Aleksandr Herzen
Scríbhneoir agus réabhlóidí Rúiseach sa naoú haois déag ab ea Aleksandr Ivanovich Herzen, nó Gertsen (Rúisis: Алекса́ндр Ива́нович Ге́рцен). Saolaíodh ar an séú lá de Mhí Aibreán 1812 i Moscó é, agus fuair sé bás ar an aonú lá fichead de Mhí Eanáir 1870 i bPáras. Glactar leis gurbh eisean a thug an chéad spreagadh intleachtúil don tSóisialachas sa Rúis, agus gurbh é a thionchar indíreach ba chúis leis gur saoradh seirfigh na Rúise ó bhráca sa bhliain 1861. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol ar deoraíocht, go háirithe i Sasana, agus é ag foilsiú na hirise Kolokol ("An Clog"). Ar a dhírbheathaisnéis is fearr a aithníonn lucht léite na Rúisise inniu é, áfach. Chuir sé imeachtaí a shaoil chorraigh i míotar i dtrí imleabhar móra faoin teideal Былое и думы/Byloye i dumy, is é sin, "Cuimhní cinn agus smaointe", a áirítear ar chlasaicigh na teanga, agus í ar an dírbheathaisnéis is tábhachtaí i stair liteartha na Rúise.
Aleksandr Herzen | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Александр Иванович Герцен |
Eolas breithe | Moscó, 25 Márta 1812 (sa féilire Iúil), 6 Aibreán 1812, 1812 |
Náisiúntacht | Impireacht na Rúise An Eilvéis |
Teanga dhúchais | An Rúisis |
Bás | Páras, 9 Eanáir 1870 (sa féilire Iúil), 21 Eanáir 1870, 1870 |
Áit adhlactha | Cimetière du Château (en) ![]() Reilig Père-Lachaise |
Cúis bháis | bás nádúrtha (niúmóine) |
Muintir | |
Athair | Ivan Yakovlev |
Céile/Céilí | Natalya Zakharyina (en) ![]() |
Páistí | liosta iomláin |
Teaghlach | liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater | Faculty of Physics and Mathematics of Moscow Imperial University (en) ![]() |
Teangacha | An Rúisis |
Gairm | |
Gairm | fealsamh, scríbhneoir, iriseoir, dírbheathaisnéisí, léirmheastóir liteartha, scríbhneoir próis, iriseoir tuairime, oideolaí, polaiteoir, múinteoir agus réabhlóidí |
Sloinnte | Iskander |
Gluaiseacht ealaíne | prós opinion journalism (en) ![]() léirmheastóireacht liteartha |
IMDb | nm0381260 |
![]() |
TagairtíCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |