is mó a bhain sé a cháil amach. Coincheap tábhachtach ina fhealsúnacht is ea an Sár-Dhuine (Übermensch), agus mar sin, is minic a chuirtear ina leith go raibh sé ag réiteach an bhealaigh don Naitsíochas.

Friedrich Nietzsche
Nietzsche187a.jpg
ollamh

Saol
Ainm iomlán Friedrich Wilhelm Nietzsche
Eolas breithe Röcken (en) Aistrigh, Deireadh Fómhair 15, 1844
Náisiúntacht an Phrúis
An Ghearmáin
no value
Grúpa eitneach Gearmánaigh
Bás Weimar (en) Aistrigh, Lúnasa 25, 1900
Áit adhlactha Lützen (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (general paresis of the insane (en) Aistrigh)
Muintir
Athair Carl Ludwig Nietzsche
Céile/Céilí Not married
Siblíní
Oideachas
Alma mater Domgymnasium Naumburg (en) Aistrigh
(1854 -
Landesschule Pforta (en) Aistrigh
(Deireadh Fómhair 5, 1858 -
Ollscoil Bonn
(Meán Fómhair 1864 - 1865)
Ollscoil Leipzig
(1865 - 1879)
Leibhéal oideachais dochtúireacht
Stiúrthóir tráchtais Bruno Bauer (en) Aistrigh
Teangacha An Ghearmáinis
Múinteoirí Jacob Burckhardt
Mic léinn Rudolf Steiner
Gairm
Gairm fealsamh, file, scríbhneoir, cumadóir, oideolaí, classical philologist (en) Aistrigh, múinteoir ollscoile, music critic (en) Aistrigh, classical scholar (en) Aistrigh agus údar
Áit oibre Bonn, Leipzig, Basel agus Weimar (en) Aistrigh
Fostóirí Ollscoil Basel  (1869 -  1878)
Saothar iomráiteach Thus Spoke Zarathustra (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthi Arthur Schopenhauer, Heraclitus (en) Aistrigh, Ralph Waldo Emerson, Charles Darwin, Parmenides (en) Aistrigh, Auguste Comte (en) Aistrigh, Blaise Pascal, Richard Strauß, Niccolò Machiavelli, Richard Wagner, Adalbert Stifter, Edgar Allan Poe, Protagoras (en) Aistrigh, Giacomo Leopardi (en) Aistrigh, Paul Bourget (en) Aistrigh, Sextus Empiricus (en) Aistrigh, François de La Rochefoucauld (en) Aistrigh, Hippolyte Taine, Ruđer Josip Bošković (en) Aistrigh, Lev Shestov, Benedictus de Spinoza (en) Aistrigh, Sorastar, Baltasar Gracián, Bernard Mandeville (en) Aistrigh, African Spir (en) Aistrigh, W. B. Yeats, Michel de Montaigne, Democritus, Eipiciúras, Heinrich Heine (en) Aistrigh, Stendhal, Oswald Spengler (en) Aistrigh, Stefan George (en) Aistrigh, Johann Joachim Winckelmann, Georg Christoph Lichtenberg (en) Aistrigh, Johann Wolfgang von Goethe, Paul Tillich (en) Aistrigh, Friedrich Albert Lange (en) Aistrigh, Paul Rée (en) Aistrigh, Jean-Jacques Rousseau, William Shakespeare, Jean-Marie Guyau (en) Aistrigh, Friedrich Hölderlin (en) Aistrigh, Max Scheler (en) Aistrigh, Max Stirner (en) Aistrigh, Mary Wigman (en) Aistrigh, Stefan Zweig, Adam Mickiewicz, Eimpeidicléas, Platón, Arastotail, Gottfried Leibniz, Voltaire, Sócraitéas, Georg Wilhelm Friedrich Hegel (en) Aistrigh, Immanuel Kant, Fyodor Dostoyevsky, ancient Greek philosophy (en) Aistrigh, Dinísias, Alastar Mór, Hóiméar, Iúil Caesar, Aescaileas, Theognis of Megara (en) Aistrigh, Friedrich Wilhelm Ritschl (en) Aistrigh, Lou Andreas-Salomé (en) Aistrigh agus Manu (en) Aistrigh
Gluaiseacht Lebensphilosophie (en) Aistrigh
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí ag An Cogadh Franc-Phrúiseach
Creideamh
Reiligiúin aindiachaí
IMDb nm0631346
Friedrich Nietzsche Signature.svg

SaolCuir in Eagar

Ní raibh Nietzsche ach ceithre bliana fichead d'aois nuair a bhain sé amach ollúnacht le teangacha clasaiceacha in Ollscoil Basel san Eilvéis. D'éirigh sé as an bpost sin i gceann deich mbliana, agus a shláinte ag teip air. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag taisteal ó thír go tír, idir an Eilvéis, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ghearmáin. Ní raibh ann ach scríbhneoir sách anaithnid ag an am. In aois a cheithre bliana is dhá scór buaileadh é le galar tromchúiseach síciatrach, agus b'éigean dó a raibh fágtha dá shaol a chaitheamh faoi chúram a mháthar agus a dheirféar. Faoin am seo bhí aird ag teacht ar a shaothar.

 
Friedrich Nietzsche, 19 bliain d'aois, 1864

Agus é óg, bhí Nietzsche go mór faoi thionchar Arthur Schopenhauer, a bhfuil blas mór duaircis agus éadóchais ar a chuid fealsúnachta. Ina dhiaidh sin, áfach, theastaigh ó Nietzsche duairceas Schopenhauer a chloí agus an saol a fhaomhadh.

Rinne Nietzsche scagadh géar ar an moráltacht, ar an reiligiún, ar an bhfealsúnacht, ar an eolaíocht agus ar an ealaín. Bhí sé míshásta le meon fannlag a aimsire agus b'fhearr leis meon na Sean-Ghréige. D'ionsaigh sé moráltacht agus meitifisic na Críostaíochta agus chuir sé amhras i nóisean na fírinne; dá bhrí sin chuir sé in iúl roimh ré gach a mbeadh le rá ag fealsúnacht an nua-aoiseachais agus an iarnua-aoiseachais. Inniu féin, is ábhar díospóireachta iad an Toil chun Cumhachta, an Sár-Dhuine agus an Filleadh Síoraí, coincheapanna a chuir Nietzsche os ár gcomhair den chéad uair.

Tá tionchar Nietzsche le mothú go mór lasmuigh den fhealsúnacht, agus is iomaí ciall a baineadh as a shaothar i rith na mblianta. Dearctar air freisin mar dhuine de scríbhneoirí móra na Gearmáinise, ó bhí stíl shnoite ghreanta aige, beag beann ar an ábhar.

Tréithe Ginearálta a Shaothair agus a MhachnaimhCuir in Eagar

 
Friedrich Nietzsche agus a mháthair

Chuir Nietzsche roimhe dul amach ar conas an duine a uaisliú. B’éigean, mar sin, prionsabail na huaisleachta a chinntiú mar fhadhb chultúir. Chuir sé an mian sin in iúl ar shlite difriúla: meitifisic an ealaíontóra, staidéar stairiúil ar na mothúcháin agus ar shamhlaithe morálta, agus an eiseadh tragóideach a dhearbhú trí nóisin Thoil na Cumhachta, an tSíor-Fhillte agus an tSár-Dhuine.

Tá iarraidh déanta ar mhachnamh Nietzsche a eagrú de réir tréimhsí, ach is deacair fás an mhachnaimh sin a thuiscint, go hairithe de bharr na feidhme a bhain sé as na natháin agus iad roinnte de réir téamaí.

B’fhearr leis gan trácht a dhéanamh de réir oird agus eagair, mar shíl sé go raibh an machnamh ag fás uaidh féin i gcónaí agus go raibh spontáineacht éigin ag baint leis na natháin úd. Ní raibh fonn air ach oiread freastal ar lucht mearléitheoireachta nach gcuirfeadh de dhua orthu féin athmhachnamh a dhéanamh ar ar léigh siad. Mar sin féin, scríobh sé a leabhair dheireanacha go slachtmhar chun go dtuigfí gan dua é.

 
Nietzsche, 1882 (le Gustav Schultze)

Toil na CumhachtaCuir in Eagar

Ba í an aidhm a bhí ag Nietzsche bonn a bhaint ó na fealsúnachtaí a bhí ann cheana agus amhras a chur sna prionsabail a luaimid leis an bFhírinne, leis an Maith agus leis an Eiseadh Daonna.

D'fhiafraigh Nietzsche cén prionsabal ba dhual do dhearcadh áirithe. Cén prionsabal, a dúirt sé, a bhaineann le prionsabal na fírinne féin? Ba mhian leis a fháil amach cén bunús a bhí leis an ceisteanna úd agus arbh fhéidir míniú úr a dhéanamh orthu. Ní ceart a rá, mar sin, gurbh fháidh é agus Toil na Cumhachta mar fháistine aige. Ba dhóigh leis go raibh fealsúnachtaí níos saoire á bhfógairt aige faoi phrionsabail mhorálta agus mheitifisiceacha araon.

I gcoitinne, déanann an frása Toil na Cumhachta tagairt do cháilíocht ginearálta a bhaineann le teacht ar an saol: ní féidir le haon réaltacht fanacht laistigh dá teorainn féin.

 
„Der kranke Nietzsche“ le Hans Olde, 1899

Is ionann toil chun cumhachta a bheith agat agus gan a bheith comhionann leat féin riamh; caithfidh tú dul lastall díot féin. Ach ní féidir gluaiseacht chun cinn mar sin mura samhlaítear an chumhacht mar riachtanas sealbhaithe, mar bhua a fhaightear ar rud atá ag cur i do choinne: téann an Toil úd i neart, mar sin, i mbun an angair, nó tugann sí iarracht ar í féin a chur i bhfeidhm ar dhóigh eile. Mar a deir Nietzsche: Is ionann a bheith ann agus treisiú.

Is amhlaidh nach mbíonn fonn ar an toil cumhacht a bhaint amach mar chuspoir ann féin, ach go dteastaíonn uaithi a cumhacht féin a dhearbhú. Seo bunús dearcaidh nua, i dtreo gur féidir na prionsabail idéalacha Phlatónach-Críostaí a chealú agus cur in aghaidh na staire mar a tháinig sí chun cinn faoi anáil Phlatóin.

LeabhairCuir in Eagar

  •  
    Tragóid
    Magnus and Higgins, "Nietzsche's works and their themes", in The Cambridge Companion to Nietzsche, Magnus and Higgins (eag.), University of Cambridge Press, 1996, lgh 21–58. ISBN 0-521-36767-0
  • Seung, T.K., Nietzsche's Epic of the Soul: Thus Spoke Zarathustra. Lanham, MD: Lexington Books, 2005. ISBN 0-7391-1130-2
  • Nietzsche, Lettres choisies, litreacha a d'aistrigh Alexandre Vialatte go Fraincis, Gallimard, 1937. 147 litir ó lámh Nietzsche.
  • Friedrich Nietzsche, Correspondance: Giorgio Colli agus Mazzino Montinari a roghnaigh na litreacha, Henri-Alexis Baatsch, Jean Bréjoux agus Maurice de Gandillac a d'aistrigh. Gallimard. Cúig imleabhar; tháinig trí cinn amach.
 
Síniú

Naisc SheachtrachaCuir in Eagar

  • Brian Leiter's Nietzsche Blog: Díospóireacht faoi Nietzsche agus faoina bhfuil ar siúl i léann Nietzsche: blag le Brian Leiter (University of Chicago).