Ba rí ar ríocht sean-Ghréigeach na Macadóine é Alastar III na Macadóine (Gréigis: Αλέξανδρος Γʹ ὁ Μακεδών, Aléxandros III ho Makedȏn; 20/21 Iúil 356 RC – 10/11 Meitheamh 323 RC), ar a dtugtar freisin Alastar Mór (Gréigis: Ἀλέξανδρος ὁ Μέγας, Aléxandros ho Mégas). Ba mhac le Pilib II agus comharba air é. Tháinig sé i gcoróin nuair a bhí sé 20 sa bhliain 336 RCR agus bhí sé i mbun feachtas míleata ar fud an Iarthair na hÁise agus na hÉigipte ar feadh an chuid is mó de réimis.

Alastar Mór
Alexander and Bucephalus - Battle of Issus mosaic - Museo Archeologico Nazionale - Naples BW.jpg
Faró

330 "RCh" - 323 "RCh"
Dáirias III - Alexandros IV of Macedon (en) Aistrigh, Pilib III na Macadóine
rí na Macadóine

336 "RCh" - 323 "RCh"
Pilib II na Macadóine - Alexandros IV of Macedon (en) Aistrigh, Pilib III na Macadóine
Saol
Eolas breithePella (en) Aistrigh, 20 Iúil 356 BC
NáisiúntachtAn Mhacadóin
BásAn Bhablóin, 10 Meitheamh 323 BC
Áit adhlacthaCathair Alastair
Cúis bháisbás nádúrtha (fiabhras tíofóideach)
Muintir
AthairPilib II na Macadóine
MáthairOlympias
Céile/CéilíParysatis II (en) Aistrigh  (324 "RCh" -  323 "RCh")
Stateira (en) Aistrigh  (324 "RCh" -  323 "RCh")
Roxana (en) Aistrigh  (328 "RCh" -  323 "RCh")
Páirtí/PáirtitheBarsine (en) Aistrigh
Campaspe (en) Aistrigh
Euxenippus (en) Aistrigh
Bagoas (en) Aistrigh
Hephaestion (en) Aistrigh
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
Teaghlach
TreibhArgead dynasty (en) Aistrigh
Oideachas
TeangachaAn tSean-Ghréigis
MúinteoiríArastotail
Anaximenes of Lampsacus (en) Aistrigh
Gairm
Gairmpolaiteoir, ceannaire míleata agus monarc
Daoine le tionchar air/uirthiArastotail
Seirbhís mhíleata
Céimardcheannasaí
Throid sé/sí agWars of Alexander the Great (en) Aistrigh
Cleamhnú
Reiligiúincreideamh sa tSean-Ghréig
Miotaseolaíocht na Gréige

Tar éis dó an choróin a bhaint amach, thosaigh sé feachtas in aghaidh na bPeirseach sa bhliain 334 RCR a mhair aon bhliain déag. Bhunaigh sé an Domhan Heilléanaíoch, an tréimhse inar leath cultúr agus tionchar na nGréagach ar fud an domhain chlasaicigh. Ceann de na h-impireachtaí ba mhó a bhí ann riamh ab ea impireacht Alastair. Ghabh Alastar smacht ar an Éigipt, chloígh sé na Peirsigh i gcath Gaugamela agus bhain coróin na Peirse amach. Lean sé ar aghaidh go dtí an India. Fuair sé bás agus é ina fhear óg sa bhliain 323.[1]

TagairtíCuir in Eagar