Is fealsúnacht pholaitiúil é an sóisialachas. Creideann sóisialaithe gur cheart don tsochaí go léir an eacnamaíocht a stiúradh go díreach trí na hoibrithe nó go hindíreach tríd an rialtas. Tá easaontas go minic idir sóisialaithe maidir le cineál an tsóisialachais atá le cur i bhfeidhm, mar shampla an daonlathas sóisialta agus Marxachas-Leiníneachas.

Bosca Sonraí EagraíochtaSóisialachas
Sonraí
Cineálidé-eolaíocht pholaitiúil
social formation (en) Aistrigh
córas eacnamaíochta
gluaiseacht shóisialta Cuir in eagar ar Wikidata

Tá barúlacha difriúla ann maidir le cad é is ciall leis an sóisialachas. Creideann a lán sóisialaithe gur cheart do thionscail mhóra a bheith i lámha an rialtais. Creideann daoine eile gur cheart do chomhlachtaí a bheith i lámha na n-oibrithe. Dar le daoine eile ba cheart don phobal a bheith ionann faoi chaipitleachas leasaithe.

Síleann bunús na ndaoine a chuireann "sóisialaithe" orthu féin nach córas daonlathach atá sa chaipitleachas. Molann siad sórt "daonlathas an phobail" ina gcinneann na hoibrithe cad a tháirgtear agus conas é a dháileadh. Is minic go n-áitíonn criticeoirí an tsóisialachais gur deachtóireachtaí brúidiúla atá i roinnt tíortha atá 'sóisialach' agus gur maraítear a lán daoine iontu, agus gur cheart córas sóisialach a sheachaint dá bharr sin. Freagraíonn bunús na sóisialaithe nach raibh na deachtóireachtaí seo sóisialach go fíreannach nó gur chuir siad polasaithe sóisialacha i bhfeidhm ar dhrochbhealach.

In Éirinn tá: Páirtí na nOibrithe Sóisialacha [1], An Páirtí Sóisialach [2], agus Páirtí na nOibrithe

Tagairtí cuir in eagar

  1. http://www.swp.ie
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-06-14. Dáta rochtana: 2008-01-30.