Rabharta

páirtí éicea-shóisialach Éireannach

 

Bosca Sonraí EagraíochtaRabharta
An Rabharta Glas

Mana"Comhshaol agus Comhionannas"
Sonraí
CineálPáirtí polaitíochta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaglas, sóisialach
Ailíniú polaitíochtaeite chlé
an eite fhíorchlé
polaitíocht ghlas Cuir in eagar ar Wikidata
Tír bhunaidhÉire
Stair
Dáta a bunaíodh5ú Meitheamh 2021
Bunaitheoir(í)Lorna Bogue, Liam Sinclair, srl.
Rialachas corparáideach
Stiúrthóir/bainisteoirLorna Bogue
Duine ábharthaBarry O'Donovan, John Paul Murphy, Laura Keyes, Liam Sinclair

Suíomh gréasáinrabharta.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: rabhartaparty X: rabhartaparty Mastodon: AnRabhartaGlas@mastodon.ie Instagram: rabhartaparty Threads: rabhartaparty Youtube: UCN4fAvdRIvibmzcBZfCJx4A TikTok: rabhartaparty GitHub: Rabharta Cuir in eagar ar Wikidata

Is mionpháirtí polaitíochta Éireannach é Rabharta[1][2][3][4] (nó An Rabharta Glas – An Chlé Ghlas mar a bhí roimhe seo),[5] a sheol iarbhaill den Chomhaontas Glas ar an 5ú Meitheamh 2021. Déantar cur síos orthu mar "éicea-shóisialaithe".[6] In Olltoghchán 2024 tá siad ag seasamh iarrthóirí i gCorcaigh, i mBÁC, agus sa Chlár.[7][8][9]

Idé-eolaíocht agus polasaithe

cuir in eagar

Is páirtí glas den eite chlé é Rabharta,[3] a thugann "éicea-shóisialaigh" orthu féin. Is é a ráiteas misin ná “an córas polaitiúil a athchruthú ionas go bhfreastalaíonn sé ar dhaoine agus ar nádúr, ní ar bhrabús agus ar eastóscadh”.[6] Tá sé ráite ag an bpáirtí go bhfuil siad i bhfabhar idirghabháil stáit sa gheilleagar chun cosaint a thabhairt i gcoinne “leasanna dílsithe”.[3] Maidir le táirgeadh bia, tá sé amuigh ar an bpáirtí go bhfuil siad i bhfabhar "díchorprú" agus dícharbónú.[3]

Deir ceannaire an pháirtí go bhfuil rialú cíosa ina dlúthchuid de pholasaí an pháirtí.[10]

Dúradh ag agóid ag Aerfort na Sionainne in 2024 gur chóir "Stát Iosrael a leithlisiú ar fad agus go gcuirfí smachtbhannaí i bhfeidhm láithreach."[11]

Is é is ciall le "rabharta" ná

"an taoide a tharlaíos leis an nua-ré is an lán-ré nuair is sia óna chéile rian lán mara is rian lag trá;

raidhse, iomad, flúirse, fleá;

fionnach, buile mhór."[12][13]

Bhíothas ag caint faoi "rabharta glas" maidir le hOlltoghchán 2020 tar éis agóidíocht Ghreta Thunberg agus an práinn a bhaineann leis an gcliseadh aeráide.[14]

 
Lorna Bogue, ceannaire an pháirtí

Seoladh an páirtí ar an 5ú Meitheamh 2021 mar ‘An Rabharta Glas – Green Left’. Is iad iarchomhaltaí den Chomhaontas Glas a bhunaigh é, tar éis dóibh éirigh as mar agóid mar gheall ar cheisteanna áirithe in 2020 agus 2021, lena n-áirítear láimhseáil Roderic O’Gorman ar thuarascáil an Choimisiúin Imscrúdaithe um Thithe Máithreacha agus Leanbh mar Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Comhtháthú agus an Óige, agus easaontas faoin gclár rialtais.[6]

Tuairiscíodh go raibh tuairim is 30 ball acu in am a seolta,[6] agus toghadh Lorna Bogue mar cheannaire páirtí ag céad cruinniú cinn bhliana an pháirtí.

Ionadaithe tofa

cuir in eagar

Ag an seoladh, bhí beirt chomhairleoirí acu, a toghadh roimhe sin mar chomhaltaí den Chomhaontas Glas — Lorna Bogue ar Chomhairle Cathrach Chorcaí, agus Liam Sinclair, ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas. I Meitheamh 2024, ní raibh aon ionadaíocht tofa acu.

I mí na Bealtaine 2023, d’fhógair Bogue go mbeadh sí ag rith i dtoghchán Pharlaimint na hEorpa 2024 mar iarrthóir an pháirtí i ndáilcheantar an Deiscirt.

I mí na Samhna 2023, d’éirigh Liam Sinclair, comhairleoir de chuid an pháirtí ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, as a shuíochán mar gheall ar chúinsí fostaíochta.[15] Laghdaigh sé seo ionadaíocht an pháirtí ar rialtas áitiúil go suíochán amháin mar go raibh an ceart ag an gComhaontas Glas ionadaí a ainmniú in áit Shinclair, toisc gur mar iarrthóir de chuid an Chomhaontais Ghlais a toghadh é an chéad lá.[16]

Toghcháin áitiúla, méarachta agus Eorpacha 2024

cuir in eagar

I mí Aibreáin 2024, bheartaigh an Coimisiún Toghcháin Rabharta a chlárú mar pháirtí chun dul san iomaíocht i dtoghcháin áitiúla ar fud na dtoghchán stáit agus Pharlaimint na hEorpa sna toghcheantair Baile Átha Cliath agus An Deisceart. Bhí an cinneadh seo faoi réir tréimhse achomhairc 21 lá áfach, agus ní raibh sé i bhfeidhm roimh na toghcháin áitiúla, Eorpacha, agus méarachta do Luimneach i Meitheamh 2024, agus bhí ar na hiarrthóirí rith mar neamhspleáigh.[5]

I mí an Mheithimh 2024, chuaigh rogha iarrthóirí san iomaíocht ar son an pháirtí sna toghcháin áitiúla, sna toghcháin Eorpacha agus i dtoghchán méarachta Luimnigh.[1][17][18] Níor atoghadh Bogue chuig Comhairle Cathrach Chorcaí agus cuireadh as an áireamh í sa naoú comhaireamh sna toghcháin Eorpacha d’Éirinn Theas.[19][20] Toisc nár éirigh le haon duine d’iarrthóirí Rabharta, fágadh an páirtí gan aon ionadaíocht tofa.

Olltoghchán 2024

cuir in eagar

Tá triúr iarrthóirí ón pháirtí ag seasamh in olltoghchán 2024:

Torthaí toghcháin

cuir in eagar

Pharlaimint na hEorpa

cuir in eagar
Toghchán Ceannaire Vótaí
Céadrogha
% Suíocháin +/− Grúpa EP
2024 Lorna Bogue 11,302 0.65 (#13)
0 / 14
Nua

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Jacques (27 April 2024). “Rabharta mayoral candidate says DEM ad campaign 'making a mockery of people's agency'”. Limerick Post. Dáta rochtana: 29 April 2024.
  2. Spencer (26 April 2024). “Killian Mangan Running For Tramore – West Waterford City In Local Elections”. Waterford News & Star. Dáta rochtana: 29 April 2024.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Stephen McNeice (8 Meitheamh 2021). "Lorna Bogue on new eco-socialist party: 'We have a very specific aim - to transform the State'". Newstalk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 June 2021.
  4. Rabharta”. teanglann.ie. Dáta rochtana: 9 June 2021.
  5. 5.0 5.1 Changes to Register of Political Parties See New Party Proposed and Name/Emblem Changes for Another”. Electoral Commission (12 April 2024). Dáta rochtana: 21 April 2024.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 Gabija Gataveckaite (1 Meitheamh 2021). "Former members of Green Party to launch ‘eco-socialist’ group this weekend". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 June 2021.
  7. 7.0 7.1 Sandra Hurley (21 Samhain 2024). "Constituency Profile | Cork South-Central".
  8. 8.0 8.1 Paul Cunningham (25 Samhain 2024). "Constituency Profile | Dublin South-Central".
  9. 9.0 9.1 Páraic McMahon (2024-11-16). "'If there's no one you're inspired to vote then go yourself' - O'Donovan is last addition to ballot paper in Clare" (en). Clare Echo. Dáta rochtana: 2024-11-25.
  10. Fri, 22 Nov, 2024 - 08:35 (2024-11-22). "General Election 2024: Coveney and McGrath out of Cork South Central, who will be in?" (en). echo live. Dáta rochtana: 2024-11-26.
  11. "'Baol go bhfuil an Rialtas ag cur le anó Gaza'-Shannonwatch" (2024-04-14). 
  12. rabharta: f.4. an taoide a thárluigheas leis an nuadh-ré is an lán-ré nuair is sia ó n-a chéile rian lán mara is rian lag trágha; raidhse, iomad, flúirse, fleadh; fionnach, buile mhór.
  13. Seán Óg Mac Murchadha Caomhánach (1942). "Croidhe Cainnte Chiarraighe": Lch 2744, s.v. 'rabharta'. 
  14. Máirín Ní Ghadhra srl. (2020-02-07). "TOGHCHÁN 2020: Cogar i gcluas na saineolaithe – inis dúinn arís cá rachaidh an 160 suíochán sin?". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-25.
  15. Mike Finnerty (01 Samhain 2023). "Sinclair resigns from council".
  16. Mike Finnerty (12 Nollaig 2023). "Mulhall takes seat on council".
  17. Rabbitts (21 March 2024). “New candidate in race to become Limerick's first directly elected mayor”. Limerick Leader. Dáta rochtana: 21 April 2024.
  18. Jacques (10 February 2024). “New candidate for Limerick City East in upcoming elections”. Limerick Post. Dáta rochtana: 21 April 2024.
  19. Eoin English (10 Meitheamh 2024). "Labour's young bloods win three seats on Cork City Council". Irish Examiner.
  20. Counting resumes in Ireland South and Midlands-North-West”. rte.ie (12 June 2024). Dáta rochtana: 12 June 2024.